Tá aithne mhaith ar Dhoireann Ní Ghlacáin as an gceol, agus as a cuid craoltóireachta ar TG4, RTÉ agus How to Gael, an podchraoladh mórráchairte a chuireann sí i láthair le Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc.
Beidh a céad albam aonair, Tairseach, á sheoladh aici i mí Eanáir na bliana seo chugainn agus í ag dul ar camchuairt leis i rith 2027. Idir an dá linn, d’eisigh sí traic amháin agus físeán ceoil ón albam le cúpla seachtain anuas, ‘Madam, I’m a Darlin’.
Amhrán traidisiúnta, agus traic beoga, bríomhar é a bhfuil spiorad spraíúil, dána ann. Beagáinín cosúil léi féin, a deir Doireann, a tógadh le Gaeilge agus leis an gceol traidisiúnta i gcathair Bhaile Átha Cliath.
“Sin amhrán a d’fhoghlaim mé ó m’aintín Liadh agus sin é tobar na n-amhrán ar fad domsa. Is maith liom an t-amhrán sin mar go bhfuil dánaíocht agus ana-spórt ann.
“Thaitin an bhean atá san amhrán liom freisin mar go bhfuil sí beagáinín dána, agus is dóigh go bhfuilim féin beagáinín dána freisin.”
Bhí sí ag iarraidh go mbeadh an bhrí láidir bheoga a thagann ón seisiún beo le cloisteáil sa traic agus bhí fonn uirthu fiántas éigin a fhágáil sa cheol.
“Nuair a bhíonn daoine ag taifeadadh ceoil, bíonn siad i mbothanna agus cailltear cuid den bheocht. Tá sé sórt scanrúil a bheith ag cur do cheol amach ar albam agus an claonadh atá ann le ‘filters’ go mbeadh tú tar éis é a ghlanadh suas. Ní raibh mé ag iarraidh é sin a dhéanamh.”
Is tráthúil gur roghnaigh sí an focal ‘tairseach’ mar theideal dá halbam, mar go bhfuil a saol caite aici ag imeacht anonn is anall thar an teorainn idir dhá shaol, an saol Gaelach sa Ghaeltacht agus an saol cathrach comhaimseartha.
Deir sí go n-airíonn sí go bhfuil sí sa mbaile nuair a théann sí go dtí an Ghaeltacht. Chaith sí go leor ama agus í ag fás aníos i nDún na nGall le muintir a hathar agus i gCúil Aodha le muintir a máthar.
“Airím gur as an nGaeltacht mé, cé gur tógadh sa gcathair mé. Tá sé chomh nádúrtha le bheith ag análú. An rud atá ann ná go n-airíonn tú uaigneach nuair nach bhfuil tú ann. Tá mise i mo chónaí in árasán, i mbloc mór, agus tá mé ag rá leat nach bhfuil aon duine eile anseo ag éisteacht le ceol traidisiúnta. Mar sin bíonn tú ag iarraidh spás a chruthú an t-am ar fad le gur féidir leat a bheith socair ann agus socair ionat féin.”
Tagann sí ó dhá shliocht ríoga i saol an cheoil in Éirinn, muintir Uí Riada i gCúil Aodha ar thaobh a máthar, agus muintir Uí Ghlacáin i dTír Chonaill ar thaobh a hathar. Tógann sí an traidisiún fidléireachta óna hathair, Kevin Glackin, agus a mhuintir roimhe.
Chuala sí caint go minic i nDún na nGall faoin ‘lios’, sin é lios na sí, an áit a dtéann an ceoltóir le ceol a bhailiú ó na sióga agus é a thabhairt ar ais go dtí an pobal.
“Bhí an traidisiún sin ann i gcónaí go dtéadh an fidléir isteach sa lios agus go dtabharfadh sé an ceol ar ais leis. Na scéalta sin Tír na nÓg, na sióga, an lios, an nóisean sin go bhféadfá an t-am a stopadh…
“Níl aon fhianaise againn go bhfuil a leithéid sin d’áit ann ach nuair a éisteann tú le ceol, tagann an mothúchán seo ort, agus ar feadh cúpla nóiméad níl tú san áit fhisiciúil níos mó. Tá tú in áit eile i do cheann agus i do chroí. Agus b’in croílár an togra seo – ag iarraidh teacht ar an áit sin agus an nóisean sin a leathnú amach.”
Leathnaíonn sí amach an smaoineamh sin sa bhfíseán ceoil a théann le ‘Madam, I’m a Darlin’, ina bhfeictear Bríd Ní Neachtain i bpáirt na mná san amhrán agus í ag siúl trí shráideanna chathair Bhaile Átha Cliath. Spreagann sí íomhá an bhandé nó siombail de chroí na cathrach agus í ag éirí aníos is ag spreagadh spiorad an phobail arís.
“Is Baile Átha Cliathach mé, bhí an síorbhrú ann an t-am ar fad ar na pobail, ach tá sé imithe in olcas ó aimsir Covid. Tá daoine óga ag iarraidh saol a ghearradh amach dóibh féin, agus is dóigh go bhfuilim ag cuimhneamh ar an bpobal ag titim as a chéile, agus na spásanna poiblí ag imeacht, agus an muintearas ag imeacht as an saol. Tá mise ag maireachtáil i lár thuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath agus feicim i gcónaí é san áit seo, go háirithe.”
Críochnaíonn an físeán le radharc a taifeadadh ar Shráid Mhic Dhiarmada sa gcathair, áit a raibh an tÁras Máithreacha agus Naíonán deireanach sa stát. Íomhá den neamhghéilliúilacht, íomhá cheiliúrtha atá ann. Radharc lán le dóchas ina bhfuil spiorad dochloíte an duine agus an phobail ag scaladh amach tríd, in éadan an bhrú ón taobh amuigh.
“Sin í an teachtaireacht a bhí mé ag iarraidh a bheith ann mar go bhfuil an caipitleachas agus muintir an rachmais ag brú isteach orainn ar fad sa gcathair. Thaifead muid é ar Shráid Mhic Dhiarmada mar gheall gur ann a bhí an tÁras Máithreacha agus Leanaí deireanach.

“Cuimhním air sin go minic i mo shaol, go raibh an t-ádh ormsa gur rugadh mé i 1993, agus go raibh na deiseanna agam is a bhí, rud nach raibh ag go leor de na mná sna glúnta a chuaigh romham. Leis an amhrán sin, ‘Madam, I’m a Darlin’ bíonn mé i gcónaí ag lorg na mná dána sin atá in ann imeacht in aghaidh an tslua. Níl sí claonta ag na béasa atá ag an gcuid eile den saol.”
Coincheap eile atá go mór sa treis san albam nua ag Doireann ná an tairseach idir dhá shaol. Thosaigh sí ag cuimhneamh ar na teorainneacha idir saolta go mór nuair a rinne sí staidéar máistreachta in Ollscoil na Gaillimhe.
“Nuair a bhí mé ag staidéar bhí an-tionchar ag an Ollamh Lillis Ó Laoire orm agus fuaireas uaidh an nóisean seo den tairsiúlachas. Bhain sé go mór le mo shaol féin, le saol na Gaeilge agus mé i mBaile Átha Cliath. Téim amach ag obair i saol an Bhéarla agus ansin téim abhaile tar éis trí nó ceithre lá a bheith amuigh ag obair agus iompaím ar ais ar an nGaeilge, nó ar ais ar an gceol traidisiúnta, agus airím go bhfuilim fillte ar ais orm féin. Ní thuigeann tú an meáchan atá sé a chur ort. Tá muid de shíor ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.”
Is le linn na tréimhse sin freisin a thosaigh sí ag cuimhneamh ar shiombail na Caillí ón dtraidisiún Gaelach. Cloiseann muid go leor cainte sa lá atá inniu ann faoin bhféiniúlacht agus mar a aithníonn muid muid féin i gcomhthéacs an tsaoil mhóir.
Deir Doireann go n-aithníonn sí tréithiúlacht ar leith i gcoincheap na mná Éireannaí, go bhfuil cumhacht láidir bhaineann ann in Éirinn agus gur údar ceiliúrtha atá ansin.
“Go dtí gur thosaigh mé ag déanamh staidéar ar an gCailleach i dtraidisiún na nGael níor thuig mé é, dhúisigh sé ionam féin claonadh an fheimineachais, na gnéasúlachta. Nuair a chloiseann tú na scéalta seo a bhí ag na Gaeil gurb í an chailleach a chruthaigh an domhan ar fad agus an nádúr, braithim go bhfuil ola don chroí le fáil uaidh agus go dtugann sé neart duit.”
Fág freagra ar '‘Bíonn mé i gcónaí ag lorg na mná dána sin atá in ann imeacht in aghaidh an tslua’ – Doireann Ní Ghlacáin'