Agus rabhadh dearg, oráiste nó buí i bhfeidhm sa chuid is mó den Eoraip faoi láthair de bharr an teasa mhínádúrtha, rith ceist liom a ritheann liom gach bliain um an dtaca seo: cén chaoi is féidir tabhairt faoin scríbhneoireacht sa teas? De réir na n-eolaithe, ní fheidhmíonn an intinn dhaonna i gceart nuair a bhíonn an teocht os cionn 24 céim Celsius.
Shílfeá go mbeadh mo dhóthain ama faighte agam chun cuimhneamh ar réiteach agus cónaí orm sa Bhrasaíl ar feadh 16 bliana, ach – mar ab éigean dom a mhíniú do mhórchuid daoine le seachtain anuas – ní hionann an teas sna trópaicí agus san Eoraip.
Sna tíortha atá gar don mheánchiorcal, téann an ghrian a luí ag timpeall a 6 a chlog sa tráthnóna, agus bíonn deis ag talamh agus aer fuarú. San Eoraip, an tráth seo den bhliain, bíonn an ghrian ag lonrú go dtí a 9 nó a 10 san oíche, agus ní thiteann an teocht ach ar éigean go dtí go n-éiríonn an ghrian arís.
Lena chois sin, is féidir leat do rogha rud a rá faoin infreastruchtúr sna trópaicí, ach bíonn sé in oiriúint don teas. San Eoraip, níl muid ach tosaithe ar an athchóiriú atá le déanamh ar ár gcuid foirgneamh.
Ach ar ais chuig an scríbhneoireacht. Tá an colún seo ag teacht chugat ón leabharlann, áit a bhfuil córas aeroiriúnaithe i bhfeidhm. Ach dúnfaidh an teach seo ag a 5 tráthnóna agus beidh orm aghaidh a thabhairt ar árasán ar geall le hoigheann é le seachtain anuas. Tráthnóna inné bhain an teirmeastat sa seomra suí 31.5 céim Celsius amach; 35 céim a bhí an teocht taobh amuigh. Ag meán oíche, bhí an teocht taobh istigh fós ag 28.5 céim.
Ar ámharaí an tsaoil níl aon mhórthogra scríbhneoireachta ar bun agam faoi láthair. Ach dá mbeadh – agus mura bhféadfainn an spriocdháta a chur siar – an mochéirí an réiteach a bheadh agam ar an bhfadhb.
Sin, nó díriú ar ghné éigin den scríbhneoireacht nach mbeadh chomh dian sin ar an intinn. Taighde, mar shampla, nó go deimhin an léitheoireacht – leathchúpla na scríbhneoireachta.
Ach b’fhéidir gurb é an rud is fearr a d’fhéadfadh scríbhneoirí san Eoraip a dhéanamh anois ná pleanáil ar aghaidh. De réir na n-aimsireolaithe is baolach gur féidir linn glacadh leis go mbeidh drochbhrothall ann arís an samhradh seo chugainn, ní hamháin sin ach gur brúidiúla an teas gach bliain feasta de bharr an athraithe aeráide.
A chinntiú nach mbeidh ualach mór scríbhneoireachta le déanamh sa samhradh, sin é an buachaill – ach drochnuacht cheart é sin dóibh siúd a bhíonn ag brath ar shaoire mhór an tsamhraidh chun dul i mbun pinn. An amhlaidh go mbeidh laghdú ar an táirgeacht litríochta ar cheann de na mílte fothorthaí gan choinne ar an athrú aeráide?
alan titley
Éirí go fíormhoch ar maidin! Abair ar a 5.00,,,ba cheart go mbeadh fionnuaire éigin ann ag an am sin. Ansin machnamh i rith an lae…Ach tuigim duit. Ní hé go leanaim seo, gan amhras.