Is mar fhile is fearr atá eolas ar Mháirtín Ó Direáin, ach tugann Feamainn Bhealtaine súil isteach do léitheoirí ar ghné eile dá chuid scríbhneoireachta. Tá an bailiúchán ar fáil i mBéarla anois agus é foilsithe ag Mercier Press.
Déanann Ó Direáin cur síos sna haistí faoin saol ar Oileáin Árainn agus é ag fás aníos, an imirce, cuimhne agus saol na hÉireann ag athrú sa bhfichiú aois.
Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaí aistriúcháin ar shaothair den chineál seo, dar le Mícheál Ó hAodha. Creideann sé go mba chóir go mbeadh clasaicí litríocht na Gaeilge ar fáil do gach duine, léitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu san áireamh.
Tháinig an tuairim atá aige óna thaithí féin. As contae na Gaillimhe ó dhúchas, chuaigh sé ar imirce go tuaisceart Shasana, agus chaith sé roinnt blianta ina chónaí ansin. Casadh go leor daoine air ó thíortha éagsúla agus a dteanga féin acu agus chuir sin ag cuimhneamh ar an nGaeilge é.
“Chonaic mé na daoine seo ar fad agus na teangacha éagsúla acu. Bhí daoine in ann Hiondúis a labhairt agus a scríobh, mar shampla, agus dúirt mé liom féin tá rud éigin mícheart anseo.
“Chuimhnigh mé ar na daoine ar fad a raibh mé ar scoil leo, is ar éigean go raibh siad in ann a n-ainmneacha a scríobh i nGaeilge. Rinne mé onóracha sa Ghaeilge, agus ag an am is ar éigean go mbeinn in ann alt amháin a scríobh i nGaeilge. Is cinnte tar éis an scoil a fhágáil, ní bheinn in ann leabhar a léamh i nGaeilge, bhí sí ar nós Mandairínise dom agus do go leor daoine eile.”
Uaidh sin a spreagadh é le tosú ag léamh leabhair Ghaeilge agus ní fada nó gur thug sé faoi deara go raibh go leor de scríbhneoirí móra na Gaeilge nár aistríodh a leabhair go Béarla riamh.
“Thosaigh mé ag léamh leabhar i ndiaidh na hoibre, Liam Ó Flaithearta agus daoine mar sin. Chonaic mé go raibh roinnt mhaith de na clasaicí i nGaeilge agus ní raibh siad aistrithe ar chor ar bith agus ní raibh teacht ag gnáthmhuintir na hÉireann ar na leabhair.”
Deir sé nár aontaigh sé riamh leis an dearcadh go mbeadh litríocht na Gaeilge á léamh ag na daoine a raibh Gaeilge acu agus iadsan amháin.
“Baineann an litríocht sin le chuile dhuine in Éirinn. Níor thaitin an ‘snobbery’ sin liom, bhí sé sin ann, bhí sé ann fiú ó dhaoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge labhartha, go minic chuirfí daoine ó dhoras leis an meon sin. Daoine ag clamhsán faoi Ghaeilge daoine eile.
“Níor aontaigh mé leis an meon sin… Bheadh ar dhuine blianta a chaitheamh ag foghlaim Gaeilge le go mbeadh a fhios acu cén chaoi leis an mbunleabhar a léamh i nGaeilge. Baineann an litríocht sin le chuile dhuine in Éirinn.”
Tá an smaoineamh sin mar spreagadh aige ina chuid obair aistriúcháin. Ceann de na dúshláin is mó a bhí aige agus Feamainn Bhealtaine á aistriú aige ná an glór ceart a aimsiú i mBéarla. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh blas na hÉireann ar an mBéarla, agus rinne sé iarracht rithim agus stíl an bhunleagain i nGaeilge a choinneáil san aistriúchán.
“Rinne mé iarracht an méid agus ab fhéidir liom blas na Gaeilge a chur trasna sna leaganacha Béarla de na haistí atá ann.”
Sampla amháin ón leabhar a thaitníonn go mór leis ná comhrá idir beirt fhear ar an mbaile, fear amháin a dhíol bó an lá sin ag an aonach, agus an fear eile atá ar a mhíle dícheall ag iarraidh a fháil amach cé mhéad a fuair sé ar an mbó. Téann an comhrá ar aghaidh agus ar aghaidh, ach ní fhaigheann sé aon fhreagra díreach. Seo eiseamláir den chomhrá Éireannach, dar le Mícheál.
“Leanann an comhrá air timpeall agus timpeall ar feadh i bhfad sa chaoi a mbíonn muintir na hÉireann in ann dul timpeall ar ábhar. Ní fhreagraíonn sé an cheist, ach tá an comhrá an-saibhir agus i bhfad níos saibhre ná mar a fhaigheann tú sa gnáthchaint laethúil.”
Léirítear sna haistí taobh eile de Mháirtín Ó Direáin ná mar atá le fáil sa bhfilíocht amháin. Insítear iontu scéalta faoina óige ag fás aníos ar Árainn agus an chaoi ar airigh sé faoin mbaile a fhágáil. Measann Mícheál nár airigh Ó Direáin go raibh sé sa mbaile in aon áit eile, is go raibh cumha air i gcónaí i ndiaidh an oileáin.
“Ní dóigh liom gur bhraith sé ann féin nuair a bhí sé ina chónaí sa chathair. Sílim gur bhraith sé cineál mar ‘alien’ i saol na cathrach.”
Deir sé gur mothúchán é sin a airíonn go leor imircigh Éireannacha. Chaith sé tréimhse ag obair san Ionad Éireannach i Learpholl agus deir sé gur casadh go leor daoine air a bhí uaigneach i ndiaidh an bhaile, ach nach raibh bealach acu leis na mothúcháin sin a chur in iúl.
“Bhí bealach ag Ó Direáin le ‘outlet’ a thabhairt do na mothúcháin sin nach raibh ag daoine eile. Bhí seisean in ann rudaí a rá ina chuid scríbhneoireachta a thug glór don rud a d’airigh go leor daoine eile.”
Scéal amháin a chuaigh i bhfeidhm go mór air ón gcnuasach aistí ná scéal faoi ghrúpa páistí in Árainn atá ag breathnú ar shochraid ag dul tharstu i dtreo na reilige.
“Deireann cailín amháin, ní bheidh mise ag dul ansin, beidh mise curtha i mBostún. Agus creidim gur dúradh é sin, bhí níos mó eolais ag na daoine ar Bhostún, ná mar a bhí acu ar chathracha i Sasana.”
Scríobhann Ó Direáin faoi na Dúchrónaigh ag dul go hÁrainn freisin agus mar a chuaigh na ráflaí ó theach go teach.
“Bhí sé ar nós sampla den ‘fake news’ agus scéalta ag dul ó dhoras go doras. Scéal amháin ná gur mharaigh siad beirt i gCill Rónáin nuair a tháinig siad i dtír, ní raibh aon fhírinne an, níor maraíodh éinne i ndeireadh na dála, ach bhí eagla mhór ar dhaoine.”
Tá súil ag Mícheál go dtiocfaidh níos mó léitheoirí ar shaibhreas na litríochta Gaeilge ó bheith ag léamh an aistriúcháin.
“Ní thuigeann formhór mhuintir na hÉireann go bhfuil an saibhreas litríochta sin atá againn ag teacht ón nGaeilge. Ní thuigeann siad cárbh as a tháinig sí ar chor ar bith.”
Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Bhí an Ghaeilge ar nós Mandairínise dom agus do go leor daoine eile’'