Mórchuid ‘ní féidir liom an teas a sheasamh’ agus gannchuid ‘éireoimis as breoslaí iontaise a dhó’

Bhí súil ag ár gcolúnaí gur casadh sa chomhrá faoin athrú aeráide a bheadh sa tonn teasa mhínádúrtha a bhuail an Eoraip an tseachtain seo caite, ach an leanfaimid orainn i dtreo uileloscadh aeráide?

Mórchuid ‘ní féidir liom an teas a sheasamh’ agus gannchuid ‘éireoimis as breoslaí iontaise a dhó’

‘An teas! An teas!’

‘Ní féidir liom é a sheasamh!’

‘Ní fhaca mé a leithéid i mo shaol!’

Le seachtain anuas, b’iomaí uair a chuala mé ráitis mar sin, timpeall orm agus ar líne, agus an Eoraip céasta ag tonn teasa mhínádúrtha.

Ach b’annamh a chuala mé sna sála ar ghearáin mar iad geallúintí mar ‘sin é, díolfaidh mé mo charr anois agus ceannóidh mé rothar’ nó ‘éireoidh mé as an aerthaisteal’ nó ‘ní cheannóidh mé stuif nach dteastaíonn uaim feasta’.

Ina ionad sin, bhí scuainí ag na siopaí a dhíolann gaothráin agus gléasanna aeroiriúnaithe sobhogtha a rinneadh sa tSín agus a chuir leis an aschur CO2 ar a n-aistear fada ar long lastais.

Sa Fhrainc, fuair 1,000 duine sa bhreis bás de bharr theas na seachtaine seo caite. Sin a deir seirbhísí sláinte na Fraince (SPF).

Níl ansin ach uimhreacha na Fraince. Bhuail an teas an Spáinn, an Bheilg, an Ísiltír, an Ghearmáin, an tSeicia, an Pholainn, an Danmhairg, an tSualainn, an Bhreatain agus Éire féin freisin. Sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus sa tSeicia, chuaigh an teocht go maith os cionn 40 céim Celsius.

35 céim Celsius an teocht ab airde a baineadh amach san áit a bhfuil cónaí orm féin, Middelburg in iardheisceart na hÍsiltíre. 35 céim – in ainneoin an chathair a bheith buailte ar an Muir Thuaidh.

Tráthnóna an lae sin, Déardaoin na seachtaine seo caite, bhain an teocht sa seomra suí i m’árasán 32 céim amach.

32 céim an teocht taobh istigh.

Agus an leabharlann aeroiriúnaithe ina raibh an lá caite ag obair agam tar éis dúnadh ag a cúig, ní raibh de rogha agam ach faoiseamh a lorg don chuid eile den tráthnóna, gan orm ach mo chuid fobhrístí, san áit is fionnuaire i m’árasán: an vardrús siúil isteach.

Chuirfeadh sé ag gáire thú.

Ach níl sé greannmhar.

Níl muid ach i dtús an tsamhraidh, ach laistigh de sheachtain tá dath donn nó cuma fheoite tar éis teacht ar dhuilliúr mhórchuid crann.

Tá an teocht tar éis ísliú rud beag ó bhí an deireadh seachtaine ann, ach gach seans nárbh é teas mínádúrtha na seachtaine seo caite tonn teasa dheireanach na bliana seo.

De réir na staitisticí, ní hamháin go bhfuil tonnta teasa ag tarlú níos minice le blianta beaga anuas, ach bíonn an teas féin níos brúidiúla – agus dar leis na haimsireolaithe, tá dlúthbhaint aige sin le hathrú na haeráide.

Agus mé i mo shuí i m’fhoscadán teasa siúil isteach, bhí súil agam gur casphointe sa chomhrá faoin athrú aeráide a bheadh i dtonn teasa na seachtaine seo caite. Níl an dóchas sin caillte agam go fóill – b’fhéidir go mbeidh tionchar fós ag staitisticí mar a chuir seirbhísí sláinte na Fraince ar fáil ar an gcoinsias coiteann – ach ní haon dea-thuar nach gcloisim ach dornán daoine nach aimsireolaithe iad ag tagairt don athrú aeráide sa chaint ar fad faoin teas.

Agus sin í an fhadhb leis an gcomhrá faoin athrú aeráide. Ní féidir leis an duine aonair mórán tionchair a imirt ar an scéal iomlán agus má bhíonn cara de do chuid céasta ag an teas aisteach bíonn cuma an tsaoithín ort nuair a chuireann tú ar a shúile dó go bhfuil aschur CO2 a chairrín féin ar chuid den chúis.

Ach caithfear éirí as breoslaí iontaise a dhó, nó dófar beo beathach muid an samhradh seo chugainn nó an samhradh ina dhiaidh sin.

Ní féidir leis an duine aonair ach tionchar teoranta a imirt – ach má dhéanann chuile dhuine a chuid agus má thoghaimid polaiteoirí a mbeidh sé de mhisneach acu na beartais ar gá iad a chur i bhfeidhm a chur i bhfeidhm, seans go n-éireoidh linn uileloscadh aeráide a sheachaint.

Fág freagra ar 'Mórchuid ‘ní féidir liom an teas a sheasamh’ agus gannchuid ‘éireoimis as breoslaí iontaise a dhó’'