Baineadh siar as scata nuair a tháinig Corcaigh aniar aduaidh ar Dhún na nGall i mBealach Féich tar éis dóibh a bheith seacht bpointe chun deiridh sa chluiche a imríodh coicíos ó shin. Ní dóigh liom, áfach, gur toradh é ná raibh Corcaigh féin ag súil leis agus ní dóigh liom ach an oiread go mbeadh aoinne ag cáiseamh a n-áit sna babhtaí ceathrú ceannais inniu orthu. Thángadar aneas le plean agus chiúnaíodar na sé mhíle dhéag duine a bhí i láthair i bPáirc Mhic Cumhaill le himirt mhall, le caid stóinsithe agus leis an righneas atá inghinte iontu.
Bhí grinnéachtaint againn ar imirt an lae trí mhioneachtra amháin idir Tommy Walsh agus Michael Murphy ocht nóimeat ó dheireadh nuair a bhain fear Cheann Toirc an chaid de Murphy. Ghluais sé chun cinn go diongbháilte agus thug aon lascadh éachtach amháin don gcaid chun cúpla, nó scór dhá phointe, a aimsiú, cic a chuir Corcaigh chun cinn don gcéad uair sa chluiche.
B’fhéidir nár thuigeamar i gceart ag an am é ach b’eo fear amháin agus a threibh ag gluaiseacht go dásachtach chun cinn agus fear eile is a threibh siúd ag cúbadh chuchu féin. Tá a fhios anois againn nár tháinig Dún na nGall as an dtreascairt a deineadh orthu ach níl aon tomhas go fóill againn ar an misneach a thabharfaidh an bua is déanaí seo do Chorcaigh.
Beidh na haon unsa den mhisneach sin ag teastáil i bPáirc a’ Chrócaigh inniu toisc ná fuil cluiche craoibhe buaite i gceanncheathrú CLG ag Corcaigh ó fuaireadar an fear maith ar an nGaillimh sna babhtaí cáilithe in 2013. Go deimhin, tá Corcaigh ag iarraidh a gcéad chluiche leathcheannais a shroichint ó 2012 agus níl oiread is cluiche amháin, idir shraith is chraobh, buaite i bPáirc a’ Chrócaigh acu ó 2015 mar a mbuadar ar Dhún na nGall.
Ón lá san amach, tá teipthe ar Chorcaigh in ocht gcinn de chluichí i bPáirc a’ Chrócaigh- in aghaidh na gConallach sa chraobh in 2016, Áth Cliath i gcluiche ceannais sraithe na bliana 2015, agus aríst i mbabhtaí sraithe in 2019, 2022 agus anuraidh. Bhuail Tír Eoghain orthu in 2019, fuair Doire an ceann is fearr orthu in 2023 agus fiú i gcluiche ceannais na sraithe Roinn 2 san earrach i mbliana chailleadar in aghaidh na Mí.
Ní féidir le himreoirí an lae inniu ualach peacaí a sinsear a dh’iompar ach fós féin, tugann sé léiriú ar an ndubhléim atá le tógaint ag peileadóirí Chorcaí an deireadh seachtaine seo.
Caithfear ana-chreidiúint a thabhairt dá mbainisteoir, John Cleary, as an tslí stuama, umhal agus ceal buaileam sciath atá a chriú tugtha chomh fada le Páirc an Chrócaigh an uair seo aige. Ní gan dua ná scóladh atá a chúram déanta i mbliana ag Cleary agus má bhí tástáil riamh le déanamh ar a fhoighne is a chreideamh, tháinig sé tar éis chluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chiarraí.
Bhí Ciarraí chomh leochaileach is a bhíodar le tamall fada i gCill Airne an lá úd, ach níor tástáladh a ndintiúirí sa dara leath in aon chor agus d’éalaíodar leo abhaile le Corn Pháidí Uí Shé. Bhí dianiniúchadh le déanamh ag Corcaigh agus ag John Cleary orthu féin ina dhiaidh sin ach féach go ndeineadh é agus freagraíodh lucht an amhrais le buanna breátha in aghaidh na Mí is na gConallach.
Is léir le tamall go bhfuil ana-obair déanta i réimse an nirt is na haclaíochta ag Corcaigh ach is léir chomh maith go bhfuil obair déanta acu ar an dtréith sin den imirt gur deacair a thomhas agus gur deacra fós a chothú – buanseasmhacht.
Tá toradh na hoibre sin le feiscint sa mhéid is ná fuil ach trí chluiche idir shraith is chraobh caillte i mbliana acu – cluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chiarraí, cluiche ceannais na sraithe in aghaidh na Mí agus stánáil fiche pointe i ngnáthchluiche sraithe i dtús an Mhárta i gcoinne Dhoire. Le deich gcinn de chluichí as trí cinn déag buaite in 2026, táid ar cheann des na foirne is buanseasmhaí fágtha sa chraobh.
Aisteach go leor, tá ceann de na foirne is guagaí agus is lú gur féidir brath orthu, Maigh Eo, ag seasamh idir iad inniu agus cluiche leathcheannais na hÉireann fé cheann coicíse.
Tá oiread ceisteanna fé Mhaigh agus iad tagtha go dtí’n bpointe seo sa bhliain. An féidir leo bheith ag brath ar a mbáideoir Jack Livingstone chun iad a tharrtháil gach aon lá a théann siad chun páirce? An féidir leo múnla cosanta a fhorbairt in imeacht seachtaine a cheilfidh spás ar leithéidí Steven Sherlock, Chris Óg Jones agus Mark Cronin? An mbeidh Darragh Beirne agus Paddy Durcan tagtha chuchu féin tar éis a ngortuithe seachtain ó shin?
An acmhainn do Jordan Flynn agus Jack Carney dul guaille le guaille le fathaigh ar nós Ian Maguire, Colm O’Callaghan nó fiú Seán Walsh más i lár a gharraí dó? An mbeidh puinn sóinseála le fáil ag Kobe McDonald agus Ryan O’Donoghue, dá fheabhas iad beirt, as Maurice Shanley, Daniel O’Mahony agus Seán Meehan? Luath nó mall, tiocfaidh na freagraí abhaile chuchu agus dar liom, ná fuil oiread éiginnteachta fé Chorcaigh agus gur leo a bheidh an lá.
Más cinnteacht atá uait agus más fíor a ndeir na húdair, tá ainm Chiarraí greanta ar Chorn Sam Mag Uidhir cheana féin. Tá oiread cainte san aer, rith le brothall agus áiféis ag leanúint Chiarraí ón Satharn seo caite go bhfuil dhá rogha anois acu – an choróin a chur ar a gceann lom díreach nó teacht go Páirc a’ Chrócaigh don dara cluiche ar ceathrú tar éis a sé tráthnóna ullamh chun catha. Is cinnte go mbeidh Tír Eoghain ag teacht le faobhar agus n’fhacasa riamh iad ag umhlú don gcoróin ná d’impireacht ansan thuas.
Níl aon éalú ó chaighdeán na caide a d’imir Ciarraí i gCill Airne Dé Sathairn seo caite agus ní dóigh liom go mbeadh aon Chiarraíoch ag iarraidh cúlú ón áilleacht agus ón ealaín a bhain leis ar uairibh ach an oiread. Más dóigh le lucht leanta na caide sa chontae, áfach, go bhfeacfaidh contae na láimhe deirge Uí Néill glúin don áilleacht sin, níl aon aithne acu ar imreoirí Thír Eoghain, cuid mhaith acu a bhfuil taithí acu ar bhuachtaint ar Chiarraí ag leibhéal na mionúr agus fé 20.
As an bhfoireann a chuaigh chun páirce san Ómaigh in aghaidh Mhaigh Eo trí seachtaine ó shin do Thír Eoghain bhí beirt chosantóirí, Joey Clarke agus Niall Devlin agus ceathrar tosaithe, Seánie O’Donnell, Ronan Cassidy, Ciarán Daly agus Eoin McElholm a dhein nós de bheith ag briseadh croíthe Chiarraí ag leibhéal fé 20 ó 2022 i leith. Ná ceap go dteastóidh uathu siúd an nós sin a bhriseadh ag an bpointe seo.
Tá réabhlóid nó éabhlóid chiúin ar bun ag Malachy O’Rourke leis an ngrúpa seo agus beagán ar bheagán, tá imreoirí a bhíodh lárnach á n-imeallú agus imreoirí ná fuil aon cheal misnigh orthu á gcur i lár stáitse. Anuas air sin, ní dócha go bhfuil oiread scíthe fachta ag aon fhoireann as an ocht gcinn atá fágtha sa rás is atá ag imreoirí Thír Eoghain. Níl i gcluiche an lae inniu ach a gceathrú cluiche craoibhe agus cuimhnigh ná fuil aon cheann caillte acu i ngnátham. Beidh siad úr agus friseáilte.
An leor é chun Ciarraí a chloí tráthnóna?
Má ghlacann Ciarraí go fonnmhar le hualach an ionchais agus má ghlacann siad leis go gcaithfear na lámha a shalú, is fearr d’fhoireann iad Ciarraí fé láthair. Meabhróidh cás Mhicheál Burns (atá fillte ar an bpainéal) don uile dhuine agus dóibh siúd atá meáite ar Chiarraí a adhradh, gur féidir le haon bhuíon chúig dhuine dhéag buachtaint ar cheithre dhuine dhéag fé na rialacha atá i bhfeidhm le dhá bhiaiste anois. Ní hacmhainn do Chiarraí ná d’aon fhoireann eile cluichí a bhuachtaint ar leathchois ná ar leathsheol. Má chuimhníonn siad air sin agus má bhíonn an féinsmacht i réim, beidh sé ana-dheacair buachtaint orthu.
Fág freagra ar 'Treibheanna na Mumhan ag gluaiseacht go dásachtach chun cinn'