An fheadóg a thugadh abhaile sinn

Níl mórán rudaí sa saol seo níos tábhachtaí ná ceangal, comhluadar agus gáire breá, a scríobhann ár gcolúnaí agus í ag cuimhneamh siar ar laethanta fada an tsamhraidh agus í ag fás aníos i Leitir Móir na Coille

An fheadóg a thugadh abhaile sinn

Chaith mé samhraí m’óige sa mbaile i Leitir Móir na Coille i gCamas, áit bheag dhraíochtúil i gConamara. Samhraí fada te a bhí iontu, lán saoirse agus laethanta fada a raibh an chuma orthu nach dtiocfadh deireadh leo. Bhí an tráthnóna fada geal lán le solas agus le spraoi, agus mhothaigh sé nach raibh deifir ar bith orainn.

Bhíodh an teach lán i gcónaí, mo mham agus mo dhaid, mo dheartháir, mo dheirfiúr, muintir an bhaile agus col ceathracha ar saoire ag teacht is ag imeacht. Am gnóthach a bhí ann, ach ar bhealach álainn. Bhí gach rud beo bríomhar timpeall orainn.

Chaithimis cuid mhór den lá amuigh. Bhí sruthán beag díreach taobh leis an teach agus, dar linn féin, abhainn mhór a bhí ann nuair a bhí muid óg. Shiúlaimis ann cosnochta, ag spalpadh uisce ar a chéile agus ag déanamh báid bheaga as duilleoga agus craobhacha. Ní raibh mórán suaimhnis ag na comharsana agus muide ag gleo is ag béiceach.

Laethanta breátha samhraidh, d’imíodh muid i ndiaidh an bhricfeasta agus ní thagadh muid abhaile go dtí tráthnóna deireanach. Théadh muid go Trá Sháilín nó go Trá an Dóilín, áit ar bith a mbeadh an ghaoth agus an fharraige ag glaoch orainn.

Thugadh muid linn ceapairí fillte i bpáipéar, arán bán úr, cáis agus subh agus d’íosfadh muid iad ar an trá gan aon deifir. An t-aon deifir a bhíodh orainn ná dul isteach san fharraige arís.

Bhí an portach ina chuid mhór dár saol freisin. Uaireanta ba phicnic a bhíodh ann agus uaireanta eile obair na móna agus an fhéir. Mar pháistí, d’iompaíodh muid gach rud ina spraoi. Is cuimhin liom boladh na móna, an ghaoth ag séideadh trasna an phortaigh agus muid ag rith timpeall gan stró.

Léimeadh muid suas agus anuas ar chocaí an fhéir, ag dul i bhfolach iontu, ag gáire agus ag rith eatarthu go dtí go mbeimis tuirseach traochta.

Bhíodh muid isteach is amach chuig na comharsana agus ag spraoi leis na madraí beaga a bhí acu. Is cuimhin liom lá amháin gur thóg muid madraí beaga gan chead agus gur thug muid “folcadh” dóibh i mbáisín. Bhí níos mó uisce orainn féin ná orthusan, agus ní raibh deireadh leis an ngáire.

Bhíodh cluichí againn i gcónaí, ceol sa teach, spaisteoireacht agus ‘hide and seek’ sna garrantaí. Ní raibh aon phleanáil riachtanach. Thosaíodh sé de bheagán agus leanadh sé ar aghaidh go dtí go dtitfeadh an solas.

Ní cuimhin liom mórán teilifíse i rith an lae. Bhíomar amuigh ó mhaidin go hoíche. Agus an rud is mó a fhanann liom anois ná an tsaoirse sin, an mothú nach raibh aon teorainn leis an lá.

Agus i gcónaí… an fheadóg.

Feadóg mo sheanmháthar, géar agus soiléir, ag glaoch orainn isteach ón bportach nó ón imirt. Bhí a fhios againn go díreach céard a bhí i gceist. Ní raibh aon argóint ann, bhí sé in am teacht abhaile.

Ag breathnú siar anois, tuigim nach raibh ann ach saol simplí, ach fíorshaol a bhí ann. Saol a bhí fite fuaite leis an nádúr, leis an bhfarraige, leis an bportach, leis an gcairdeas agus leis an gceangal a bhí againn lena chéile.

Níor thuig muid ag an am cé chomh luachmhar is a bhí na laethanta sin.

Ach b’fhéidir go bhfuil an fheadóg sin fós ag glaoch orainn le filleadh ar an nádúr, taitneamh a bhaint as na rudaí simplí, agus cuimhneamh ar an rud a bhí ar eolas againn mar pháistí: nach bhfuil mórán rudaí sa saol níos tábhachtaí ná ceangal, comhluadar agus gáire maith.

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'An fheadóg a thugadh abhaile sinn'

  • Sharon Ní Mhuineacháin

    Is aoibhinn liom an phíosa scríbhneoireachta seo. Go raibh maith agat Marian.