Muintir Harry Kane ar an gCeathrú Rua ag súil go mór le cluiche mór Shasana ag Corn an Domhain

Seanaintín le captaen Shasana í Tina Dhonnchú, arb as ceantar Leitir Fraic ó dhúchas di ach a bhfuil cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua i nGaeltachta Chonamara le os cionn leathchéad bliain

Muintir Harry Kane ar an gCeathrú Rua ag súil go mór le cluiche mór Shasana ag Corn an Domhain

Gaolta captaen Shasana Harry Kane ag fáil faoi réir don chluiche leathcheannais Chorn an Domhain idir Sasana agus an Airgintín anocht. Pictiúr Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 Is minic a chloisfeá daoine ag fiafraí dá chéile nuair a bhíonn cluichí móra dá n-imirt, ‘cá mbeidh tú ag breathnú ar an gcluiche?’

Anocht nuair a bheas Sasana agus an Airgintín ag imirt in Atlanta i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain beidh teach amháin sa nGleann Mór ar an gCeathrú Rua a mbeidh trí ghlúin den chlann sáite san imirt ar an teilifís agus údar acu mar gur duine garmhuinteartha leo é captaen Shasana, Harry Kane.

Seanaintín le Harry í Tina Dhonnchú, arb as  ceantar Leitir Fraic ó dhúchas di ach a bhfuil cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua le os cionn leathchéad bliain.

Tá sí pósta ag Johnny Dhonnchú agus aithne mhór ar an teach lóistín leaba agus bricfeasta atá acu ar an ard ar an mbealach isteach don Cheathrú Rua. Tá Tina i gcónaí i mbun an ghnó seo agus is iomaí fámaire is cuairteoir a d’fhan aici le blianta fada.

Ach is dóigh gur ar éigean atá aon duine dá cuid cuairteoirí níos cáiliúla ná a garnia Harry Kane a thug cuairt ina ghasúr ar a sheanaintín ar an gCeathrú Rua i gcuideachta a athar agus a sheanathar, Michael John Kane, deartháir Tina.

Tá triúr clainne ag Tina agus ag Johnny Dhonnchú – Enda agus Barry atá lonnaithe sa gcomharsanacht sa nGleann Mór agus Martha in Indreabhán.

Tá ochtar garchlann freisin sa gcomhluadar. Col cúigearacha agus col seisearacha iad seo uilig do Harry Kane. Anocht beidh buíon acu ar an teaghlach ag Tina ag breathnú ar an gcluiche mór agus dúirt sí go mbeidh na pizzas faoi réir aici don gharchlann le go mbeidh greim le n-ithe acu le linn an chluiche.

Col seisreacha Harry Kane le geansaí Tottenham Hotspur a shínigh captaen dóibh.  Ó chlé: Joachim Hoban (3); Orla Hoban (11); Emma Ní Dhonnchú (8); Caoimhe Ní Dhonnchú (17); Conor Ó Donnchú (15); Alva Ní Dhonnchú (16); Sarah Hoban (13) agus Eoghan Ó Donnchú (13). Pictiúr Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá sé de nós acu ó thosaigh an Corn Domhanda cruinniú timpeall ar an tseanmhuintir ag faire éachtaí Harry nuair a bhíonn Sasana ag imirt. Bíonn Tina agus Johnny iad fhéin ag coinneáil súil ghrinn ar chúrsaí cé go ndeir siadsan gur beag é a scil sa gcluiche.

Cé gur dhúirt Tina le Tuairisc gur bean phríobháideach í fhéin nach mbeadh ag iarraidh aon aird, is léir go bhfuil sí mórtasach as mac mic a dearthár agus cén fáth nach mbeadh.

Nach bhfuil sé le fada anois ar dhuine de na daoine is aitheanta ar dhroim na cruinne agus ar dhuine de na peileadóirí is cumasaí sa gcraobh dhomhanda i dtuairim cuid mhaith de na húdair.

Bhain sé amach gradam an Golden Boot, príomhscórálaí an chomórtais, ag Corn an Domhain 2018 d’fhéadfadh seans a bheith aige far an ngradam arís an iarraidh seo, agus é san iomaíocht go tréan le leithéidí Kylian Mbappé na Fraince agus Lionel Messi na hAirgintíne.

Bhí dhá dhuine dhéag clainne i gclann Kane i nDamhros, Leitir Fraic. Ba é Michael John, seanathair Harry, an duine ba shine is bhí Tina Dhonnchú i lár baill sa gclann. I Nua-Eabhrac Mheiriceá a rugadh a n-athair Joseph arbh de bhunadh Leitir Fraic a mhuintir, dream a d’fhill ar Éirinn am éicínt siar tús an chéid seo caite. Anne Lydon a bhí ar an máthair.

Tá seisear den dáréag ar shlí na fírinne anois agus an seisear eile idir Éirinn, Sasana agus Meiriceá. Ní le peil amháin a tógadh an chéad ghlúin eile mar tá cáil an cheoil ar chuid den chlann atá níos óige – Liz agus Yvonne Kane ina measc.

Chuaigh roinnt den chlann ar imirce ina n-óige mar a rinne a lán. Go Londain is go Kent i Sasana a chuaigh seanathair Harry Kane áit a raibh sé ina mhaor scoile tráth. Bhí triúr mac aige, duine acu Pat, athair Harry.

Is minic a thugann Pat agus a chuid deartháireacha cuairt ar a n-aintín Tina ar an gCeathrú Rua.

Is minic freisin a thug clann Tina agus a gcuid gasúr cuairt sall go Sasana ag breathnú ar Harry Kane ag imirt go mór mór i Tottenham. De réir na dtuairiscí níl inseacht scéil ar an gcóir a cuireadh orthu, ní hamháin óna nduine muinteartha fhéin ach ó na peileadóirí eile a bhíodh ar aon fhoireann leis. Tá geansaithe acu sínithe ag Harry agus ag na peileadóirí eile agus neart cuimhneachán is pictiúir bhreátha le Harry ag na hócáidí móra a bhí acu thall.

Barry Ó Donnchú, a mhac, Conor, agus Harry Kane nuair a bhí captaen Shasana ar cuairt ar Éirinn. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Dúirt Tina Dhonnchú le Tuairsc gur duine é Harry Kane nach bhfuil aon éirí in airde faoi agus gur mór é a spéis i gcónaí ina mhuintir in Éirinn. Deartháir amháin atá aige, Charlie, atá níos sine. Chas Tina leis go minic leo le blianta anuas thiar i Leitir Fraic agus thall i Sasana freisin. Bhí sé i Leitir Fraic scaitheamh de bhlianta ó shin ar shochraid a sheanathar Michael John agus a sheanmháthar Theresa as Luimneach ó dhúchas. Tá siadsan curtha i Leitir Fraic.

Cá bhfios ach dhá chluiche beag eile a bhuachtáil nach bhfeicfí Harry Kane i gConamara agus Corn an Domhain aige ina lámh i Leitir Fraic agus sa nGleann Mór ar an gCeathrú Rua.

Tharla rudaí níos aistí.

Fág freagra ar 'Muintir Harry Kane ar an gCeathrú Rua ag súil go mór le cluiche mór Shasana ag Corn an Domhain'