Bhí an teocht níos airde sna haigéin an mhí seo caite ná a taifeadadh riamh roimhe seo i mí Iúil.
Bhí tonnta teasa scalltacha ar fud iarthar na hEorpa i rith na míosa seo caite agus níl aon fhuarú á ghealladh ag Seirbhís Athraithe Aeráide Copernicus a d’fhógair go bhfuil dálaí El Niño ag forbairt arís san Aigéan Ciúin Meánchriosach.
Seachas an chuid sin den Aigéan Ciúin atá i réigiúin na mol, bhí an mheánteocht ag dromchla na farraige san aigéan ar an gceann is teo a taifeadadh riamh do mhí Iúil, 20.96 Celsius. Sa mbliain 2023 a cláraíodh an teocht ab airde go dtí sin ag an tráth sin bliana, 20.89C, ardú .07C de théamh le trí bliana.
Bhuail tonnta teasa diana cuid mhór den fharraige in iarthar na hEorpa an samhradh seo, go háirithe le cósta an Atlantaigh agus an chuid thiar den Mheánmhuir. Tá sé á thuar ag Seirbhís Copernicus go neartóidh dálaí El Niño thairis mar atá siad faoi láthair sna míonna seo romhainn agus dá mbarr fanfaidh teocht dhromchla na farraige an-ard go deo san Aigéan Ciúin Trópaiceach.
Ní hí an mhuir amháin a bhí bruite sa dá mhí atá díreach caite mar bhí sé ina bhruth teasa ar tír freisin in iarthar na hEorpa agus an t-aer 2.79C níos teo ná an mheánteocht ansin ag an tráth sin den bhliain. Mar bharr ar an mí-ádh is fánach an bháisteach a rinne sé agus bhí sé ina thriomach díobhálach. Bhí an leibhéal fliuchrais níos ísle fiú ná a bhí in Iúil 2022, an samhradh deiridh a raibh sé ina thriomach tréan san Eoraip.
Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag an triomach mínádúrtha seo. Tá leibhéal an uisce sna haibhneacha tite go damanta, an Seine, an Réin agus an Danóib ar thrí cinn acusan atá íseal agus brú dá réir á chur ar an soláthar uisce, ar chúrsaí talmhaíochta agus beatha agus ar tháirgeadh fuinnimh.
Bhí an Meitheamh agus Iúil atá imithe ar na cinn ba theo dá bhfuil taifead againn orthu agus falscaithe ag loscadh réimsí móra de réigiún na Meánmhara.
Tuilleadh den bhrothall atá á thuar anseo in Éirinn agus an chosúlacht air go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 29 céim Celsius sna laethanta beaga seo romhainn agus spéir ghlan agus scaití gréine á ngealladh dúinn.
Te brothallach meirbh a bheidh sé as seo go ceann cúpla lá agus scaití gréine ann. D’fhéadfadh corrmhúr nó ráigeanna báistí a bheith in áiteanna.
Beidh sé te nó an-bhrothallach inniu agus é tirim den chuid is mó. Beidh neart gréine againn seachas san iarthar mar a bhféadfadh sé a bheith níos scamallaí le corrphaiste brádáin nó salachar báistí. Beidh an teocht is airde idir 20 agus 27 céim Celsius agus san oirthear agus i lár tíre is teo a bheidh sé. Leoithne bhog nó mheasartha anoir aneas a bheas ann.
Beidh tréimhsí gréine san oirthear agus san oirdheisceart ar an gCéadaoin ach corrchith ann freisin. Níos scamallaí a bheidh san iarthar agus san iarthuaisceart agus corr-ráig bháistí sna bólaí sin. Lá te nó brothallach a bheidh ann agus an uasteocht idir 20 agus 28 céim Celsius. Tuaisceart Laighean is teo a bheidh agus leoithne bhog nó mheasartha aneas chugainn.
Brothall atá á thuar arís don Déardaoin, tréimhsí gréine ach corrmhúr san iarthar agus san iarthuaisceart. An teocht fós idir 20 agus 28 nó 29 céim agus an chuid is fearr den teas sin i gCúige Laighean agus an ghaoth aniar aneas bog nó measartha.
Chomh fada agus is meabhair do na saineolaithe faoi láthair beidh bun ar an aimsir faoin deireadh seachtaine, fuarú beag i ndán dúinn agus an teocht níos gaire don teas a bhfuil cleachtadh againn air an t-am seo bliana. Tréimhsí gréine agus corrmhúr fánach atá á thuar don Satharn agus an uasteocht idir 17 agus 22 céim.
Fág freagra ar 'An Meitheamh agus Iúil atá imithe ar na cinn ba theo dá bhfuil taifead againn orthu – Seirbhís Athraithe Aeráide an AE'