Bhí caidreamh níos dlúithe le Ceanada, forbairt na hintleachta saorga ar bhealach sábháilte, agus “neamhspleáchas” an Aontais Eorpaigh ó chumhachtaí móra eile an domhain, agus an t-athrú aeráide i measc na bpríomhthéamaí in aitheasc Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh Ursula von der Leyen.
Bhí príomhaire Cheanada Mark Carney i láthair i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg ar maidin nuair a thug von der Leyen le fios go mbeadh an tAontas Eorpach ag “bogadh” ón gcomhaontú trádála a aontaíodh le Ceanada in 2016, CETA, go “Comhghuaillíocht don Todhchaí chun spás coiteann rathúnais agus slándála eacnamaíche” a chruthú.
“Feicimid an domhan leis na súile céanna: idir an intleacht shaorga agus an t-athrú aeráide, idir an tArtach agus an gheopholaitíocht. Agus sheasamar an fód le chéile: maidir leis an Úcráin, leis an gcosaint, le hamhábhair agus le slabhraí soláthair. Ach thar aon ní eile, a Mark, a chara, creideann an Eoraip agus Ceanada sa daonlathas.
“Creidimid nach leis na daoine is láidre, is saibhre ná is glóraí atá an chumhacht – ach le gach duine againn. Go bhfuil sé de shaoirse ag daonlathaithe a roghnú cé leis a n-oibreoidh siad,” a dúirt von der Leyen le Carney.
Gheall an tUachtarán go mbunódh an tAontas Eorpach agus Ceanada “comhghuaillíocht” ó thaobh na teicneolaíochta agus na slándála tionsclaíochta cosanta” le chéile.
Dúirt sí gur mhaith léi oibriú le Carney agus “an doras a oscailt do Cheanada chun a bheith ina chéad bhall comhlach den Aontas [Eorpach]”.
“Beidh an tArtach ina thionscadal suaitheanta comhpháirteach againn. Oibreoimid ar fhuinneamh, mianraí criticiúla agus ceallraí. Ar an intleacht shaorga, an chibearshlándáil agus an tslándáil eacnamaíoch.
“Ní i gcoinne aon duine eile atá an chomhpháirtíocht seo, ach ar mhaithe lenár neart coiteann. I mbeagán focal, táimid ag iarraidh an caidreamh le Ceanada a thabhairt go dtí an leibhéal is airde is féidir,” a dúirt sí.
Agus í ag trácht ar chúrsaí athraithe aeráide agus an comhshaol, dúirt von der Leyen nach mór do bhallstáit an Aontais “díriú níos mó ar ár bhfuinneamh glan inacmhainne de thionscnamh na hEorpa”.
Dúirt sí gur cuma cé acu fuinneamh in-athnuaite, fuinneamh núicléach, nó fuinneamh bithmheatáin a bheadh i gceist go gcaithfeadh sé a bheith “neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de” agus go gcaithfeadh sé “neamhspleáchas” a thabhairt don Aontas Eorpach.
Mhaígh sí go bhféadfaí €260 billiún a shábháil ar bhille iompórtála breoslaí iontaise na hEorpa dá ndéanfaí “an Eoraip a leictriú” agus gurb é an sprioc atá ag an AE “sciar an leictreachais a mhéadú faoi dhó faoi 2040”.
Dúirt von der Leyen gur “uair na cinniúna” a bhí ann maidir leis an athrú aeráide an samhradh seo agus go raibh “an chuid is mó den mhór-roinn buailte” i mbliana.
“Ba iad sin na míonna samhraidh ba theo riamh – ach is dócha nach mbeidh samhradh chomh fionnuar céanna againn arís choíche. Tá an eolaíocht soiléir. Tá an Eoraip ag téamh ag ráta atá dhá oiread níos airde ná an ráta domhanda. Ar ndóigh, tá an t-aistriú casta. Agus beidh orainn dul in oiriúin agus a bheith ag foghlaim san am céanna.
“Ach níl amhras ar bith ann: rud is féidir leis an Eoraip a dhéanamh, rud nach mór di a dhéanamh agus rud a dhéanfaidh sí, is é sin fanacht ar an mbóthar ceart maidir lenár spriocanna aeráide,” a dúirt sí.
Gheall sí go gcruthófaí “creat nua don athléimneacht” in aghaidh an athraithe aeráide i mí Dheireadh Fómhair agus go sainaithneofaí “100 de na críocha is leochailí san Eoraip”.
“Déanfaimid measúnú ar na rioscaí – agus ar an leibhéal ar cheart iad a bhainistiú. Tabharfaidh an méid sin cur chuige uile-shochaí dúinn – chomh fada leis an leibhéal áitiúil, áit a bhfuil an tábhacht is mó ag baint le hoiriúnú. Agus beidh sé d’aidhm ag an méid sin ceannródaí a dhéanamh den Eoraip i dteicneolaíochtaí oiriúnaithe, margadh ollmhór atá ag teacht chun cinn,” a dúirt sí.
Gheall sí go gcuirfí amach ‘Plean Eorpach um Thonn Teasa’ “go luath” agus dúirt sí go gcaithfí a chinntiú nach mbeidh “a leithéid de shamhradh ann arís” san Eoraip.
“Tá córais luathrabhaidh agus ullmhacht sláinte níos fearr ag teastáil uainn. Tá oiriúnú agus fuarú uirbeach ag teastáil uainn. Agus ní mór dúinn tacú leis na daoine is leochailí,” a dúirt von der Leyen.
Agus í ag trácht ar an intleacht shaorga, dúirt Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh go bhfuil sí “dóchasach” go bhféadfadh an teicneolaíocht nua “dul chun tairbhe don chinneadh daonna, ach í a úsáid mar is ceart”.
“Leis na samhlacha atá á bhforbairt, beifear in ann haiceáil a dhéanamh ar leibhéal nár cheapamar riamh a bheith indéanta. Agus is gearr go mbeidh siad i lámha naimhde a bhfuil dearcadh acu ar an domhan atá an-éagsúil leis an dearcadh atá againn féin air,” a dúirt sí.
Mhaígh von der Leyen go seasfaidh an tAontas Eorpach “sa bhearna bhaoil” in éineacht le tíortha eile atá “ar aon intinn” leo faoin gceist amhail Ceanada agus an Ríocht Aontaithe.
“Is mian linn dul i gcomhar leo maidir le meastóireacht samhla, le fíorú, le luathrabhadh, le slándáil na hintleachta saorga agus go leor eile,” a dúirt sí.
Thug sí le fios go bhfuil “luach” ag an intleacht shaorga nach bhfacthas go fóill agus gur gá í a “aistriú ón scáileán isteach san fhíorgheilleagar”.
Is é an rud is tábhachtaí luach a chruthú nach bhfuil curtha ar fáil ag an intleacht shaorga go fóill. An intleacht shaorga a aistriú ón scáileán isteach san fhíorgheilleagar agus sa tsochaí. Ar urláir monarchana. I mbardaí ospidéal. Sa talmhaíocht bheacht. Inár n-eangaí fuinnimh. Le haghaidh tiomáint uathrialaitheach. Le haghaidh na cosanta,” a dúirt sí.
Dúirt sí freisin go bhfuil an intleacht shaorga ag teastáil “ar mhaithe leis an tsláinte”, agus labhair faoi na féidearthachtaí atá ann i gcás na hailse brollaigh, ach dúirt sí go gcaithfí an teicneolaíocht a fhorbairt “ar bhealach Eorpach”.
“Tá an intleacht shaorga uainn. Is mian linn go gcruthóidh sí níos mó luacha ar bhealach níos freagraí. Agus go ndéanfar é sin ar chostas níos ísle agus le tomhaltas fuinnimh níos lú. Ach thar aon ní eile, is mian linn an intleacht shaorga a bheith againn in éineacht le cumas gníomhaithe an duine,” a dúirt sí.
Labhair von der Leyen ina dhiaidh sin ar iarrachtaí a bheith ar bun san Aontas Eorpach agus taobh amuigh de baint de “cearta na mban” agus “dúshlán ár mbunluachanna a thabhairt”.
“Tá daoine ann fiú atá ag iarraidh cearta na mban a chúlú. Chun sinn a sheoladh ar ais chuig ré inar shaoránaigh den dara grád iad na mná.
“Mar sin, ba mhaith liom teachtaireacht an-soiléir a chur in iúl dóibh siúd uile ar gá dóibh í a chloisteáil: tá na mná anseo agus beidh siad ann i gcónaí. Cosnóimid ár gcearta. Agus seasfaimid an fós ar son ár luachanna gach uile lá,” a dúirt sí.
Tá “straitéis slándála nua don Eoraip” le moladh ag von der Leyen le dul i ngleic le dúshláin nua slándála atá amach roimh an mór-roinn. Mhaígh sí gur “i gcomhair domhan difriúil” a cruthaíodh na córais atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach i láthair na huaire.
“Tá siad bunaithe ar iarrachtaí ionraice ar chomhthoil agus ar chomhréiteach. Ach ní mór dúinn a mheas an bhfuil siad fós oiriúnach dá bhfeidhm,” a dúirt sí.
Mhol sí go mbeadh rud ar nós Airteagal 4 de chomhaontú NATO “dá cuid féin” ag an Eoraip – Prótacal Slándála Éigeandála – a d’fhéadfadh ballstát amháin “a ghníomhaíochtú” chun “freagairt Eorpach a chomhordú” ar bhagairtí.
Fág freagra ar 'Caidreamh níos dlúithe le Ceanada, forbairt AI agus an t-athrú aeráide chun cinn in aitheasc von der Leyen'