Clabhsúr curtha ar chuairt dhá lá Trump le gealltanas go gcuirfidh sé deireadh le taraifí ar uisce beatha na hÉireann

Chuir Uachtarán Stáit Aontaothe Mheiriceá alltacht ar go leor nuair a dúirt sé gur bhreá leis Éire Aontaithe a fheiceáil agus gur cheap sé féin go dtarlódh a leithéid go luath

Clabhsúr curtha ar chuairt dhá lá Trump le gealltanas go gcuirfidh sé deireadh le taraifí ar uisce beatha na hÉireann

Dúirt Donald Trump arís inné gur mhaith leis Éire Aontaithe a fheiceáil.

Dúirt Trump go raibh go leor daoine ar aon intinn leis faoina léamh ar aontú na hÉireann.

Dhein Trump beag is fiú de dhearcadh phríomh-aire na Breataine Andy Burnham a dúirt nach bhfuil sé ar son reifreann a bheith ann.

“Deireann gach duine é sin. Ansin tarlaíonn rudaí,” arsa Trump.

Sular tháinig deireadh lena chuairt oifigiúil ar Éirinn tráthnóna inné d’fhógair Trump ag Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann, a bhí ar siúl ar chúrsa sa Dún Beag i gcontae an Chláir, go raibh sé chun deireadh a chur leis na taraifí a ghearrann Stáit Aontaithe Mheiriceá ar uisce beatha na hÉireann

Bhronn Trump trófaí Chraobhchomórtas Oscailte na hÉireann ar Shane Lowry a raibh bua iontach aige sa chomórtas agus é 11 buille chun cinn ag an deireadh.

Dúirt Trump gur cheap sé féin go raibh athaontú na tíre ar cheann de na rudaí ba “nádúrtha” a d’fhéadfadh tarlú.

Chuir Trump alltacht ar go leor nuair a dúirt sé Dé Sathairn gur bhreá leis Éire Aontaithe a fheiceáil agus gur cheap sé féin go dtarlódh a leithéid go luath.

Donald Trump le Shane Lowry. Pictiúr: ©INPHO/Ben Brady

Dúirt an Taoiseach Michéal Martin go raibh daoine ag dul thar fóir faoi chaint Trump. Dúirt Martin nach raibh ann ach go bhfeictear do Trump go bhfuil “loighic” ag baint le haontú na tíre.

“Bíonn a léamh féin aige ar chúrsaí. Tuigimid sin. Dar liom, má bhíonn meon sochair ag daoine faoi chúrsaí, feicfimid linn,” arsa an Taoiseach Micheál Martin.

Chuir Sinn Féin fáilte roimh ráitis Trump ach cháin páirtithe aontachtacha sa Tuaisceart agus na Tóraithe a chuid cainte. Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh caint Trump “tráthúil”.

Tá ceannairí Shinn Féin, Plaid Cymru na Breataine Bige agus an SNP, páirtí náisiúnach na hAlban ag bualadh le chéile in Caerdyyd, áit a phléifear conas is féidir leis na páirtithe tacú lena chéile maidir le na ceisteanna bunreachtúla.

Cuireadh tús le cuairt oifigiúil Trump Dé Sathairn nuair a bhuail sé leis an Uachtarán Catherine Connolly in Áras an Uachtarán. Bhuail sé ina dhiaidh sin leis an Taoiseach Micheál Martin sular thug sé aghaidh ar chontae an Chláir don chraobhchomórtas ar a chúrsa gailf.

Fág freagra ar 'Clabhsúr curtha ar chuairt dhá lá Trump le gealltanas go gcuirfidh sé deireadh le taraifí ar uisce beatha na hÉireann'