Níl a fhios agam cad é an t-am deireanach a léigh mé léirmheas scannáin nó alt tuairimíochta ar chúrsaí scannán ar nuachtán, sea an rud seanfhaiseanta sin déanta as páipéar. Bainim, nó bhain mé, leis an ghlúin sin a cheannaíodh cúpla nuachtán gach aon lá agus a shuíodh síos le cupán caife leis an uile fhocal a shú astu.
(An forlíonadh cultúrtha nuachtáin ab fhearr ariamh? The Independent, Dé hAoine. Chan an scifleog sin as Bleá Cliath ach ceann Andreas Whittham Smith: ‘It is? Are you?’. Ábhar den scoth ar chúrsaí ceoil, scannán agus litríochta. Ní raibh a shárú le fáil ach tugann gach aon a sheal.)
Ceannaím cúpla nuachtán go rialta go fóill, ach is beag aird a thugaim níos mó ar na míreanna a bhaineann le scannáin. Leagann an t-iriseoir ionraice an dúch síos go coinsiasach ar pháipéar ach tá léim an dá bhruach ag an díospóireacht ar líne i bhfad roimhe sin.
Is é YouTube an t-ardán a mbainim úsáid as do rud ar bith a bhaineann le cúrsaí Hollywood ar na saolta seo. Claíomh dhá bhéal atá in YouTube ag lucht déanta scannán gan amhras: tugann an t-ardán deis dóibh réamhbhlaiseadh a chur ar fáil agus tuairim an phobail ar an tsaothar a mheas. Saothraíonn cuid de na míreanna réamhphoiblíochta seo na céadta mílte amharc nó, i gcás na scannán mór, na milliúin.
Sin an dea-scéala ag muintir Hollywood. Faraor, tugann YouTube deis fosta do dhaoine, cruthaitheoirí ábhair, ach go háirithe, an réamhbhlaiseadh a phlé, díospóireacht saor ón stiúideo a thoiseacht agus deis don phobal – na daoine a cheannaíonn na ticéid – a dtuairim, maith, olc nó measartha – a chur in iúl. Ní bheinn ag déanamh paidir chapaill de dá ndéarfainn go raibh cuid de na tuairimí a nochtann daoine ar líne – faoi ainm cleite – amh ar fad, go háirithe i réimse an phopchultúir.
Bhí díospóireacht mhór theasaí ar YouTube faoi scannán nua Christopher Nolan, The Odysssey, sular bhain an scannán na pictiúrlanna amach fiú. D’éirigh an díospóireacht ní ba theasaí arís nuair a bhí deis ag cruthaitheoirí YouTube an scannán a fheiceáil. Bhí cur agus cúiteamh ann faoin scéal féin, faoi rogha na n-aisteoirí, na héadaí, an dialóg agus an chuid ar fad di faoi stiúir daoine nach raibh faoi smacht nó faoi anáil an stiúideo.
Tharla an rud céanna le Spider-Man: Brand New Day atá sna pictiúrlanna anois. Bí ag caint ar bhúz! Bhí na cruthaitheoirí ag cogaint ar chnámha Nolan ar fad sula dtáinig Spidey le ceann a chur ar scéal nua.
Agus a leithéid de scéal nua; shaothraigh an scannán beagnach billiún dollar Meiriceánach an chéad deireadh seachtaine a taispeánadh sa phictiúrlann é. Seans mór faoin am a léann tú an méid seo go bhfuil cúpla céad milliún eile dollar saothraithe aige agus go mbeidh sé ag tarrraingt ar bhilliún go leith. Tá tuairimíocht anois ann go mb’fhéidir go saothródh sé dhá bhilliún dollar, suim dochreidte mór.
Ar líne a bhí an díospóireacht agus an plé, buanna agus laigí an scannáin, plota agus díol ticéad agus arm cruthaitheoirí ag caint, ag comhrá, gan stad gan staonadh. Leanfaidh an spíonadh ar Spider-Man ar aghaidh go ceann tamaill bhig eile gan cheist.
Ach féach go bhfuil tuilleadh ábhair ann – Avengers: Doomsday – iarracht ag Disney Marvel le brí a chur ar ais i sraith laochra atá ar an dé deiridh le fada fada an lá.
Tá caint ann, ar líne, go mbeidh costas €700 milliún leis an scannán seo agus go mbeidh tuairim is €2 billiún de dhíth le go ndéanfaidh lucht a dhéanta cúpla dollar as.
Tá an réamhbhlaiseadh le fáil ar líne. Tá an díospóireacht ar siúl cheana féin faoi scannán atá le bheith sna pictiúrlanna ag an Nollaig. Ar an dóigh chéanna le The Odyssey agus Spider-Man, beidh an saol mór ar an eolas go bhfuil an scannán ar na bacáin. Sin an dea-scéala ag lucht Marvel.
Faraor, sin a bhfuil de dhea-scéala acu. Ní thig leo lámh thapa a chur ar stiúir na díospóireachta ina dhiaidh sin. Tá seancharachtair, a bhí in ainm is a bheith marbh, ar ais arís, beo ar fad. Tá caint ann ar an phlota. Tá mórán daoine fuar sa rud ar fad; tá daoine eile ar bís lena fheiceáil. Beidh an t-andúilí bocht ábhair seo sáite sa chomhrá fosta. Ba mhaith liom a bheith faiseanta.
Leanfaidh an díospóireacht ar aghaidh go ceann míonna fada ar YouTube, rud a bhainfidh tuilleadh brí as na meáin thraidisiúnta sa réimse seo, craoladh agus cló. Cad chuige a gceannófá nuachtán nó amharc ar RTÉ nó ar an BBC? Ní i lár an aonaigh a bheas tú ach ar imeall an aonaigh.
Fág freagra ar 'Claíomh dhá bhéal atá in YouTube ag lucht déanta scannán, ach sin an áit atá an t-aicsean'