Polasaí na hEorpa agus an áit a thug beatha dúinn

Nach iad na feirmeacha beaga a thug beatha do chuimse den dream uilig a chuaigh romhainn?

Polasaí na hEorpa agus an áit a thug beatha dúinn

Bhíodh caint ar fhear ar an mbaile beag seo againne a bhí amuigh ag biorú claíocha ar an ngabháltas beag an lá sula raibh sé le n-imeacht ar imirce go Meiriceá, fadó. Bhí fear den bhaile ag dul an bealach agus thug sé caidéis don obair. “Maise, a Mhicil,” a deir sé “feictear dom gur fánach an obair atá ort agus tú ag dul go Meiriceá amárach.” Sméid Micil air agus dúirt: “Tuige nach ndéanfainn? Seo é an áit a thug beatha dom.”

Nach iad na feilmeacha beaga a thug beatha do chuimse den dream uilig a chuaigh romhainn?

Bhíodh freagra ag an iarAire Gaeltachta agus Tuaithe, Éamon Ó Cuív ar chuid de dhream na machairí móra a d’abraíodh nach mba ‘active farmers’ go leor d’fheilméaraí an iarthair. “Déarfainn go bhfuil siad chomh haclaí libhse,” a d’abraíodh Ó Cuív. “Téann siad in éadan na gcnoc.” Nuair a dhéantaí cangailt ar an bhfreagra sin, d’abraíodh Ó Cuív gur cuid den iarracht talmhaíochta náisiúnta í feilméaracht an tsléibhe.

Buaileadh buille ar an iarracht sin i gConamara an tseachtain seo caite.

D’fhág na lasracha a chuaigh go spéir as ionad gnó na Seoigeach ar an Sraith Salach scamall ar Chonamara. Iarraidh uafásach a bhí ann do Mharc Seoige agus a Ionad Earraí Lámhdhéanta agus Marmair, agus do Tommy Joe agus Brian Seoighe i dTeach an Phosta, sa siopa, bialann, beár agus stór crua-earraí agus seirbhísí talmhaíochta. Tá súil ag chuile dhuine go dtiocfaidh na Seoige ar ais i mbun gnó chomh luath in Éirinn agus is féidir.

Níl dream ar bith a d’aireodh an iarraidh seo chomh mór i gConamara ná an pobal talmhaíochta mar fuaireadar seirbhís den chéad scoth Tí Sheoige. Bhí an chomharsanacht ann freisin.

An fhaid agus a bhíodh feilméaraí na gcnoc i mbun suíocháin i gcúinne an chomhrá sa mbeár Tí Sheoige, chaithidís corrshúil imníoch níos faide ó bhaile.

Tá comhráite sa mBruiséil maidir leis an gComhpholasaí Talmhaíochta a d’fhágfadh lorg ar mhachairí agus ar mhordáin.

Céard atá ar bun?

Caitear 25% de bhuiséad an Aontais Eorpaigh ar an bhfeilméaracht; sin €386bn, san gclár atá ann faoi láthair, 2021 go 2026. Tagann €1.18bn de sin isteach ar an teallach i dtithe feilme na hÉireann chuile bhliain; tugtar €321m. eile mar thaca don fhorbairt réigiúnach, ar nós cláracha Leader. Anois tá Coimisiún na hEorpa ag moladh go mbeadh an t-airgead a bhainfeadh leis an talmhaíocht istigh faoi scáth an struchtúir ar a dtugtar an Ciste Páirtnéireachta Náisiúnta agus Réigiúnach. Bunaithe ar an lear talún atá acu a bheidh deontais na bhfeilméaraí á n-íoc, ach chuirfí teorainn íocaíochta ar an dream is láidre. Ón mbliain 2032 ní thabharfaí íocaíocht d’fheilméaraí atá ag fáil pinsean Stáit. I gcás feilméaraí beaga, d’fhéadfaidís glacadh le híocaíocht €3,000 in aghaidh na bliana agus gan foirm, ná ceist a fhreagairt. Sin cuid de mholtaí an Choimisiúin Eorpaigh.

Beidh suíochan air seo.

Drochbhuille a bheadh i gceilt na bhfóirdheontas ar lucht an phinsin i gceantair imeallacha agus contaetha Gaeltachta, réigiúin ina bhfuil go leor de na feilméaraí san aoisghrúpa sin. Vátáil Parlaimint na hEorpa in aghaidh an mholta seo le gairid. Ar ndóigh, ‘speánann staidéir agus suirbhéanna gurb iad an dream is sine is mó a théann amach ag vótáil!

Ach is ar an gciste mór atá an tsúil is géire faoi láthair agus scáth ar eagraíochtaí talmhaíochta anseo, agus ar fud na hEorpa, go scaipfear an t-airgead ar chúrsaí eile tuaithe agus réigiúnacha, seachas ar an bhfeilméaracht.

An mbeadh ciall le laghdú a dhéanamh ar an gcaiteachas talmhaíochta?

Tá 28,000 de laghdú tagtha ar an líon caorach i gcontae na Gaillimhe le dhá bhliain; tá anró ag baint leo. Ní raibh an líon beithíoch chomh híseal ar fheilmeacha Mheiriceá le 75 bliain agus atá anois; tá 80% d’ardú tagtha ar phraghas mairteola sna siopaí ansin in imeacht 7 mbliana, agus 70% breise ar stéig. Ábhar nár mhiste roinnt coganta a dhéanamh air sa mBruiséil.

Tá súil againn go gcluinfear dearcadh fheilméaraí na gcnoc i gcúinne co mhrá Tí Sheoige aríst; iadsan agus a macasamhail a chuirfeadh beatha ar an mbord.

Fág freagra ar 'Polasaí na hEorpa agus an áit a thug beatha dúinn'

  • Tomás

    “mordán”? Mínigh ldt.