Scoláireachtaí Gaeltachta le bronnadh ar dhaoine óga atá faoi chúram altrama

Deir Tusla go bhfuil said ag iarraidh go mbeadh ‘na deiseanna céanna’ ó thaobh na Gaeilge de ag daoine óga atá faoi chúram altrama in Éirinn

Scoláireachtaí Gaeltachta le bronnadh ar dhaoine óga atá faoi chúram altrama

Beidh deis ag daoine óga atá faoi chúram altrama in Éirinn tacaíocht airgeadais a fháil chun cuidiú leo freastal ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta amach anseo.

Faoi scéim úr de chuid Tusla ‘Tús Maith Todhchaí Ghael’, beidh 24 scoláireacht san iomlán ar fáil do dhaltaí meánscoile atá faoi chúram altrama is atá ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge mar ábhar scoile.

Bronnfar scoláireachtaí ar cheathrar daltaí as gach ceann de shé réigiún Tusla ar fud na tíre.

Maoiniú €175,000 a cuireadh ar fáil don scéim agus clúdóidh na scoláireachtaí an costas iomlán ar chúrsa Gaeltachta amháin suas go €1,290. Cuirfear liúntas breise €100 ar fáil chomh maith chun costais taistil, earraí níocháin agus costais riachtanacha eile a chlúdach.

Dúirt Lauren Ní Gharmaile, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Tusla gur “scéim nua” í seo i mbliana agus nach raibh rud ar bith mar seo “déanta roimhe seo”.

“Tá sé deacair agus tá sé costasach do go leor teaghlach freastal ar na coláistí seo mar go bhfuil costas mór ag baint leis ó am go ham.”

“Bhí muid ag iarraidh an bac sin a shárú go háirithe do na daoine sin agus na daoine óga atá faoi chúram altrama ionas go mbeidh na deiseanna céanna [acusan] go háirithe ó thaobh na Gaeilge,” a dúirt sí le Tuairisc.

Dúirt sí go bhfuil sé “chomh tábhachtach” go mbeadh deis ag gach páiste cairde úra a dhéanamh, a gcuid muiníne a fhorbairt agus tógáil ar a gcuid neamhspleáchais agus dúirt go gcuidíonn na cúrsaí samhraidh Gaeltachta leis sin a dhéanamh.

Dúirt Kate Duggan, Príomhfheidhmeannach Tusla, gur cheart go mbeadh an deis ag gach dalta freastal ar an Ghaeltacht agus gur “eispéireas” é a choinníonn daoine cuimhne air suas go dtí go dtéann ordóg an bháis ar a súile.

“Tá muid ag iarraidh go mbeidh an deis chéanna ag daoine óga faoi chúram iad féin a bhá inár dteanga agus inár gcultúr.”

Beidh an tacaíocht airgeadais ar fáil do dhaltaí a n-éiríonn leo scoláireacht a fháil ar feadh trí bliana agus mura mbíonn siad ag iarraidh an spás atá acu a thógáil gach bliain, beidh deis ag daltaí eile an spás sin a thógáil.

Chun cáiliú don scéim caithfidh iarrthóirí a bheith faoi chúram altrama san am i láthair, a bheith ag freastal ar mheánscoil idir an chéad bhliain agus an cúigiú bliain agus ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge mar ábhar scoile.

Is féidir iarratas a dhéanamh faoin scéim scoláireachtaí go dtí an 21 Lúnasa 2026.

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí Gaeltachta le bronnadh ar dhaoine óga atá faoi chúram altrama'