Iaruachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael, Liam O’Néill ar shlí na fírinne

B'as contae Laoise an Niallach agus ba í an mhúinteoireacht bunscoile a ghairm agus sna trí bliana idir 2012 agus 2015, ba é an 37ú huachtarán ar CLG

Iaruachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael, Liam O’Néill ar shlí na fírinne

Tá iaruachtarán ar Chumann Lúthchleas, Liam O’Neill ar shlí na fírinne in aois seachtó bliain.

B’as contae Laoise an Niallach agus ba í an mhúinteoireacht bunscoile a ghairm agus sna trí bliana idir 2012 agus 2015, ba é an 37ú huachtarán ar CLG.

Dhá athrú a tugadh isteach faoina cheannas ar an gcumann, an cárta dubh a thabhairt isteach san imirt agus margadh conspóideach craolta teilifíse le Sky Sports, cinneadh a chosain O’Neill go tréan.

Cainteoir líofa Gaeilge ab ea Liam agus ina chéad óráid a thug sé ina Uachtarán ar CLG, labhair sé faoin tionchar tábhachtach a bhí ag an 31 bliain a chaith sé le Gaelscoil Thromaire in aice le Maighean Rátha air ó thaobh luachanna agus pobail.

Bhí Liam O’Neill sáite sna cluichí Gaelacha ar feadh a shaoil agus ba mhór an t-údar mórtais dó seomraí feistis nua a oscailt ina chlub féin i dTromaire ar a chéad lá in oifig mar Uachtarán ar CLG.

Agus a thréimhse mar uachtarán ar an gcumann curtha de aige, lean O’Neill air lena idirghabháil phaiseanta ar ábhair éagsúla a bhain le CLG.

Agus paindéim an Chovid ann in 2020, d’impigh sé gur chóir comhdháil speisialta a eagrú chun go bpléifí moladh go gcuirfí cluichí na bliana ar ceal.

“Is féidir linn déileáil le craobhacha 2020 pé slí is mian linn – iad a imirt in 2021 nó rogha éigin eile -ach ba mhaith an rud go mbeadh sé le rá amach anseo gur chuir Cumann Lúthchleas Gael a phobal roimh gach rud eile,” a dúirt sé.

“Go ndúramar go dtabharfaimis ceannaireacht dár bpobal tríd an bpaindéim chomh maith agus a d’fhéadfaimis agus go mbeimis ansin ag an deireadh chun ár gcluichí a imirt.”

Anuraidh léirigh sé a thacaíocht do mholadh go reáchtálfaí craobhacha sinsir na hÉireann níos déanaí sa samhradh.

Fág freagra ar 'Iaruachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael, Liam O’Néill ar shlí na fírinne'