Tá mé réidh do chaibidil nua i mo shaol grá

Agus é tar éis bogadh go cathair nua, tugann ár gcolúnaí faoi deara go bhfuil sé réidh do scéal grá eile ina shaol

Tá mé réidh do chaibidil nua i mo shaol grá

‘Is tusa an ghearrthóg feola nua san áit sin anois,’ a dúirt cara de mo chuid nuair a bhog mé go cathair nua dhá mhí go leith ó shin.

Cuirfidh fir na háite spéis ionat toisc nach bhfaca siad riamh cheana thú a bhí sé ag iarraidh a rá, ach idir na línte mhothaigh mé tagairt don triomach leanúnach leannán i mo shaol. Ní cuimhin liom féin an uair dheireanach go raibh caidreamh grá agam; tá sé chomh fada sin ó shin anois.

Go dtí le gairid bhí leithscéalta maithe agam nuair a cheistigh cairde agus gaolta faoin ábhar sin mé.

‘Tá mé róghafa ag tabhairt cúraim do mo mham,’ a deirinn nuair a bhí galar Alzheimer uirthi; ‘tá mé faoi dhobrón,’ a deirinn tar éis di bás a fháil; ‘níl a fhios agam cá mbeidh cónaí orm feasta,’ a deirinn nuair a bhí orm teach mo mhuintire a dhíol agus áit chónaithe nua a aimsiú dom féin.

I ngach cás bhí an teachtaireacht idir na línte intuigthe, agus bhí ciall léi: ní am maith é seo chun tús a chur le caidreamh nua.

Ach tá na ceisteanna sin réitithe agus is mise, is cosúil, an ghearrthóg feola nua i sa chathair ina bhfuil cónaí orm anois, Middelburg.

Stéig amh an chéad rud a rith liom nuair a rinne mo chara iarracht misneach a thabhairt dom maidir le mo sheansanna ar mhargadh an ghrá. Íomhá rud beag míthaitneamhach, ach tagann sé le tuairim i mo thaobh atá ag cara eile de mo chuid, an scríbhneoir agus an síceolaí: ‘bíonn tusa ródhírithe ar chuma fhisiciúil an duine’.

Laghdaíonn sé sin do sheansanna ar chaidreamh a n-éireodh leis san fhadtréimhse, a mhínigh mo chara an síceolaí, a bhfuil cleachtas teiripe caidrimh aige; is mó an seans go n-éireodh le beirt atá cosúil lena chéile ar an taobh istigh.

Ag an am céanna, bheadh mo chara ar an gcéad duine a d’admhódh nach n-oibreodh caidreamh grá nach mbeadh an dúil fhisiciúil ina dlúthchuid de ar chor ar bith.

Deir mo chara, an teiripeoir caidrimh, rud éigin eile atá spéisiúil: is minic a chastar leannán nua orainn ag casphointe éigin inár saol, toisc go mbímid níos oscailte do rudaí nua ag amanna mar sin.

Agus dáiríre píre, den chéad uair le blianta, mothaím go bhfuil mé ‘réidh’ do chaibidil úr i mo shaol grá agus tugaim faoi deara go mbím ag breathnú timpeall orm féin san ionad aclaíochta agus sa chathair i gcoitinne ar chaoi nach mbíodh, ag iarraidh teacht i dtír ar an tréimhse speisialta seo ina bhfuil mé fós ag socrú isteach i mo bhráite nua.

Ach bíonn cluasáin ar chuile dhuine san ionad aclaíochta agus de réir mar a fheicim tá na comharsana mealltacha uilig gafa, agus tugaim faoi deara go bhfuil ceist anois ar chúl m’aigne nach mbíodh ag déanamh tinnis dom cheana.

Céard é an spriocdháta díola a bhíonn ag gearrthóg feola nua?

Fág freagra ar 'Tá mé réidh do chaibidil nua i mo shaol grá'

  • Larry Phelan

    Go n-éirí leat, a Alex! Aoibhinn an galar grádh fir/mná!