Nochtadh go hoifigiúil i gcathair na Gaillimhe comharthaí nua Gaeltachta a léiríonn teorainneacha na Gaeltachta cathrach do mhuintir na háite agus turasóirí araon.
Crochadh na comharthaí nua ag an teorainn Ghaeltachta in ocht mbaile fearainn atá laistigh de theorainneacha chathair na Gaillimhe chun “ceantair Ghaeltachta uirbeacha stairiúla na cathrach a aithint, a mhapáil, agus a cheiliúradh”.
Tá dhá Limistéar Pleanála Teanga i gcathair na Gaillimhe: Abhantrach, Bearna, agus Cnoc na Cathrach (ABC), ar an taobh thiar; agus An Bruach Thoir, ar an taobh thall de Loch Coirib. Aithníodh na ceantair mar cheantair Ghaeltachta den chéad uair i 1926 agus roinneadh iad ina Limistéir Pleanála Teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá titim shuntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair chéanna ó rinneadh ceantair uirbeacha díobh.
Is iad na bailte fearainn atá sa Ghaeltacht oifigiúil i gcathair na Gaillimhe Tír Oileáin, Cúil Each, Mionlach, Baile an Dúlaigh, an Pháirc Mhór, Baile an Phoill, agus cuid den Chaisleán Gearr.
Dúirt an Chomhairle Cathrach go bhfuil na ceantair sin “mar chuid d’oidhreacht uathúil uirbeach Ghaeltachta” a bhí ann ó bunaíodh an stát ach gur éirigh na teorainneacha “níos doiléire” mar gheall ar fhás agus “leathnú tapa na cathrach” le blianta beaga anuas.
Dúradh go mbíodh “aitheantas níos mó” ag na ceantair mar cheantair Ghaeltachta san am a caitheadh nuair a bhíodh “ainmniúcháin fhoirmiúla theorainn na Gaeltachta agus toghcháin dhíreacha chuig Údarás na Gaeltachta” ann. Mheabhraíodh na toghcháin do dhaoine go raibh na ceantair “mar chuid de cheantair Ghaeltachta a raibh aitheantas oifigiúil acu”.
Tá sé mar aidhm le tionscnamh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe pobail uirbeacha Ghaeltachta a dhéanamh níos feiceálaí arís trí na teorainneacha stairiúla a mhapáil, feasacht ar na bailte fearainn agus logainmneacha a chur chun cinn, agus béim a chur ar oidhreacht uathúil na Gaeilge a bhfuil tionchar aici fós ar na comharsanachtaí seo.
“Fiosrófar bealaí eile sa tionscadal chun na ceantair seo a dhéanamh níos feiceálaí laistigh den chathair trí chomharthaíocht,” a dúirt Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal “mórtas sibhialta” a neartú agus “cur le tuiscint an phobail ar oidhreacht theangeolaíoch na Gaillimhe” agus “ceangal a dhéanamh arís le cónaitheoirí agus an tírdhreach cultúir a mhúnlaigh a bpobal thar na nglúnta”.
Mhaígh an Chomhairle Cathrach go spreagfaidh an tionscnamh comhráite faoi “aitheantas agus leathnú féideartha na bpobal Gaeltachta sa chathair”.
“Má chuirtear síneadh le ceantair Ghaeltachta agus má thugtar tacaíocht dóibh, seachas ligean dóibh lagú de réir a chéile, cruthóidh sé deiseanna nua don teanga trí chomharthaíocht, cumarsáid phoiblí, turasóireacht agus comhfhorbairt áite níos feiceálaí, chomh maith le béim a chur ar an ngá forbartha atá le lorg oideachais níos mó trí Ghaeilge agus bonneagar pobail a bheith ann,” a dúradh i ráiteas ón gComhairle.
Dúradh go raibh níos mó i gceist leis na comharthaí nua ná “teorainneacha stairiúla a thaifeadadh” ach go gcinnteodh an tionscadal go mbeidh “tionchar fiúntach agus feiceálach ag oidhreacht uathúil na Gaeilge i nGaillimh” amach anseo ar an mBaile Seirbhíse Gaeltachta a bheidh ag freastal ar “cheantair uirbeacha agus na cúlchríocha faoin tuath”.
Cuireadh dhá chomhartha dhéag in airde mar chuid den togra.
Dúirt Méara na Gaillimhe, Helen Ogbu, a bhí ag caitheamh t-léine ‘An Dream Dearg’ ag an ócáid, go bhfuil feiceálacht agus beocht na Gaeilge ar cheann de na “buanna is mó atá ag [Gaillimh].
“Trí chur chun cinn agus ceiliúradh ar an teanga, neartaítear ár bhféiniúlacht chultúrtha agus cinntítear ag an am céanna go bhfanfaidh sí ina cuid bheo, fháiltiúil dár bpobal ilghnéitheach agus lánpháirteach anseo i nGaillimh,” a dúirt an Méara.
Mvo
Seafóid agus cuir i gcéill. Beidh seo an t-aon straitéis atá ann don phleanáil teanga? Ag cuir tuilleadh comharthaíocht suas ar fud na Gaeltachtaí (sa gcás seo, bréag-Ghaeltachtaí). Cé mhéid airgid pleanála teanga atá caite ar chomharthaíocht seachas imeachtaí agus tacaíochtaí a chuideodh le daoine an teanga a labhairt agus a choinneál beo beathaíoch?