Trí scór go leith bean ag dul chuig Womens’ Aid i nDoire gach seachtain

Sceith bhéil is ea an Tuaisceart as líon na mban a maraíodh le tamall de bhlianta agus an ceangal idir na maruithe agus foréigean baile

Trí scór go leith bean ag dul chuig Womens’ Aid i nDoire gach seachtain

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Trí scór go leith bean á dtreorú chuig Womens’ Aid i nDoire in aghaidh na seachtaine. Líon scanrúil. Níl cúis ar bith lena mheas gur eisceacht é ceantar Dhoire. Fiú mura mbeadh na figiúirí chomh hard sin an t-am ar fad nó i ngach áit is uafar an tsamhail í.

Sceith bhéil is ea an Tuaisceart as líon na mban a maraíodh le tamall de bhlianta agus an ceangal idir na maruithe agus foréigean baile. An bhfuil ceachtanna le foghlaim le haghaidh dlí Jennie ag an Aire Dlí is Cirt, Jim O’Callaghan ó chéimeanna a glacadh abhus? Tá rochtain sa Tuaisceart ar eolas faoi dhaoine a ciontaíodh as foréigean baile má iarrtar é ach ní leor sin.

Ag deireadh na seachtaine seo caite dhreap slua as Doire an Eargail ag tiomsú airgid do Womens’ Aid i gcuimhne ar Amy Doherty a maraíodh sa bhaile trí mhí ó shin. Tá fear cúisithe as a dúnmharú agus foréigean baile luaite leis an gcúis. Bhí Amy 28, beirt pháistí aici agus ba chúramóir í a raibh ardmheas uirthi. Mar chomhartha ómóis di bhí comhghleacaithe as ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i measc na ndreapadóirí Dé Sathairn ag déanamh a gcion chun a dhul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban agus le mí-úsáid sa bhaile.

Ba í Amy an 30ú bean a maraíodh i dTuaisceart Éireann ó 2020 i leith. Bhí beirt eile as an liosta brónach sin i mbéal an phobail arís le gairid, príosún saoil gearrtha ar na fir a dhúnmharaigh iad. Phléadáil Zak Hughes ciontach as Sarah Montgomery, a pháirtnéir, agus a leanbh a bhí ag druidim le dáta breithe, a mharú sa bhaile i nDomhnach Daoi anuraidh. Fógrófar a théarma sa bhfómhar. Níor admhaigh an fear a dhúnmharaigh Natalie McNally a choir agus díol suntais ab ea an téarma an-fhada a ghearr an breitheamh air, 31 bliain.

Sé sin an téarma is faide le breis is scór bliain. Bhí Natalie McNally torrach lena pháiste nuair a dhúnmharaigh Stephen McCullagh í in ionsaí a bhí pleanáilte go mion. Bhí taifeadadh déanta aige ceithre lá roimh ré a ligfeadh sé air a bheith á bheoshruthú tráth a raibh sé ag taisteal ó Lios na gCearrbhach go dtí an Lorgain chun Natalie a mharú agus ag filleadh abhaile. Ina theannta sin chum sé scéal chun an milleán a chur ar fhear eile agus bhrúigh sé é féin isteach i dteaghlach McNally ag ligean air féin go raibh sé ag mairgne leo, mar leannán faoi bhrón.

Thagair an breitheamh do bhrúidiúlacht an ionsaithe ar Natalie a bhí ag súil lena pháiste agus an chaoi ar chuir sé a ceann i soitheach an ghadhair mar mhasla i gceann an uafáis. I ngeall ar na tosca sin go léir rialaigh an breitheamh nach mbeadh sé i dteideal a shaortha go mbeadh 31 bliain caite i bpríosún aige. Tá trí bliana caite ar a choinneáil aige cheana, mar sin beidh sé 64 sula n-éistfear iarratas é a shaoradh.

Tháinig sé chun solais gur cuireadh foréigean in aghaidh mná ina leith cheana ach nár lean an bhean leis an gcás. D’fhágfadh sé sin nach mbeadh eolas faoi ar an taifead fiú dá mbeadh sonraí iarrtha ag Natalie nó duine dá muintir ar an PSNI. Tugann an córas DVADS sa Tuaisceart (Scéim um Nochtadh Foréigean Baile agus Drochíde) ceart fiafraithe do dhuine. Is féidir iarratas a dhéanamh féachaint an bhfuil taifead foréigin ag duine i gcaidreamh nua má tá imní faoi mhí-úsáid ar ghaol nó cara. An duine a bheadh i mbaol a gheobhadh an t-eolas ó na póilíní.

Tá foréigean baile chomh forleathan agus chomh hilchineálach sin gur minic nach mbeadh teacht ar an bhfaisnéis luachmhar a d’fhéadfadh a bheith ina sciath chosanta ar ionsaí nó marú. Tá a fhios gur minic a úsáidtear smachtú comhéigneach chun a áitiú ar ghearánaí líomhain a tharraingt siar. Uaireanta éiríonn gearánaithe as an bpróiseas as a stuaim féin mar go mbíonn sé ródheacair, iad buailte ag a bhfuil fulaingthe acu. Fágann sin mí-úsáideoirí in ann leanúint lena dtíorántacht gan srian go minic. D’uireasa diúltú as éadan ó gach aicme agus gach aoisghrúpa agus gníomhartha mar thoradh ar an eiteachas sin ní cheansófar an phlá.

Is maith ann tiomantas oifigiúil d’fheachtais agus do straitéis phoiblí. Is maith freisin seirbhísí ar nós DVADS agus Dlí Jennie cé nach bhfuil iontu ach céim amháin. Teastaíonn i bhfad níos mó agus tá gá leis anois.

Fág freagra ar 'Trí scór go leith bean ag dul chuig Womens’ Aid i nDoire gach seachtain'