An lá leis an díbhirceach ar an eite chlé i rás a léirigh go bhfuil an Páirtí Daonlathach scoilte go tóin

Bhí an lá i réamhthoghchán Seanaid Michigan le Abdul El-Sayed, forásaí ar an eite chlé a bheadh ar an gcéad Mhoslamach sa Seanad dá n-éireodh leis in olltoghchán mhí na Samhna

An lá leis an díbhirceach ar an eite chlé i rás a léirigh go bhfuil an Páirtí Daonlathach scoilte go tóin

Tá creathadh bainte ag toradh réamhthoghchán Seanaid in Michigan as an bPáirtí Daonlathach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhí an lá sa toghchán ag Dr Abdul El-Sayed, forásaí ar an eite chlé, ar Haley Stevens, iarrthóir ó eite mheasartha an pháirtí.

Chruthaigh an toghchán, a bhí gangaideach go maith uaireanta, scoilt idir Daonlathaigh, tráth a bhfuil deacrachtaí go leor ag an bPáirtí Poblachtánach.

An cheist anois ná an éireoidh le Abdul El-Sayed, an t-iarrthóir ceannairceach san olltoghchán mí na Samhna, rás a d’fhéadfadh a shocrú cén páirtí a mbeidh smacht acu ar an Seanad.

Cé gur éirigh le El-Sayed dul i bhfeidhm go mór ar Dhaonlathaigh tá amhras ar mhórán go bhféadfadh díbhirceach de chuid na heite clé olltoghchán a bhuachan i stát idir eatarthu.

Cé go rabhthas ag súil go mbuafadh El-Sayed, atá ina eipidéimeolaí, an réamhthoghchán ní rabhthas ag súil go mbeadh an bhearna idir na hiarrthóirí chomh beag sin agus léirigh a bhinbí is a bhí an rás go bhfuil an Páirtí Daonlathach scoilte go tóin maidir le cá bhfuil a dtriall.

Daoine óga agus liobrálaigh a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu is mó a bhí meallta Abdul El-Sayed, liobrálach arb as an Éigipt a thuismitheoirí, a labhrann amach go láidir in aghaidh iompar Iosrael sa Phalaistín.

In aghaidh Mike Rogers, iarsheanadóir de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh a bheidh El-Sayed mí na Samhna agus dá mbeadh an bua aige bheadh sé ar an gcéad Mhoslamach riamh chun suíochán sa Seanad a fháil.

Thacaigh piardaí móra na nDaonlathach le Haley Stevens sa réamhthoghchán agus iad den tuairim gurb í ab oilte chun an ceann is fearr a fháil ar na Poblachtánaigh i stát idir eatarthu inar vótáil daoine faoi dhó do Donald Trump agus faoi dhó do Ronald Reagan.

“Faoi mar a dúirt Mohammad Ali, ‘Bhaineamar creathadh as an saol mór,’” a dúirt El-Sayed i ndiaidh an réamhthoghcháin.

Dhein sé iarracht chomh maith teacht roimh aon phlean a bheadh ag an bPáirtí Poblachtánach leas a bhaint as a chúlra chun daoine a iompú ina choinne.

“Ní hé m’ainm is cúis le praghas do gháis a bheith ag ardú,” a dúirt sé. “Ní m’ainm atá á dtabhairt chun cogaidh. Ní hé m’ainm an chúis nach bhfuil in acmhainn d’earraí grósaera a cheannach.”

Fág freagra ar 'An lá leis an díbhirceach ar an eite chlé i rás a léirigh go bhfuil an Páirtí Daonlathach scoilte go tóin'