Ar chóstaí Chonamara a chaithfidh mé an lá gan locht atá roghnaithe agam don alt seo. Ag buaic an lae, beidh radharc fairsing agam ar na Beanna Beola, ar Chnoc Mordáin agus ar uiscí iomadúla. Tá an radharc úd le fáil ar imeall Chnoc Chamais i gcroílár na Gaeltachta, áit a bhfuil píosa ealaíne an-suntasach ar a dtugtar ‘Súil Chamuis’.
Is fáinne ollmhór é a bhfuil scríbhinn de chuid an Phiarsaigh greanta air. Feictear leithinis Ros Muc trasna na sáile ón tSúil agus cuirfidh mé críoch le mo thuras ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, ar thug mé cuairt an-spreagúil air uair amháin cheana.
Is iomaí cuairteoir a imíonn thar Chnoc Chamais ar an mbóthar ó Chasla go Scríb agus gan tuairim acu go bhfuil radharc iontach le fáil uaidh. Chuir mé féin an-eolas ar an gcnoc agus ar an dúiche siar go Gleann Trasna sna 1970idí. Bhí mé ar dhuine de na chéad scoláirí a d’fhreastail ar Choláiste Chamuis nuair a bunaíodh é, tréimhsí a d’fhág rian an-dearfach ar mo shaol. Inniu tá ionaid ag an gcoláiste i Ros a’ Mhíl agus ar an Tulaigh chomh maith agus 70,000 déagóir tar éis freastal air ó bhí mise ann.
Thoir ar an Spidéal a chuirfidh mé tús le mo lá. Is ceantar eile é a bhfuil ceangal ar leith agam leis ó lonnaigh mo thuismitheoirí i Seanadh Gharráin sna 1980idí agus iad ar scor óna saol oibre i mBaile Átha Cliath. Théimis ar cuairt orthu go rialta, ar ndóigh; agus le riar blianta anuas, tugann ceangal eile ar cuairt ar an Spidéal mé, isteach chuig Cló Iar-Chonnacht a dhéanann cúram de mo chuid úrscéalta. Ar an lá úd gan locht, más ea, buailfidh mé isteach chuig siopa leabhar breá CIC ar láthair Cheardlann an Spidéil, agus mé ag súil le dreas comhrá agus le cupán tae a ól in éineacht leis an bhfoireann.
Ní bheidh moill orm an Spidéal a fhágáil. I gcaifé An Builín Blasta, beidh tamall comhluadair agam le cara nó beirt ón gceantar. Tar éis féachaint ar chuid de na siopaí ceardaíochta, trasnóidh mé an bóthar go Trá na mBan le dul ag snámh. Ar shiúlóid chosán an chósta go dtí an Ché Nua, seasfaidh mé seal ag breathnú ar dhealbh an scríbhneora Máirtín Ó Cadhain a nochtadh ceithre bliana ó shin, agus seal eile ag breathnú uaim ar Cheann Boirne taobh thall de chuan leitheadach na Gaillimhe. Ar an droichead ar abhainn Bhoth Loiscthe, cuimhneoidh mé ar an obair athnuachana ar Choill Sheanadh Gharráin cois na habhann intíre atá tosaithe ag Iontaobhas na gCoillte Dúchasacha agus mé ag dréim le dul ar shiúlóid threoraithe sa choill amach anseo.
Ar mo bhealach siar ón Spidéal, stopfaidh mé ag Reilig an Chnoic, áit a bhfuil uaigh m’athar is mo mháthar agus radharc farraige a thógann an croí. Beidh cathú orm an dara dreas snámha a dhéanamh ag an Trá Mhór, a chuirfidh faobhar ar mo ghoile don lón fíorbhlasta, úr, orgánach a bheidh agam i gcaifé An Pota taobh le TG4 i mBaile na hAbhann.
Beidh rogha amháin le déanamh agam roimh an turas lae, tiomáint sa charr nó taisteal ar bhus 424 ón Spidéal go Casla, agus aistriú go bus 432 as sin go Camus agus go dtí an Gort Mór i Ros Muc. Beidh siúlóidí breise ag gabháil le turas bus, agus seiceáil amchláir, agus gá fiafraí den tiománaí mé a scaoileadh amach uair nó dhó in áit nach bhfuil stad oifigiúil. Ach beidh mallachtaí faoin trácht trom ag gabháil leis an tiomáint, agus ar ndóigh an truailliú aeráide. Agus buntáiste mór ar an mbus ná an deis suí siar go suaimhneach ag machnamh ar mo lá gan locht!
‘Turas Róise’ an teideal ar úrscéal nua Anna Heussaff do léitheoirí óga. Tá leagan digiteach agus leagan clóite ar fáil ó com
Fág freagra ar 'Ar bord an 424 ar thuras trí dheisceart Chonamara…'