Ceist chigilteach theorainneacha na Gaeltachta ar Love Island
Bhí daoine chomh tógtha sin leis an suirí agus an spallaíocht ar an gclár Love Island nár tógadh aon cheann den eachtra ba chonspóidí ar fad a tharla ar oileán an ghrá.
Fear na bhForbacha, an t-imreoir peile leis an nGaillimh, Seán Fitzgerald, a tharraing anuas an chonspóid bhinbeach atá beo le 100 bliain. Níl focal feicthe againn faoi seo in aon cheann de na nuachtáin a bhíonn chomh gafa sin le gach cor agus casadh i scéalta an chláir, ach ní fhéadfadh Dialann Tuairisc am méid a chualamar a chreidiúint.
Seo chugainn Fitzy agus an lasair á cur sa bharrach aige maidir le ceist theorainneacha na Gaeltachta!
Ag míniú a dhúchais Gaeltachta dá ghrá geal nua Lola a bhí Fitzy.
“Tá cónaí orm sa Ghaeltacht agus mar sin Gaeilge ar fad a labhraítear ann, bainim le pobal a labhraíonn an Ghaeilge…
“Mar sin, tá Béarla agat, Béarla arís agus ansin an áit a bhfuil cónaí ormsa sin an chéad áit sa Ghaeltacht.”
Níl aon dabht ach ag daoine i mBearna faoi sin, gan trácht ar chorrdhuine i gceantar Gaeltachta iarthar chathair na Gaillimhe.
Ach murar leor sin chuaigh Fitzy sáite chomh maith i gceisteanna conspóideacha síceolaíochta faoi mheon mhuintir na Gaeltachta agus dlisteanacht na dteorainneacha a leagadh síos céad bliain ó shin, i mí Lúnasa 1926.
Ach an mbíonn gach duine sa Ghaeltacht ag labhairt na Gaeilge? a d’fhiafraigh Lola de.
‘Táimid in ainm is a bheith, ach ní bhíonn,’ arsa Fitzy.
N’fheadar ar éirigh le Lola mionphointí cheacht sochtheangeolaíochta agus tíreolaíochta Fitzy a thabhairt léi.
Ghéill sí nach raibh sí rómhaith ag an tíreolaíocht. Cheap sí go raibh sí ar saoire san Iorua nuair a bhí sí óg go dtí gur mhínigh a máthair di gur i Norwich a bhí sí. Bhí sí an aois chéanna, seacht mbliana déag, nuair a thuig sí nach raibh an Danmhairg i Sasana.
Agus mar bharr ar an donas, bhí ar Fitzy a mhíniú di nach raibh teorainn ag na Forbacha le Sasana.
Seo an t-aon mhír ó Love Island a seoladh chugainn agus mar sin ní fhéadfaimis a rá ar lean an comhrá isteach san oíche agus ar pléadh gnéithe eile de cheist na teanga.
Ar éirigh idir Fitzy agus Lola faoi dhiúltú an Rialtais don mholadh a deineadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 go gcuirfí bonn teangeolaíoch faoi theorainneacha na Gaeltachta trí chóras catagóirí A, B agus C a thabhairt isteach do na ceantair éagsúla Ghaeltachta a bheadh bunaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge iontu a labhraíonn an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais?
Seans nach mbeidh a fhios againn go deo.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
‘When I went to school, an Ghaeilge was not cool’
Dá siúlfadh naonúr cainteoirí Gaeilge agus Béarlóir amháin isteach i mbéar sa Ghaeltacht an Gaeilge nó Béarla a labhróidís lena chéile? Sin ceist a bhí á cíoradh sa Dáil acu an oíche cheana agus cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht á bplé.
Ní raibh aon amhras ar Pheadar Tóibín ó Aontú ach go n-iompódh an comhluadar go léir ar an mBéarla.
Níor aontaigh Naoise Ó Muirí ó Fhine Gael leis. Bhí meon mhuintir na Gaeltachta i leith na Gaeilge athraithe ar fad ó bhí sé féin ag fás aníos ar an Spidéal, a dúir Ó Muirí.
“When I went to school, an Ghaeilge was not cool,” a dúirt sé. Ach bhí sí ‘cool’ anois a bhuíochas, dar leis, le manglam fíor-ait d’fhórsaí cultúrtha dosháraithe.
‘I think a combination of TG4, Ros na Rún, Telegael, Gteic and that type of stuff has made it cool again to speak the Irish language,’ arsa Ó Muirí.
“If the Minister were to walk into Siopa an Phobail in Indreabhán, the nine speakers will convert the other way round.”
An rud a bhí íorónta faoi cheist seo an naonúr Gaeilgeoirí agus an Béarlóir amháin, ná gur i nGaeilge a bhí an díospóireacht go léir nó gur thosaigh Peadar Tóibín ag caint.
Fear maith é Tóibín chun an Ghaeilge a labhairt de ghnáth ach an uair seo roghnaigh sé an Béarla agus lean Naoise Ó Muirí agus Aire na Gaeltachta Dara Calleary leis an mBéarla ina dhiaidh.
Dá siúlfadh triúr Teachtaí Dála isteach sa Dáil agus Gaeilge acu triúr…
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Lynn Boylan bhocht
Scaipeadh go mear an tseachtain seo mír de Lynn Boylan, an Feisire Parlaiminte ó Shinn Féin, ag cásamh an scéala nach bhféadfadh sí an Ghaeilge a labhairt ag cruinniú coiste de chuid Pharlaimint na hEorpa.
Nuair a cuireadh in iúl di go raibh an deis sin aici, baineadh siar aisti agus dúirt sí go leanfadh sí ar aghaidh i mBéarla mar gur i mBéarla a bhí a cuid ullmhúcháin déanta aici.
Mhothófá beagáinín míchompordach ag féachaint ar Lynn bhocht agus is dócha go raibh sí féin ábhairín beag náirithe.
Bhí imir bheag den chur i gcéill ag baint leis, gan dabht. Ach nuair a chuala Dialann Tuairisc an TUV agus an feisire á cáineadh acu as a bheith ‘weaponising the Irish language’ le ‘performative grievance’ bhraitheamar dualgas orainn féin an taobh eile den scéal a thabhairt.
B’fhéidir go mbeireadh amach ar Boylan ach is í fírinne an scéil gur rud neamhghnách é go mbeadh córas ateangaireachta Gaeilge ag na cruinnithe seo. Fadhb mhór atá ann a fhágann nach lánstádas go fóill an lánstádas atá ag an nGaeilge san AE.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Ambasadóir na Breataine ar Adhmhaidin
Bhí lámh an chairdis á síneadh amach ag an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo nuair a chuir Gormfhlaith Ní Thuairisg agallamh ar Ambasadóir na Breataine chun na hÉireann, Kara Owen, agus an chaint ar fad i nGaeilge. Sa dá scór bliain atá Adhmhaidin ar an bhfód, a dúirt Gormfhlaith, ba é seo an chéad uair ag an dtaidhleoir is sinsearaí de chuid na Breataine a bheith faoi agallamh ar an gclár.
Tá moladh mór tuillte ag Owen as a cuid iarrachtaí leis an teanga. Chaith sí seachtain ar Inis Meáin ag foghlaim Ghaeilge le deireanas agus dúirt sí le Gormfhlaith go mbeadh an t-oileán “i mo chroí go deo”.
“Sa Ghaeltacht tá deis i bhfad níos mó agat an teanga a labhairt agus a thuiscint ar bhealach nádúrtha,” a dúirt sí.
Dúirt sí freisin go n-úsáideann sí an Ghaeilge chomh minic agus is féidir léi, ina cuid óráidí agus nuair a bhuaileann sí leis an Uachtarán agus leis na hAirí Rialtais anseo. “Tugann sé léargas dom agus cuidíonn sé liom nasc a chothú le muintir an phobail,” a dúirt sí.
Nuair a fiafraíodh di faoin gcaidreamh idir rialtais na hÉireann agus na Breataine, bhí sí dóchasach, ag rá go bhfuil an comhoibriú níos fearr ná riamh agus iad ag comhoibriú ar chúrsaí gnó, fuinnimh, slándála agus mar sin de.
“Céard iad na dúshláin is mó a fheiceann tú i do chuid oibre sa tréimhse amach romhainn?” a d’fhiafraigh Gormfhlaith di agus an t-agallamh ag teacht chun críche. Bhí an cairdeas nua ar thalamh bog.
“Freagra maith a bheith againn mura n-éireoidh go maith le Sasana sa Chorn Domhanda!” a d’fhreagair an tAmbasadóir agus í idir mhagadh agus dáiríre.
Níl aon amhras ach go mbeidh na scileanna taidhleoireachta á dtástáil go géar an uair sin.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Ceist chonspóideach theorainneacha na Gaeltachta ar Love Island'