Tugadh aitheantas speisialta don scríbhneoir agus don drámadóir Noel Johnny Sheáin Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair ag ócáid mhór de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an gClochán Liath le deireanas.
D’eagraigh Ceantar Bardais na nGleanntach, Coiste na Gaeilge, agus Rannóg na Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall ‘Fáiltiú Speisialta’ do Noel, a mhuintir, agus a chairde in Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith tar éis don chomhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig rún a chur chun cinn ag cruinniú de chuid an Choiste Gaeilge go dtabharfaí aitheantas speisialta don iar-phríomhoide pobalscoile.
Dúirt Mac Giolla Easbuig go raibh “lúcháir” air an rún a chur chun tosaigh mar chathaoirleach ar an gcoiste agus ghabh sé buíochas leis an bpobal a tháinig chuige leis an moladh go ndéanfaí ceiliúradh ar Ó Gallchóir.
“Chluinfeá scoláirí agus iarscoláirí na Pobalscoile i gcónaí ag caint ar Noel, ar an am a chaith sé leofa, agus ar an meas a bhí aige orthu, ach thar aon rud eile, bhí Noel ansin don aos óg in amanna nuair nach raibh aon duine eile agus ba mhaith liom an buíochas sin a thabhairt dó,” a dúirt Mac Giolla Easbuig.
Cuireadh síos ag an ócáid ar Noel Ó Gallchóir mar “fhear ildánach, fear litríochta, [agus] fear mór pobail a chuireann go mór le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta araon”.
Iardhalta de chuid Uí Ghallchóir, Clíona Ní Ghallachóir, atá anois ag obair i Rannóg na Gaeilge sa Chomhairle Contae, a bhí ina bean an tí ag an ócáid. Dúirt sí gur fear é Ó Gallchóir a bhain “idir ardéachtaí uaisle agus mhionéachtaí ciúine amach” agus gur thug sé “tús áite don Ghaeilge agus dá dhúchas i gcónaí”.
Dúirt Clíona Ní Ghallachóir gur spreag a hiar-phríomhoide “í féin agus go leor scoláirí eile” le páirt a ghlacadh i ndrámaí, i ndíospóireachtaí agus in imeachtaí teanga agus cultúrtha.
Ag an bhFáiltiú Speisialta, d’aithris Ó Gallchóir filíocht de chuid Phádraig Mhic Phiarais agus léigh sé sliocht as Caisleán Óir, úrscéal cáiliúil an Chonallaigh, Séamus Ó Grianna. Dúirt sé gur bhain sé “sult millteanach” as rud ar bith a bhí déanta aige leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach a chur chun cinn, agus ghabh sé buíochas leo siúd a d’fhreastail ar an ócáid agus a mhol go ndéanfadh an Chomhairle Contae ceiliúradh air.
Bhí baint ag Noel Ó Gallchóir leis an iliomad eagraíochtaí agus coistí ina cheantar dúchais i gcaitheamh na mblianta – leithéidí Aisteoirí Ghaoth Dobhair, Aisteoirí Ghort an Choirce, Aisteoirí Óga Ghort an Choirce, an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Éigse Uladh, an Béal Binn, agus go leor eile.
Chomh maith leis an obair dheonach a rinne sé ag cur na n-ealaíon agus an chultúir chun cinn, scríobh sé roinnt leabhar faoin stair agus faoin gcultúr. I measc na leabhar atá curtha amach aige tá Trasna an Ghaoith, bailiúchán scríbhinní a athar féin Johnny Sheáin; Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981 agus Tom a’ Bhungaló – Tomás Mac Giolla Bhríghde 1923-2013, a foilsíodh le déanaí.
Chuir Ó Gallchóir cúpla léiriú ar an ardán le blianta beaga anuas freisin, agus iad bunaithe ar shaothar agus ar shaol Sheosaimh Mhic Grianna, Shéamuis Uí Ghrianna, agus Phádraig Mhic Phiarais.
“Tá mo chroíse sna leabhair agus sa pheann, sa stair áitiúil, sa litríocht agus sa Ghaeilge. Sílim i gcónaí go bhfuil na leabhair tábhachtach. Scríobh m’athair am amháin ‘tá cinnteacht agus buaine ag baint leis an fhocal scríofa nach bhfuil leis an fhocal béil’, agus creidim sin go mór.
“Bhain mé sult as na leabhair a chur le chéile agus tá súil agam, má bhíonn an tsláinte agam agus na hacmhainní agam, cúpla leabhar eile a chur amach sna blianta atá romham,” a dúirt sé.
Ghabh sé buíochas lena bhean Olive agus lena chlann atá ina “gcrann taca” aige agus a bhíonn páirteach ina chuid tograí go minic.
Fág freagra ar 'Aitheantas speisialta tugtha do Noel Ó Gallchóir ag Comhairle Contae Dhún na nGall'