Na cartúin ar na gnéithe is Gaelaí, is tábhachtaí agus is fearr de TG4

A Thiarna, nár dheas a bheith óg arís agus cartúin den chaighdeán seo a bheith ar fáil duit mar chainteoir óg Gaeilge?

Na cartúin ar na gnéithe is Gaelaí, is tábhachtaí agus is fearr de TG4

Tá saoire na scoile linn agus tá an t-am ann luí siar ar an tolg agus na cartúin a bhreathnú. Más í An Aimsir Láithreach an ghné is Gaelaí de sceideal TG4 don duine fásta, is iad na cartúin an ghné is Gaelaí do na páistí óga ar an chainéal chéanna.

Cuireann siad iontas, áthas agus éad orm. A Thiarna, nár dheas a bheith óg arís agus cartúin den chaighdeán seo a bheith ar fáil duit mar chainteoir óg Gaeilge? Is cuimhin liom a bheith ag caint le cainteoir dúchais, atá chomh meánaosta liom féin, agus an t-áthas a bhí uirthi mar pháiste óg cúpla focal Gaeilge a chluinstin ar Darby O’Gill and the Little People (1959), scannán, creid é nó ná creid, a raibh Sean Connery, aka 007, páirteach ann.

Sea, sin ré na gcloch, an seanam, an aois inar mhair an cainteoir óg Gaeilge gan dathanna; ní raibh ann ach teilifís dhubh agus bhán, an aeróg greamaithe den tsimné; an pictiúr ag teacht agus ag imeacht leis an ghaoth agus, in amanna, más oíche na gaoithe móire a bhí ann, an aeróg féin ag imeacht leis an ghaoth.

Ba bhreá liom tabhairt le fios go ndearna mé taighde ar éifeacht na gcartún ar shaol an chainteora óig le teanga neamhfhorleathan. Ba mhaith liom tabhairt le fios gur léigh mé tuarascálacha tromchúiseacha de chuid an Aontais Eorpaigh agus taighde de chuid Fhoras na Gaeilge ar thumadh teanga agus páistí óga.

Ní dhearna mé a leithéid.

Shuigh mé sa chathaoir agus chaith mé féin isteach i sruth na gcartún; lig mé do na dathanna mé a mhealladh; lig mé do na puipéid agus don bheochan agus do na haisteoirí ábalta mé a thabhairt leo. Mhúch mé m’intinn agus thug mé cead a gcinn do na súile agus do na cluasa.

Chan Eoghainín na nÉan a bhí ionam ach Eoghainín na nÍomhánna. Ní raibh ar an tsaol ach mise agus an bocsa sa choirnéal agus thug sé siar mé go tír na hóige. Dathanna, ceachtanna simplí morálta, an achainí a bheith maith agus gan a bheith dalba – dhéanfaidh mé mo dhícheall! – agus an tuigse gur ar scáth a chéile a mhaireann an pobal agus é sin i nGaeilge bhinn bhlasta; na canúintí ar fad ag meascadh le chéile, an teanga in uachtar ar fad i ríocht seo na teilifíse digití, an teanga iomlán, an teanga shamhlaíoch, an teanga chruthaitheach, an teanga ghrámhar, an teanga chiallmhar, an teanga nár cailleadh.

Finscéal atá ann, gan amhras. Is beag páiste atá ag amharc ar na cláracha seo a bheas chomh líofa leis na haisteoirí breátha gutha atá ag cur an ábhair i láthair. Bíodh sin mar atá, ní dhéanfaidh sé lá dochair do na páistí an chluais a líonadh le tuaimeanna breátha nádúrtha Gaeilge agus teanga chruinn bheacht a chluinstin. Má tá tú le hamhrán a rá, nárbh fhearr an t-amhrán a fhoghlaim ag an amhránaí ab fhearr ar an domhan?

Sin bua aisteoireachta atá ag na haisteoirí seo gan aghaidh ar TG4, a bheith in ann an puipéad nó an bheochan a thabhairt chun beatha in intinn linbh le cumhacht an ghlóir féin, an uirlis cheoil atá againn uilig go léir. Bímis dóchasach go mairfidh na tuaimeanna sin sa chuimhne, sna cluasa, san aigne, agus go mbeidh na páistí in ann cuid den teanga a thabhairt leo, más i ngan fhios dóibh féin é.

Ach spraoi atá sna cláracha, nach ea? Sin an chuid is tábhachtaí. Spraoi. Dathanna. Greann. Grá. Cur i láthair agus cur i gcuimhne go bhfuil an teanga atá acu ag daoine eile, go raibh rogha eile ann ar chartúin an Bhéarla.

Chuirfeadh ‘earnáil’ na teanga lionn dubh ort go minic. B’fhéidir gur chóir do gach duine fásta againn maidin nó dhó a chaitheamh ag amharc ar chartúin TG4, le cuid den tsaontacht a chur ar ais inár n-anam, le hiontas na hóige a athchothú.

Teiripe toilg!

Fág freagra ar 'Na cartúin ar na gnéithe is Gaelaí, is tábhachtaí agus is fearr de TG4'