Áirítear go bhfuil luach €9 milliún caillte ag feirmeoirí éisc i gCuan Dhún Garbhán le dhá bhliain anuas.
Oisrí aibí ag fáil bháis gan choinne bun is barr an scéil.
Tá Tadhg Ó Maoileoin ar dhuine acu siúd a deir go bhfuil na céadta mílte euro caillte aige agus é imníoch go mbeidh deireadh leis an ngnó mura n-aimsítear foinse na faidhbe.
Saolaíodh Tadhg i gCorca Dhuibhne.
Ach tar éis dó cúrsa gnó a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe, fuair sé a chéad phost i Rinn Ó gCuanach sa bhliain 1983.
Is ann atá sé go sona sásta riamh ó shin, cé go dtugann sé sciuird abhaile ar Chorca Dhuibhne go minic.
Thug Helen cuairt air sna Déise le déanaí, mar ar labhraíodar ar a óige ar an nGráig, ar theacht an scannáin Ryan’s Daughter, ar bhogadh go dtí an Rinn, ar ‘vibrations’ Nioclás Tóibin, ar ghéarchéim thithíochta na Gaeilge agus ar na fadhbanna móra atá ag cur as dá shlí bheatha agus ar go leor eile.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Tadhg Ó Maoileoin…’Tá na hoisrí ag fáil bháis agus níl aon fhreagra againn go fóill’'