Tá ceannasaí nua á lorg ag Foras na Gaeilge, cé atá á lua leis an bpost mór?

Tá Séan Ó Coinn le héirí as mar Phriómhfheidhmeannach Foras na Gaeilge i mí na Nollag agus tá an chaint tosaithe faoi cé a thiocfaidh ina áit

Tá ceannasaí nua á lorg ag Foras na Gaeilge, cé atá á lua leis an bpost mór?

Tá tréimhse Sheáin Uí Choinn mar phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht trasteorann teanga Foras na Gaeilge ag teacht chun críche go luath agus tá an folúntas do ról an phríomhfheidhmeannaigh fógartha.

Tá Ó Coinn sa ról le deich mbliana, ó ceapadh é mí na Nollag 2016. Tháinig deireadh lena chéad téarma cúig bliana in 2021 ach de dheasca na srianta le scaipeadh an víris chorónaigh a chosc an bhliain sin, níor athcheapadh go hoifigiúil don dara téarma é go dtí 2024.

Is é Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha an Fhorais, Shane Ó hEidhin, an té is mó atá á lua le teacht i gcomharbacht ar Ó Coinn mar phríomhfheidhmeannach. Is ag plé le cúrsaí airgeadais, acmhainní daonna, cúrsaí cumarsáide, teicneolaíocht na faisnéise agus cúraimí eile a bhíonn Ó hEidhin.

Tógadh i mBaile Átha Cliath é agus is iardhalta de chuid Choláiste Eoin i Stigh Lorgan agus céimí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mBaile Munna é. Bhain sé a chéim amach san airgeadas agus sa Ghearmáinis agus tá máistreacht aige san airgeadas cainníochtúil ó Scoil Gnó Smurfit. Sular thosaigh sé ag obair le Foras na Gaeilge, bhí sé ina chuntasóir agus ina chomhairleoir cánach, agus chaith sé tréimhsí le PwC agus le Microsoft.

Dá mba spéis le Ó hEidhin an ról, bheadh sé ar an gcéad duine as Baile Átha Cliath  a bheadh ina phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó bunaíodh an eagraíocht i 1999. Bhí Micheál Ó Gruagáin as contae an Chláir sa ról ó 2000-2006, Seosamh Mac Donncha as contae na Gaillimhe a bhí ann ó 2002-2006, Ferdie Mac an Fhailigh as Tír Eoghain a bhí i gceannas ó 2006-2016 agus as Ard Mhacha do Sheán Ó Coinn a ceapadh in 2016.

Duine eile atá á lua leis an bpost mór ná comhghleacaí Uí Eidhin, Breandán Mac Craith, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha an Fhorais. Tá Mac Craith ag obair leis an eagraíocht teanga ó bunaíodh é agus is iomaí ról a bhí aige i rannóga éagsúla na heagraíochta. Bhí sé ag plé leis an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar nuair a thosaigh sé san eagraíocht i 1999, sular bhog sé ar aghaidh chuig an bhforbairt gnó agus an chumarsáid don Fhoras.

D’fhill sé ar ÁIS mar a raibh sé ina chlárbhainisteoir ar feadh deich mbliana sular ceapadh ina stiúrthóir seirbhísí forbartha in 2021. Tá an t-aonad pleanála teanga atá ag an bhForas faoina stiúir faoi láthair chomh maith leis an togra idirGhaelach ‘Colmcille’, agus is é an t-ionadaí atá ag Foras na Gaeilge ar Choiste Comhairleach an Rialtais um Sheirbhísí Gaeilge i láthair na huaire.

D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh spéis ag Leas-Phríomhfheidhmeannach nuacheaptha an Fhorais, Conall Ó Máirtín, i ról an Phríomhfheidhmeannaigh. Mí Bealtaine na bliana seo a ceapadh Conall Ó Máirtín ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht. Cé nach bhfuil ach cúpla mí déanta aige sa ról sin, d’fhéadfadh an uaillmhian a bheith aige teacht i gcomharbacht ar Ó Coinn.

Níor ceapadh aon bhean ina príomhfheidhmeannach ar Foras na Gaeilge fós agus cé gur iarrthóir cumasach a bheadh inti meastar go mbeadh mórán spéise sa ról ag Edel Ní Chorráin, stiúrthóir seirbhísí foilsitheoireachta, foclóireachta agus téarmaíochta an Fhorais.

Dúirt foinse amháin le Tuairisc go mbeadh “an-tacaíocht” ag Anna Davitt, atá ina clárbhainisteoir cumarsáide, margaíochta, agus feasachta san Fhoras, ó ghnáthfhoireann na heagraíochta dá mbeadh aon spéis aici féin sa ról.

Maidir leis na hiarrthóirí ón taobh amuigh a d’fhéadfadh a theacht chun cinn, tá ceannasaí Ghaeloideachais Bláthnaid Ní Ghréacháin á lua ag roinnt daoine mar dhuine a d’fhéadfadh spéis a léiriú sa phost. Tá Ní Ghréacháin ina ceannasaí ar an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar scoileanna lán-Ghaeilge sa tír le fiche bliain anuas.

D’fhéadfadh go mbeadh spéis ag fostaithe sinsearacha de chuid Údarás na Gaeltachta, TG4, nó RTÉ sa ról freisin, ach meastar go gcuirfeadh an coinníoll gur in oifig Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath a bheadh an post lonnaithe roinnt mhaith iarrthóirí ó dhoras.

Chaithfeadh an té a cheapfar sa ról a bheith sásta tuairim is trí lá sa tseachtain, ar a laghad, a chaitheamh i gceannáras Fhoras na Gaeilge agus an taisteal ar fad timpeall na tíre atá mar chuid den phost a dhéanamh.

Ní féidir é a chur as an áireamh, ach an oiread, go mbeadh spéis ag státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta nó i Roinn eile sa ról.

Conradh cúig bliana atá luaite leis an bhfolúntas agus tuarastal os cionn €156,000 á thairiscint. Ní mór do dhaoine a bhfuil spéis acu sa ról iarratas a chur isteach faoin 15 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Tá ceannasaí nua á lorg ag Foras na Gaeilge, cé atá á lua leis an bpost mór?'