Craiceann an dóchais ar theachtaireacht Andy Burnham ach dúshlán mór roimhe

Abhus i dTuaisceart Éireann ba bheag coinne a bhí le briseadh Hilary Benn agus ceapadh Chris Bryant mar státrúnaí

Craiceann an dóchais ar theachtaireacht Andy Burnham ach dúshlán mór roimhe

Tá an stíl nua. An cur chuige difriúil. Tá Andy Burnham, Príomh-Aire nua na Breataine, ar a chompord i gcomparáid le foirmeáltacht a réamhtheachtaí Keir Starmer. Tá an cúigiú Príomh-Aire i dtréimhse ceithre bliana deisbhéalach, ar fheabhas i mbun cumarsáide, é in ann craiceann an dóchais a chur ar a theachtaireacht fiú nuair is léir go mbeidh dúshláin ollmhóra le sárú.

An mbeidh sé in ann polaitíocht na Breataine a chur ar bhonn seasmhach arís? Dúirt sé ina chéad óráid os comhair Uimhir 10 Sráid Downing gur thuig sé go maith an gá le seasmhacht i bhfianaise na guagachta le deich mbliana anuas. Is eisean an 6ú Príomh-Aire nua san tréimhse sin ó d’éirigh an Príomh-Aire Cameron as oifig an mhaidin i ndiaidh reifreann an Bhreatimeachta. Ceap áiféise ag roinnt is ea an líon ollmhór sin agus údar imní ag tuilleadh; comhartha sóirt is ea é ar an mhíshocracht a mhúsclaíonn an cheist, an bhfuil an Bhreatain do-rialaithe.

Beidh le feiceáil cé chomh forásach is a bheidh rialtas Burnham. Ni fheicfear a phlean deich mbliana go ceann ráithe. Ceist eile ar fad í an bhfaighidh sé deich mbliana i dtír atá imithe i dtaithí ar phríomh-airí a ruaigeadh.

Tá cuid dá chuid tosaíochtaí nochta. Ina measc, tá deireadh le codladh amuigh, comhairlí áitiúla a bheith i bhfeighil soláthar tithe, feabhas go práinneach ar an gcóras cúram sóisialta agus cabhair leis an gcostas maireachtála do dhaoine atá i gcruachás. Tá na haidhmeanna sin fite fuaite lena mhisean chun dílárú cumhachta a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe chuig na réigiúin inar scriosadh tionsclaíocht sna hochtóidí.

Cheistigh go leor an mbeadh Burnham níos deimhní ná Starmer a rinne iliomad u-chasadh faoi bhrú óna fheisirí féin. Más leide an sceanairt a rinne sé ar Státrúnaithe a bhí cóngarach do Starmer níl leisce ar bith ar Burnham cinntí deacra a dhéanamh. Bhí bata agus bóthar faighte ag deichniúr as an gcomh-aireacht faoi am tae. Ghlac sé sleaschéim bheag ar chlé lena chuid ceapachán agus d’éirigh leis a theacht aniar aduaidh ar gach éinne nuair a roghnaigh sé John Healey mar Sheansailéir.

Abhus i dTuaisceart Éireann ba bheag coinne a bhí le briseadh Hilary Benn. Ó bhí Benn gafa le cainteanna idir an Státchiste agus feidhmeannas Stormont maidir le cúrsaí buiséid, bhíothas den bharúil nach mbeadh ciall lena dhealú ón bpróiseas.

Níl aon bhuiséad aontaithe ag Stormont don bhliain reatha agus mura ndéanfar socrú taobh istigh de sheachtain caithfear dianchiorruithe a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí. Bhí súil go mbeadh fuascailt eicínt ag Benn – agus Burnham – an tseachtain seo. Ceapadh freisin go raibh cúram Benn mar mholtóir an Bhille um Oidhreacht na dTrioblóidí, atá ar chúrsa na Parlaiminte, róthábhachtach chun é a athrú.

Beag beann ar na nithe sin tá Benn imithe agus Chris Bryant ceaptha mar chomharba air. Feisire Parlaiminte do Rhondda agus Ogmore na Breataine Bige é Bryant ó 2001. Iarshagart Anglacánach é ach d’fhág sé an Eaglais i ngeall ar a leagan amach i leith a ghnéasachta – is fear aerach é. Feachtasóir ar son chearta LADTA agus caighdeán iompair ionadaithe Parlaiminte is ea é. Údar é freisin, iarcheannasaí ar ghnóthaí Eorpacha sa BBC agus iar-aire sóisir sa roinn gnó, sa roinn nuálaíochta agus sa roinn cultúir, meán agus spóirt. Ní léir gur nocht sé suim mhór sa Tuaisceart roimhe seo ach beidh obair throm le déanamh aige.

Teastaíonn ó gach páirtí sa bhFeidhmeannas go méadófaí buiséad Stormont agus go gcuirfí ar bhonn seasmhach é. Thairis sin teastaíonn ó Shinn Féin go ndéanfaidh rialtas Burnham agus Chris Bryant obair ullmhúcháin le haghaidh reifreann faoin teorainn. A mhalairt sin a éilíonn an DUP – go neartófaí ról Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe agus go ndaingneofaí teorainneacha. Tá gach páirtí den bharúil gur gá Stormont a neartú chun go bhfeidhmeoidh sé níos fearr. Ní nach ionadh ní hé an leigheas céanna atá uathu go léir, iad cíocrach chun é sin a chur in iúl don Ridire Chris Bryant ar a chéad chuairt.

Fág freagra ar 'Craiceann an dóchais ar theachtaireacht Andy Burnham ach dúshlán mór roimhe'