Tá léarscáil nua de na Blascaodaí eisithe ag INFOMAR, togra fiche bliain a dhéanfaidh mapáil ar ghrinneall na bhfarraigí timpeall ar Éirinn. Tá eolas fisiciúil, ceimiceach agus bitheolaíochta le fáil sna léarscáileanna a chruthaíonn an togra, a fhaigheann maoiniú ó Roinn an Chomhshaoil.
An tseachtain seo, eisíodh an chéad léarscáil eile sa tsraith ‘Bluescale Island’ – léarscáil de na Blascaodaí, na hoileáin cháiliúla Ghaeltachta amach ó chósta Chorca Dhuibhne. Eisíodh léarscáil d’oileán Gaeltachta eile, Cléire, cúpla seachtain ó shin.
Léirítear ar an léarscáil nua, agus sa tuarascáil ghairid a foilsíodh in éineacht léi, na hoileáin féin agus grinneall na farraige timpeall orthu. Tá na himill fothoinn, cainéil chaola, agus carraigeacha loma faoin bhfarraige le feiceáil ann, gnéithe a léiríonn “cumhacht iomlán an Atlantaigh” ar leithinis Chorca Dhuibhne.
Tugtar léargas sa tuarascáil a foilsíodh in éindí leis an léarscáil ar gheolaíocht na n-oileán don ghnáthphobal. Insítear stair fhada na n-oileán – a bhíodh ina gcuid de leithinis Chorca Dhuibhne tráth dá raibh – agus na próisis a d’imir tionchar orthu in imeacht na gcianta.
Tá eolas sa tuarascáil freisin ar “charachtar an cheantair” – na haillte agus carraigeacha agus na gnáthóga a dtaithíonn éanlaith agus ainmhithe an réigiúin.
Deirtear go bhfuil na Blascaodaí fréamhaithe go domhain “i gcuimhne chultúrtha mhuintir na hÉireann” agus luaitear an dlúthnasc ag na hoileáin le scríbhneoirí agus seanchaithe amhail Peig Sayers agus Tomás Ó Criomhthain.
“Tugann an léarscáil agus an tuarascáil léargas níos géire ar an áit atá tábhachtach ó thaobh an nádúir agus ó thaobh an chultúir agus tugtar spléachadh ar an ngrinneall iontach atá timpeall ar an oileánra íocónach seo,” a dúirt INFOMAR.
Fág freagra ar 'Léarscáil nua de na Blascaodaí eisithe ag lucht togra mapála fiche bliain'