‘Bolsonaro Óg’ chun cinn i gcéad bhabhta thoghchán uachtaránachta na Brasaíle

D’ainneoin gurbh é iarrthóir na heite clé agus uachtarán reatha na Brasaíle, Lula, a bhí chun cinn sna pobalbhreitheanna, ba ag iarrthóir na heite fíordheise, Flávio Bolsonaro, a bhí an lá i gcéad bhabhta an toghcháin uachtaránachta

‘Bolsonaro Óg’ chun cinn i gcéad bhabhta thoghchán uachtaránachta na Brasaíle

Ag iarrthóir na heite fíordheise, Flávio Bolsonaro – mac an iar-uachtaráin chonspóidigh Jair Bolsonaro – a bhí an bua sa chéad bhabhta de thoghchán uachtaránachta na Brasaíle inné, Dé Domhnaigh.

Bhí rud beag le cois 47% de na vótaí ag Bolsonaro Óg agus bhí rud beag le cois 45 faoin gcéad ag iarrthóir na heite clé, Luiz Inácio da Silva (Lula, mar is fearr aithne air), atá ina uachtarán ar an mBrasaíl ó 2023 i leith agus a bhí i gceannas ar an tír cheana idir 2003 agus 2011.

Níor ghnóthaigh gach duine den naonúr iarrthóirí eile ach oiread na fríde de na vótaí.

Ach toisc nár éirigh le haon iarrthóir bua 50 faoin gcéad + 1 de na vótaí a bhaint amach inné beidh gá leis an dara babhta vótála i gceann trí seachtaine. Beidh vóta réitigh idir Flávio Bolsonaro agus Lula ar an 25 Deireadh Fómhair.

Tá sé ráite ag Flávio Bolsonaro go mbeidh a athair Jair lena thaobh ar an 1 Eanáir 2027, lá an insealbhaithe, más aige (Bolsonaro Óg) a mbeidh an bua sa dara babhta.

Tá sean-Bolsonaro, a bhí ina uachtarán ar an mBrasaíl idir 2019 agus 2022, gafa ó anuraidh maidir le hiarracht Lula a chur as cumhacht nuair a tháinig sé sin i gcomharbacht air in 2023, ach deir Flávio go dtabharfadh sé pardún dá athair a dhá luaithe agus a bheadh sé féin ina uachtarán.

Ós rud é go raibh Lula rud beag chun cinn ar Flávio Bolsonaró sna pobalbhreitheanna le míonna anuas, ba bheag nár chuir mé tús leis an alt seo leis an bhfrása ‘gan choinne’. Ach déanta na fírinne ní raibh pioc ionadh orm maidir leis an toradh sa chéad bhabhta vótála, inné.

Rud amháin a d’fhoghlaim mé le linn na 16 bliana go raibh cónaí orm sa Bhrasaíl ná nach féidir brath ar na pobalbhreitheanna.

N’fheadar an amhlaidh go mbíonn drogall ar vótóirí na heite deise a bheith ionraic faoina rogha, an amhlaidh go bhfuil fadhb bhunúsach le cur chuige na gcomhlachtaí éagsúla a bhíonn i mbun na bpobalbhreitheanna, nó – seo a mhaíonn lucht tacaíochta na heite deise – an amhlaidh go ’gceannaítear’ na torthaí, ach bíonn vóta na heite deise i gcónaí níos airde ná mar a bhíonn á thuar. Rud, dála an scéil, a tharlaíonn i bpobalbhreitheanna san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh sách minic freisin.

‘Tá athrú ag teastáil ón mBrasaíl’ an mana a bhí ag Flávio Bolsonaro inné nuair a d’fhógair an t-údarás toghchánaíochta (TSE) gur aige a bhí an sciar is mó de na vótaí sa chéad bhabhta inné.

Tá cuid mhór den cheart aige. Nuair a bhí mé sa Bhrasaíl go deireanach 10 mí ó shin, ní hamháin go raibh ardú mór millteach ar phraghsanna an bhia agus ar tháillí na gcóras iompair phoiblí, ach i ndonas a bhí cúrsaí sábháilteachta tar éis dul freisin, níos mó scéine fós ná mar a bhí roimhe seo ar dhaoine go robálfaí iad nó go mbuailfeadh piléar fánach iad, agus a ngreim ar cheantair bhochta na gcathracha móra á dhaingniú ag buíonta drugaí éagsúla agus ag buíonta paraimíleatacha (‘na mílistigh’) a mhaíonn go bhfuil cath á chur acu ar na buíonta drugaí.

Bhí na praghsanna ag dul suas cheana agus ní raibh cúrsaí sábháilteachta thar mholadh beirte ach oiread nuair a bhí athair Flávio Bolsonaro, Jair, i gcumhacht idir 2019 agus 2022 agus go deimhin rinne sean-Bolsonaro praiseach den chath i gcoinne an ghalair COVID.

Ach luíonn sé le réasún gur ar an uachtarán reatha a chuirfí an milleán faoi fhadhbanna na tíre, cuma gurb ann dóibh le fada an lá.

Déanta na fírinne is í an fhadhb is mó atá ag an eite chlé sa Bhrasaíl ná gurb í a bhí i gcumhacht, faoi cheannas Lula agus Dilma Rousseff, ó 2003 i leith – an tréimhse idir 2016, nuair a táinsíodh Rousseff, agus 2023, nuair a bhain Lula a thríú tréimhse mar uachtarán amach, as an áireamh.

I bhfocail eile, is ionann Lula (80) agus an chumhacht sheanbhunaithe agus, dá seanfhaiseanta a chuid dearcthaí fíorchoimeádacha, tá úire na hóige ag baint le Flávio Bolsonaro (45).

‘Táimid san am breise agus níl an cluiche ach ag tosú,’ a dúirt Lula aréir nuair ba léir nach é a bhí chun cinn sa chéad bhabhta vótála.

Is fíor go ngnóthaíonn Lula níos fearr nuair a bhíonn an chuma ar an scéal gurb é atá in íochtar, ach beidh jab deacair aige as seo go ceann trí seachtaine agus iarracht á déanamh aige a chur ina luí ar mhuintir na Brasaíle gur fearr an ceathrú tréimhse uachtaránachta a bhronnadh ar fhear a bheadh 81 bliain d’aois lá an insealbhaithe ná muinín a chur i bpobalóir óg a gheallann ‘athrú’.

Tá tuar dóchais do Lula áfach i líon ollmhór na ndaoine nár chaith vóta nó a mhill a vóta sa chéad bhabhta. D’ainneoin go bhfuil dualgas ar chuile Bhrasaíleach idir 18 agus 70 bliain d’aois vótáil sna toghcháin, níor bhac breis agus 21 faoin gcéad de na vótóirí vóta a chaitheamh inné. Lena chois sin, mhill nach mór 5 faoin gcéad de na daoine a chaith vóta inné a vóta.

Curtha le chéile, is ionann sin agus 1 as gach 4 acu siúd atá i dteideal vóta, agus déanfaidh Lula a mhíle dícheall idir seo agus an 25 Deireadh Fómhair na daoine sin a mhealladh in iarracht amháin eile an eite fhíordheis a choinneáil amach.

Fág freagra ar '‘Bolsonaro Óg’ chun cinn i gcéad bhabhta thoghchán uachtaránachta na Brasaíle'