“An uair seo bhí gá leis,” a deir John Kiely go lom.
Lá éigin idir deireadh mhí Lúnasa agus tús mhí Mheán Fhómhair anuraidh, chrom bainisteoir Luimnigh ar labhairt leis an uile dhuine a raibh baint acu lena fhoireann, idir imreoirí agus an fhoireann sa chúlra.
63 duine acu, 63 comhrá.
Dhá mhí roimhe sin chailleadar babhta ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Átha Cliath, ceann de na torthaí ba lú a raibh súil leis riamh i stair CLG.
Ní mór na cluichí móra eile a chailleadar i bPáirc an Chrócaigh ó chuir Kiely agus a shárfhoireann stair na hiománaíochta bunoscionn nuair a bhuadar cluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le 45 bliain in 2018.
Dhá chluiche eile i bPáirc an Chrócaigh a chailleadar ó shin – cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh in 2019 agus cluiche leathcheannais 2024 in aghaidh Chorcaí.
Bhí rud éigin difriúil fén gcluiche sin in aghaidh Átha Cliath, áfach.
Ar an gcéad fhéachaint bhí cúiseanna soiléire lena dteip. Ualach mór a bheith á iompar ar bhóthar fada agus an briseadh croí a bhain lena gcniogadh in 2024 agus iad ag iarraidh cúig cinn de chraobhacha as a chéile a bhuachan.
Agus sin gan trácht ar an scóladh croí, intinne agus anama a bhain le cailliúint chluiche ceannais na Mumhan le pocanna pionóis in aghaidh Chorcaí an coicíos roimhe sin. Géilleann Kiely dó san ar fad mar mhíniú, go pointe.
“Bhí sé soiléir go raibh cúiseanna loighciúla dó san go léir. Bhí freasúra maith romhainn,” a deir Kiely agus é ag caint roimh chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo.
“Bhí ár rás rite anuraidh nuair a d’imríomar in aghaidh Átha Cliath. Ní raibh aon bhraon sa tobar. Ní raibh aon ní fágtha ionainn. Thuigfeá canathaobh go dtarlódh sé, bhí oiread ama caite ar an mbóthar agat, bhí craobh na Mumhan an-dian curtha díot agat nuair ba ghá am breise agus pocanna pionóis i gcluiche ceannais na Mumhan. Rud nádúrtha ab ea é go dtarlódh sé.
“Tarlaíonn sé, ach cad é a dhéanfaidh tú, bailiú leat ón mbord nó dúbláil síos. Gach aon duine inár ngrúpa shocraíodar dúbláil síos. Tá an grúpa sin meáite ar an gcuid is fearr dínn a thaispeáint, ar a laghad.
“Má bhuaitear orainn, buafar orainn mar gur imir dream eile níos fearr ná sinn. Ag filleadh ar do phointe, is dóigh liom go bhfuil ana-dhiongbháilteacht agus ana-theacht aniar ann, agus an cruthúnas is fearr air sin ná an méid a tharlaíonn nuair a bhíonn na cluichí ag an bpointe sin go mbíonn siad idir dhá cheann na meá.”
Ramhraíonn foireann Luimnigh, a deir sé, nuair is déine an brú, tréith a chonacthas arís i gcoinne chontae an Chláir sna babhtaí leathcheannais.
“Is breá leis na buachaillí nuair a thagann an uair go mbíonn sé [an cluiche] idir dhá cheann na meá agus is dóigh liom gur iontach an cumas a léiríonn siad ag an bpointe sin – nuair atá sé idir dhá cheann na meá – an bheart cóir a dhéanamh nuair is gá, an cinneadh ceart a dhéanamh agus tarraingt le chéile mar fhoireann.”
Ach an 63 comhrá san a raibh gá leo anois thairis aon uair eile? Ar tháinig aon téama amháin as an gcabaireacht agus an anailís go léir a thug dó an freagra a bhí uaidh? Agus cén freagra a bhí uaidh, dála an scéil?
“Faigheann tú tuiscint ar ghiúmar an ghrúpa, ar an oiread díomá atá orthu agus ar an oiread atá sé ag goilliúint orthu. Faigheann tú tuiscint ar an ngoile atá ann leanúint ar aghaidh.
“Sin é atá á lorg agat. Conas a bhraitheann sé? Conas atá againn? Dá mhéid atá tú ag iarraidh a dhéanamh amach cén díocas atá ar dhaoine eile, bíonn tú ag iarraidh fáil amach leis cén díocas atá ort féin chomh maith. B’iontach an próiseas é.”
B’fhada na próiseas é leis.
“Tá súil agam nach tusa a bhí ag díol as an gcaife,” a deir duine de na hiriseoirí a bhí suite chun boird le Kiely.
N’fheadar cé mhéad caife a óladh ach idir sé agus ocht seachtaine cainte a bhí i gceist, agus más cruinn figiúirí an bhainisteora – agus is annamh ná bíonn – mhair na comhráite sin idir 126 agus 189 uair an chloig.
Ní hiad na cúig chraobh atá buaite ag Luimneach ina ré órga is mó a thugann misneach dó ach an mhuinín a eascraíonn as an gcaint mhacánta sin agus as a bheith faghartha san anró.
Mar a tharla arís sa chluiche leathcheannais agus i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí.
“Ábhar mór misnigh dóibh é sin, gur thángadar as na cathanna sin agus an bua acu. Agus b’fhéidir go bhfoghlaimíonn siad beagáinín beag níos mó fútsa chomh maith sna comhráite sin. Caithfidh siad tarlú.”
Bhí a pheann amuigh aige do na comhráite go léir i bhfómhair na bliana seo caite.
“Breacaim síos nótaí. Tógaim síos ana-chuid nótaí. Tá dhá leabhar nótaí agam. Is mór an méid 63 comhrá.”
Deir sé go bhfuil an comhrá duine ar dhuine ina dhlúthchuid de shoiscéal síceolaíochta Caroline Currid, an síceolaí spóirt a bhfuil cáil na mná feasa uirthi ó tharla gur bhuaigh foireann Kiely gach aon chraobh seachas na cinn ná raibh sí leo.
Cad é atá foghlamtha aige uaithi?
“A lán. Tháinig sí chugainn agus ana-chuid taithí aici. Sin an chúis gur chuas chun cainte léi an chéad lá. Bhí sí ann le Tír Eoghain, Áth Cliath agus Tiobraid Árainn agus thuig sí mar sin cad é a bhí ag teastáil ó fhoireann chun go n-éireodh leo.
“Bhí daoine a raibh baint acu le himreoirí [buacacha] againn, Paul [Kinnerk, an cóitseálaí] agus Joe [O’Connor, an traenálaí] agus bhí na foirne sin ag Caroline.”
Ag iarraidh a easpa taithí féin a chúiteamh a bhí sé.
“Bhí scata daoine ann go raibh an bheart déanta acu, ach ní rabhas ann. Theastaigh daoine timpeall orm chun treoir a thabhairt dom agus éachtaint a thabhairt dom ar an gcaighdeán a bhí ag teastáil. Tá an caighdeán san ríthábhachtach más taispeántas atá uait.
“Is dóigh liom gur mhúin Caroline ana-chuid dom faoi na rudaí a theastaíonn chun déileáil le daoine, agus faoi conas éisteacht le daoine agus tuiscint a fháil ar na rudaí a bhfuil tábhacht leo le fírinne.
“Ní gá go mbainfeadh sé le conas mar a bhuaileann tú an liathróid, nó conas breith ar an liathróid nó tabhairt faoi scór.
“D’fhéadfadh go mbainfeadh sé le conas mar atá an coláiste ag imeacht duit, conas atá ag éirí le do chaidreamh, conas mar atá an saol agat seachas cad é atá ar siúl ar pháirc na himeartha.
“Mura bhfuil cúrsaí i gceart lasmuigh den pháirc, ní bheidh siad ceart ar an bpáirc. B’in ceann de na ceachtanna, níl aon amhras faoi sin.”
Ceacht eile a d’fhoghlaim sé óna leathbhádóir ná an tábhacht a bhaineann le nósanna a bheith ag imreoir.
“Má bhíonn na nósanna láidir agat, is amhlaidh go dtabharfaidh tú taispeántas níos fearr uait. Agus vice versa.”
Agus an comhtharlúint é nár éirigh leis an bhfoireann an chreach a thabhairt leo an cúpla uair ná raibh Caroline Currid leo?
“B’fhéidir go bhfaca sí fhéin rud éigin! Tá an cheist á cur agat ar an duine mícheart! Ach ní ról a mhairfidh go deo atá aici ach oiread.
“Caitheann tú sos a thógáil. Dá mbeinnse gach aon lá ar feadh cúpla bliain ag plé leis na himreoirí bheinn tugtha. Ní féidir é. Ní féidir é, sin uile. Bíonn a saol fhéin á chaitheamh ag na daoine seo chomh maith – agus conas a luíonn an cúram seo leis an saol sin?”
An bhfuil ceangal mar sin idir gan aon rath a bheith orainne agus sinn a bheith d’uireasa Caroline? Bhuel, ní raibh sí ann. Ach chun a bheith macánta faoi, ní éireoidh linn an bua a fháil gach aon lá.”
“Tá tréimhse fhada i gceist. Beidh laethanta ann nuair nach mbíonn tú i mbarr do réime. Ní rabhamar i mbarr ár maitheasa ar fad i ’24.”
Bhí an tobar i ndísc, bhí an rud a bhí uathu imithe, a deir sé.
“Ní raibh sé ann, sin uile.”
Mar sin féin, níor bhraith sé féin riamh anuraidh nó an bhliain roimhe go raibh a sheal tugtha aige ná an tobar tráite.
“Dá mbraithfinn sin, ní bheinn anseo. Déanta na fírinne, braithim gach aon séasúr ana- éagsúil óna chéile, faoi mar a dúirt go minic libh. Is mór idir na dúshláin gach aon bhliain.
“Ní mar a chéile an fuaimrian gach aon bhliain. Bíonn dúshláin dhifriúla i gceist, scéalta difriúla… [bíonn] conairí difriúla le siúl, deiseanna difriúla, nithe difriúla ar gá béim a chur orthu. Bíonn rud éigin difriúil i gcónaí faoin méid a tharlaíonn. Ní hé an dá mhar a chéile riamh é.”
Déantar trácht chomh minic ar ‘próiseas’ Luimnigh go bhfuil sé nach mór ina cheap magaidh ag daoine, ach is mairg don té a dhéanfadh beag is fiú dó.
Pé acu díreach agus réidh nó cam agus achrannach an ród, fanann siad dílis don “mapa bóthair” céanna a leagtar síos mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
Pé casadh nó cor a thagann sa scéal, éiríonn leo “déileáil” leo, a deir Kiely.
Beidh gortuithe agus drochthaispeántais agat i gcónaí ach bíonn rud le foghlaim gach aon lá.
Ceann de na ceachtanna is déanaí atá foghlamtha acu, déanfaidh sé ábhairín neirbhíseach muintir na Gaillimhe Kiely a chloisteáil ag caint faoi roimh chluiche mór na bliana Dé Domhnaigh.
“Mar sin, i mbliana tá a thuilleadh cúl á scóráil againn, níos mó ná aon séasúr eile, is dóigh liom. Tá níos mó cúl in aghaidh an chluiche faighte againn. Sin rud atáimid sa tóir air, rud atáimid ina dhiaidh. Déanfaimid iarracht leanúint ar aghaidh á thóir.”
Léirigh an Ghaillimh a mianach sa chluiche sraithe idir na foirne i bPáirc na nGael mí Feabhra seo caite. Cé gur chaill foireann óg Mhicheál Donoghue le dhá phointe an oíche sin, dheineadar iarracht dhiamhair ar theacht aniar agus 22 pointe faighte sa dara leath acu.
Níl sa chluiche sraithe sin ach “pointe tagartha” eile do Kiely, áfach.
“Cluiche maith a bhí ann. Thugadar go leor dá bhfoireann an oíche sin chun imirt.
“Bhí cúigear dá seisear tosaithe ag imirt. Sin áit mhaith dúinn le féachaint air. Ach ar deireadh thiar, cluiche as féin, más maith leat, a bheidh sa chluiche [ceannais].
“Tá a dturas déanta acu ó shin, tá turas déanta againne ó shin. Seo an áit a bhfuil an dá bhóthar ag dul trasna ar a chéile…”
Maidir leis an nasc atá aige féin leis an mbuíon speisialta imreoirí atá faoina chúram le deich séasúr anuas, tabharfaidh sé na chosaint céanna dóibh is a thug sé nuair a bhíodar ag prapáil dá gcéad chluiche ceannais, in aghaidh na Gaillimhe in 2018.
“Rachainn chun cogaidh dóibh, tuigeann siad é sin.”
Agus tráth na cainte críochnaithe, rachaidh siad chun cogaidh arís dó Dé Domhnaigh.
Fág freagra ar '‘Rachainn chun cogaidh dóibh, tuigeann siad é sin’ – John Kiely agus an 63 comhrá a thug Luimneach ar ais go dtí an cluiche ceannais'