Tá Noreen McHugh, bean iarpheileadóir Dhún na nGall James McHugh a maraíodh i dtimpiste bhóthair an tseachtain seo, tar éis bháis. Gortaíodh Noreen go dona sa timpiste chéanna agus tugadh chuig an ospidéal i mBaile Átha Cliath í ach fógraíodh aréir go raibh sí féin imithe ar shlí na fírinne.
Tharla an timpiste i gcontae an Chabháin tráthnóna Dé Luain nuair a bhuail an carr a bhí James McHugh a thiomáint agus veain faoina chéile ar an mbóthar idir Achadh an Iúir agus baile an Chabháin.
Bhain mionghortuithe do thiománaí an veain, fear sna caogaidí, sa timpiste freisin agus tugadh chuig an ospidéal é.
Tá an Garda Síochána ag achainí ar aon duine a chonaic an timpiste nó a bhí ag taisteal ar bhóthar an N3 idir Achadh an Iúir agus baile an Chabháin Dé Luain idir 1-2pm labhairt leis na Gardaí.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas nó físeán daischeamara acu teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí i gCoill an Chollaigh ar 042 969 4570, glaoch ar líne rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó teagmháil a dhéanamh le haon stáisiún Gardaí.
Bhí aithne mhór ar James McHugh, a bhí 62 bliain d’aois, duine de laochra peile Dhún na nGall agus Craobh Shinsir na hÉireann buaite aige leis an gcontae i 1992, an chéad uair riamh do na Conallaigh Corn Mhig Uidhir a bhuachan.
Bhain sé féin agus a dheartháir Martin McHugh cáil amach ag imirt le Dún na nGall agus lena gcumann áitiúil, Cill Charthaigh. Bhuaigh sé Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall trí huaire leis an gcumann agus bhí sé mar chuid d’fhoirne Chill Charthaigh a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta ceithre huaire idir 1987 agus 1991.
“Cara dílis, comhluadar iontach, peileadóir den scoth agus duine fíor-uasal,” a thug iarimreoir Dhún na nGall Anthony Molloy ar a chara.
Maireann mac agus iníon, Eoin agus Emma, le James agus Noreen McHugh.
Tá Uachtarán CLG Jarlath Burns, CLG Dhún na nGall agus CLG Chill Charthaigh ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu do James McHugh ar scéala a bháis.
Fág freagra ar 'Noreen McHugh tar éis bháis de bharr na timpiste a mharaigh a fear James'