Tá Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu d’iarimreoir peile Dhún na nGall agus Chill Charthaigh, James McHugh, atá imithe ar shlí na fírinne.
Fógraíodh tráthnóna Dé Luain go raibh James McHugh, a bhuaigh Craobh na hÉireann lena chontae i 1992, tar éis bháis i dtimpiste bhóthair i gcontae an Chabháin. Bhí sé 62 bliain d’aois.
Gortaíodh bean James, Noreen, go dona sa timpiste chomh maith agus tugadh go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath í chun cóir leighis a fháil.
Bhí James McHugh ar dhuine de laochra peile Dhún na nGall a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann den chéad uair riamh i 1992. Thosaigh sé mar leatosaí ar chlé sa gcluiche ceannais in aghaidh Átha Cliath agus a dheartháir Martin taobh leis.
Bhuaigh James gradam All-Star an bhliain chéanna agus craobh Uladh buaite aige faoi dhó le Dún na nGall, i 1990 agus 1992.
Bhí Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns ina chuid d’fhoireann Ard Mhacha a sháraigh Dún na nGall i gcluiche ceannais Uladh i 1990, lá a roghnaíodh fear Chill Charthaigh mar laoch na himeartha.
Agus é ag labhairt ar eagrán speisialta den chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, rinne Burns comhbhrón le muintir McHugh ar bhás James. Dúirt sé gur “scéal iontach tragóideach” a bhí ann,
Dúirt Burns go raibh James agus clann McHugh “iontach bródúil as a n-áit dúchais” agus go raibh siad “fite fuaite” i ngach gné den chumann.
“Tá an oiread déanta ag an gclann sin don chontae agus don chlub, tá sé deacair é a mheas,” a dúirt Burns.
Dúirt Anthony Molloy, a bhí ar fhoireann bhuacach Dhún na nGall le James i 1992, go raibh a chroí agus croíthe daoine timpeall na tíre briste ag an scéal.
“Cara dílis, comhluadar iontach, peileadóir den scoth agus duine fíor-uasal ab ea James.”

Dúirt Molloy go raibh McHugh iontach bródúil as an nGaeilge agus as an nGaeltacht chomh maith.
Bhuaigh McHugh Comórtas Peile na Gaeltachta ceithre huaire le Cill Charthaigh, ar dtús i 1987 agus ansin trí huaire as a chéile idir 1989 agus 1991. Bhí McHugh ina chaptaen nuair a thug Cill Charthaigh an corn leo thíos i nGallaros i 1990.
“Ba dheacair dúinn a shamhlú, agus tá sé ráite ag daoine eile romhainn, go bhféadfadh imreoir chomh beag rian chomh mór a fhágáil ar an gcluiche. Bhí sé ag rince timpeall na páirce,” a dúirt iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide.
Bhí mac McHugh, Eoin, ina chaptaen ar fhoireann Chill Charthaigh a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta in 2024 i gCill na Martra. Maireann iníon leis, Emma, agus nianna leis iad Mark agus Ryan McHugh, beirt a bhfuil gaiscí déanta acu féin i ngeansaithe an chontae agus an chumainn chomh maith.
Dúirt Sylvester Maguire, fear eile a bhuaigh Craobh na hÉireann le McHugh i 1992, gur fear uasal, cineálta a bhí ann ach a raibh “croí an leoin” istigh ann agus go raibh sé “lán le diabhlaíocht” ar an bpáirc.
Dúirt cumann Chill Charthaigh i ráiteas go rabhthas croíbhriste ag bás James McHugh.
Fág freagra ar '‘Cara dílis, comhluadar iontach, peileadóir den scoth agus duine fíor-uasal’ – ómós léirithe do James McHugh'