Bhí Volodymyr Zelensky ar mhuin na muice sa chogadh faisnéise lena fhorógra go raibh ‘cead’ á thabhairt aige don Rúis paráid a bheith acu i Moscó. Ach ní túisce an cleas sin imeartha aige in aghaidh na Rúiseach nó gur buaileadh buille ar ais ina choinne nuair a rinne a iar-oifigeach preasa, Iulia Mendel, sciolladh air in agallamh le Tucker Carlson.
Mhol léitheoir a d’fhág trácht faoi m’alt deireanach ar Tuairisc alt a scríobh ‘faoin méid a nocht’ Mendel faoi Zelensky, is é sin gur aontaigh sé ‘an Donbas a thabhairt ar ais don Rúis ag cainteanna Iostanbúl in 2022 agus go bhféadfadh síocháin a bheith ann an t-am sin ach gur athraigh Zelensky a aigne tar éis cuairt ó Boris Johnson’.
D’oibrigh Mendel le Zelensky ar feadh tuairim is dhá bhliain idir 2019 agus 2021 agus rinne sí cur síos dearfach air ina leabhar The Fight of Our Lives a foilsíodh in 2022. Chuir an maíomh faoi Zelensky agus an Donbas ionadh orm mar tá go leor eolais ar an taifead faoi chainteanna Iostanbúl, agus cé go ndearna An Rúis líomhaintí cheana go raibh socrú déanta ach gur thréig na hÚcránaigh é de bharr thionchar Boris Johnson, sna ceithre bliana ó shin, seo an chéad uair ar chuala mé an líomhain áirithe seo.
Bhí Mendel imithe óna post rialtais sular thosaigh an mór-ionradh agus ní raibh baint ar bith aici leis na cainteanna in Iostanbúl. Ní dhearna Mendel í féin an maíomh seo sna ceithre bliana ó 2022 go dtí an t-agallamh le Tucker Carlson agus níl aon cháil uirthi mar iriseoir iniúchta ag tabhairt scéalta ceilte chun solais. D’aontaigh an Rúis agus an Úcráin communiqué a bhí le bheith mar bhunús le conradh in Iostanbúl. Dúradh sa chonradh go bhfanfadh an Úcráin ina stát neodrach gan airm núicléacha agus nach gceadófaí fórsaí eachtrannacha sa tír. Ní dúradh sa communiqué go ngéillfeadh an Úcráin an Donbas don Rúis.
San Iris Foreign Affairs ar an 14 Márta 2022 bhí alt faoin teideal ‘The Talks That Could Have Ended the War in Ukraine’ ag Samuel Charap, Eolaí Polaitiúil Sinsearach ag an RAND Corporation agus Sergey Radchenko, Ollamh i Scoil Ard-Léinn Idirnáisiúnta, Ollscoil Johns Hopkins san Eoraip. Bhí an t-alt, mar is léir ón teideal, báúil leis an tuairim go bhféadfadh deireadh a bheith curtha leis an gcogadh ag na cainteanna in Iostanbúl.
Scrúdaigh siad na dréacht-chomhaontuithe idir an dá thaobh, rinne siad agallaimh le rannpháirtithe sna cainteanna chomh maith le feidhmeannaigh rialtais san Iarthar, agus scrúdaigh siad na scórtha agallamh agus ráiteas ó fheidhmeannaigh Rúiseacha agus Úcránacha a raibh baint acu leis na cainteanna. San obair sin ar fad níor tháinig siad ar leid ar bith gur aontaigh an Úcráin an Donbas a thabhairt suas ag na cainteanna. Go deimhin is é a léirigh an fhianaise gur ‘sheachain na cainteanna d’aon ghnó ceisteanna faoi theorainneacha agus críocha’.
Ba é an plean ná ‘go ndéanfadh Putin agus Zelensky cinneadh faoi na ceisteanna sin’ ag cruinniú mullaigh a bhí le tarlú. Scríobhann na húdair go bhfuil sé ‘éasca a shamhlú go gcuirfeadh Putin cos i dtaca maidir leis an talamh a bhí gafa ag a chuid fórsaí cheana féin a choimeád’.
An t-aon cheist a bhí ann ná ‘an bhféadfaí cur ina luí ar Zelensky glacadh leis an sciobadh talún seo?’. Mar sin ní raibh ceist ar bith ann go raibh aontú Zelensky ann cuid den Donbas nach raibh gafa ag an Rúis a ghéilleadh di – an t-aon cheist a bhí ann ná an nglacfadh sé le smacht na Rúise ar na críocha a bhí gafa acu cheana féin.
Tá an fhianaise seo ar fad ar thaobh amháin den scéal faoin Donbas. Agus ar an taobh eile tá seo: maíomh a rinne iar-phreasoifigeach le Zelensky, nach raibh ag obair leis a thuilleadh tráth chainteanna Isotanbúl, agus nach raibh fianaise ar bith aici chun tacú lena maíomh. Rinne sí a maíomh in agallamh le podchraoltóir a bhfuil cáil air as scéalta bréagacha a scaipeadh amhail an scéal go ndearnadh rigeáil ar mheaisíní vótála chun toghchán uachtaránachta 2020 a ghoid ó Donald Trump.
Tugann Mendal le fios gur deachtóir é Zelensky agus gurb ise atá ag labhairt ar son chosmhuintir na hÚcráine.
Ach léiríonn an fhianaise gurbh é Zelensky atá ionadaíoch ar phobal na hÚcráine ar an gceist áirithe seo, fiú I measc na Úcránach nach dtacaíonn le Zelensky i gcoitinne. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí ó Institiúid Socheolaíochta Chív ní thacaíonn ach 58% den daonra le Zelensky ach tá 66% díobh i gcoinne aon tailte atá faoi smacht na hÚcráine a ghéilleadh don Rúis agus níl ach 18% i bhfabhar.
Is é a thuigim ó Úcránaigh a mbíonn teagmháil agam leo nach é go bhfuil siad ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an gcogadh nó nach bhfuil siad toilteanach comhréiteach a dhéanamh ar mhaithe le síocháin. Glacann siad leis go gcoimeádfaidh an Rúis smacht de facto ar na críocha atá gafa aici faoi aon socrú síochána.
An phríomhchúis atá acu le gan an chuid eile den Donbas a ghéilleadh ná seo – is crios cosanta an-láidir an chuid den Donbas atá fágtha i seilbh na hÚcráine agus sin díreach an chúis go bhfuil teipthe ar an Rúis í a ghabháil. Dá mbeadh an crios cosanta sin i seilbh na Rúise bheadh sé i bhfad níos éasca ag an Rúis an Úcráin a ionsaí arís amach anseo.
Agus is ar éigean go gcreideann duine ar bith san Úcráin gur féidir muinín a chur i bhfocal Putin nó in aon chomhaontú a dhéanfadh an Rúis. Agus mar sin is toisc nach bhfuil siad ag iarraidh cogadh eile, atá muintir na hÚcráine i gcoinne na gcríocha seo a thabhairt suas. B’ionann agus féinmharú polaitiúil do Zelensky nó ceannaire Úcránach ar bith dul i gcoinne thoil an phobail ar an gceist seo.
Tá roinnt líomhaintí eile in agallamh Mendel le Carlson a chothódh amhras. Deir sí gur ‘chuala sí’ go dtógann Zelensky drugaí ach níor thug sí fianaise ar bith chun tacú leis sin agus ní dúirt sí rud ar bith faoi sin ina leabhar faoi Zelensky in 2022.
Mhaígh Mendel ‘nach bhfuil aon saoirse cainte’ san Úcráin. Ach in ainneoin cogadh a bheith ar siúl tá an Úcráin sa 55ú áit ar an Innéacs Saoirse Preasa Domhanda, naoi n-áit níos airde ná Stáit Aontaithe Mheiriceá atá sa 64ú áit agus 118 áit níos airde ná an Rúis atá sa 172ú áit. Agus ar an lá céanna gur tháinig agallamh Mendel le Carlson amach, bhí gach meán san Úcráin ag clúdach scannal caimiléireachta a bhain le duine de na daoine is gaire don Uachtarán, rud nach mbeadh indéanta i dtír ‘nach bhfuil aon saoirse cainte’ ann.
Ach in 2023 nuair a bhain an Úcráin an 79ú áit amach ar Innéacs Saoirse Preasa an Domhain scríobh Mendel gur léirigh sé seo go raibh ‘saoirse cainte anois ina luach lárnach san Úcráin dhaonlathach’ agus ceann de na cúiseanna a bhí leis sin, dar léi ná dlí a thug Zelensky isteach in 2021 a laghdaigh tionchar na n-olagarc ar na meáin.
A mhalairt atá á mhaíomh ag Mendel anois in 2026 cé go bhfuil an Úcráin ardaithe go dtí an 55ú háit, naoi n-áit níos airde ná Stáit Aontaithe Mheiriceá agus 118 áit níos airde ná an Rúis, agus Mendel ag rá nach bhfuil aon saoirse cainte san Úcráin. Ní féidir leis an dá rud a bheith fíor.
Mhaígh sí go bhfuil dlí san Úcráin go gcaithfidh gach carr stopadh ar na bóithre ag a 9 a clog ar maidin chun éisteacht ‘le hiomann’ ag iarraidh pictiúr a thabhairt de thír uathlathach. Is maíomh bréagach é seo. Is nós le muintir na hÚcráine nóiméad ciúnais a bheith acu ag a 9 a clog ar son saighdiúirí a maraíodh ag cosaint na tíre, ach níl sé éigeantach.
Maíonn Mendel go bhfuil dúnadh na teorann d’fhir d’aois áirithe le ceithre bliana anuas ‘mídhleathach’. Tá ceart bunreachtúil ag rialtas na hÚcráine srian a chur ar fhir an tír a fhágáil aimsir chogaidh. Ach tá argóint déanta ag roinnt dlíodóirí go bhfuil an tslí ina bhfuil an riail á cur i bhfeidhm le horduithe rialtais seachas le reachtaíocht mídhleathach. Ní hin tuairim na coitiantachta agus níl aon chúirt tar éis rialú i gcoinne an rialtais ar an gceist. Dá rialófaí i gcoinne an rialtais ar an gceist ní bheadh deacracht acu reachtaíocht dá leithéid a rith.
É sin ar fad ráite déarfadh a lán Úcránach go bhfuil roinnt de na rudaí a dúirt Mendel fíor nó leathfhíor, mar shampla maidir le cúrsaí caimiléireachta nó claonadh áirithe ag Zelensky cumhacht a lárú in oifig an uachtaráin, agus caighdeán roinnt de na daoine a thimpeallaíonn sé é féin leo (ach go gcuirfeadh siad Mendel í fhéin san áireamh anseo).
Ach na hiriseoirí atá ag nochtadh scannail chaimiléireachta sna meáin Úcránacha, agus na gníomhaithe a chuaigh ag léirsiú ar na sráideanna nuair a rinne Zelensky iarracht forais fhrithchaimiléireachta neamhspleácha a thabhairt faoina smacht, agus na daoine a bhfuil a gcuid tacaíochta ‘ar iasacht’ ag Zelensky mar gheall ar an gcogadh ach a shíl gur drochuachtarán aimsir shíochána a bhí ann – tá déistin ar na daoine sin faoin rud a rinne Mendel agus ní chreideann siad gur le meon macánta a rinne sí é.
Eoghan Ó Néill
Is trua gur ghlac Zelinski le comhairle Boris sa tarna mhí den chogadh thiar in Aibreán 2022 in áit síocháin a dhéanamh ach ba aoibheann le Gnó Tionscail an Armlóin, ar ba príomh spreagthóir brú soir OTAN é, gur ghlac.
Cathal
An bhfuiltear seanchleachta go leor leis an dá shlat tomhais faoin am seo gur féidir an cheist a chur: an mbeadh an tuairisceoireacht i gcoitinne ní b’éifeachtaí san fhadtéarma agus an mbeadh ní ba mhó dealraimh léi ach í a bheith beagáinín ní b’oibiachtúla? An féidir go gcabhródh sin le bealach a oscailt do réiteach agus don tsíocháin? Cá bhfios?
An bunlaige san alt seo í go nglacann sé chuige féin beagnach go díreach ag tús an ailt an anailís a rinne meitheal mhachnaimh i Márta 2022 ar an scéal – ach nach gcuireann sé in iúl don léitheoir cén cineál meithle machnaimh atá i gceist, cé a bhunaigh í agus cé a chomh-mhaoiníonn an mheitheal machnaimh seo? Cá bhfios? Soiléiriú de dhíth?
Dá ndéanfaí taighde ar an mbean a thug an cur síos i gceist faoina himeachtaí in Iostanbúl, an dtabharfaí faoi ndeara go bhfuair an bhean chéanna go leor moltaí agus duaiseanna idirnáisiúnta nuair a bhí an méid a thuairiscigh sí ag teacht le dearcadh “eile”? An bhfágfadh sin míshuaimhneas éigin, dá mb’fhíor é? Cá bhfios? Soiléiriú de dhíth?
An bhfuil neamhréiteach ró-fhollasach idir gníomhaíocht an AE sa dá ghéarchéim a thosaigh 2022 agus 2023 faoi seach? Agus an gcloistear gíog nó míog as ceannaireacht an AE nuair a fuadaítear saoránaigh an AE in uiscí idirnáisiúnta? An dtugtar faoi ndeara i gcásanna eile go mbíonn snaidhm ar theanga cheannaireacht an AE? An gcuireann freagairt an AE arís agus arís eile “díomá” ar an bpobal in Éirinn? An leor an díomá seo a thuilleadh, nó ar chóir géarchúis a chur ina háit am éigin? Conas a réitíonn daoine an deacracht seo gan a bheith an t-am ar fad gafa i míréir chognaíoch? Cá bhfios?
An cóir ligean do bhrabúsaithe na cogaíochta cúrsaí a stiúradh? An bhfuil an pobal ag éirí tuirseach den bholscaireacht uile? Cá bhfios?
Má bhíonn poll mór sa státchiste amach anseo agus an stát ag gearradh siar go géar i ngach earnáil, an mbeidh gach scairt chaithréimeach ag an bpobal? An bhféadfaí a bheith cinnte go mbeidh?
Colin Ryan
I ndeireadh na dála, is beag buntáiste atá ag an Rúis anois. Tá an geilleagar in ísle brí (agus imní mhór ar na húdaráis dá bharr), tá na mílte á marú gach mí gan aon dul chun cinn déanta, agus tá an t-uafás trealaimh mhíleata scriosta. Cogadh na ndrón atá againn anois, agus tá an Úcráin ar fheabhas chuige. Is dócha go dtiocfaidh an tsíocháin de réir a chéile ach ní de bharr caibidlí é. Is laige an Rúis ná an Úcráin ar a lán slite, cé nach ionann sin is a rá nach bhfuil a cuid fadhbanna féin ag an Úcráin – caimiléireacht (cé gur measa an Rúis go mór ar an dóigh sin), deacrachtaí earcaithe agus eile. Tá meath meanman ag teacht ar an Rúis agus is beag an t-iontas é.
Fachtna Ó Drisceoil
‘An bunlaige san alt seo í go nglacann sé chuige féin beagnach go díreach ag tús an ailt an anailís a rinne meitheal mhachnaimh i Márta 2022 ar an scéal – ach nach gcuireann sé in iúl don léitheoir cén cineál meithle machnaimh atá i gceist, cé a bhunaigh í agus cé a chomh-mhaoiníonn an mheitheal machnaimh seo? Cá bhfios? Soiléiriú de dhíth?’
Is léir go bhfuil soileiriú de dhíth. Is é an pointe a bhí á dhéanamh ná nár mhaigh éinne sna blianta roimh agallamh Iulia Mendel le Tucker Carlson gur aontaithe Zelensky an Donbas a ghéilleadh don Rúis ag cainteanna Istanbul, cuma cén claonaodh a bhí acu, cuma cé a bhí á mhaoiniú, ní Iulia Mendel í fhéin fiú, ní Vladamir Putin é fhéin fiú.
Ní hé an pointe a bhí á dhéanamh gur chóir glacadh le halt amháin in iris amháin mar an soiscéal. Roghnaíodh an talt áirithe sin mar shampla ar an mbonn go raibh siad báúil leis an téis go bhféadfadh na cainteanna a bheith tar éis deireadh a chur leis an gocgadh agus mar sin go raibh cúis níos mó acu gan neamhaird a dhéanamh d’fhianaise a chruthódh an téis sin. Agus mar go raibh
sé go pointe áirithe bunaithe ar fhianaise ar chuir siad ar fail nach bhfuil aon chonspóid faoi ar aon taobh agus atá foilsithe in áiteanna eile – sé sin cad a bhí sna dréacht cháipéisí ag Istanbul.
Ach is é an pointe lárnach ná nach raibh mé ábalta teacht ar fhianaise ar bith sna blianta idir Istanbul agus agallamh Mendel le Carlson chun tacú leis an maíomh a rinne sí, nó fiú amháin duine ar bith le seasamh ar bith sa scéal a rinne an maíomh céanna.
Seán De Bláca
Ceist agam ar Chathal thuas. Deir sé ‘Dá ndéanfaí taighde ar an mbean a thug an cur síos i gceist faoina himeachtaí in Iostanbúl, an dtabharfaí faoi ndeara go bhfuair an bhean chéanna go leor moltaí agus duaiseanna idirnáisiúnta nuair a bhí an méid a thuairiscigh sí ag teacht le dearcadh “eile”? An bhfágfadh sin míshuaimhneas éigin, dá mb’fhíor é? Cá bhfios? Soiléiriú de dhíth?’. I gcead do Chathal is uaidh siúd atá soiléiriú de dhíth. Má tá eolas aige gur bhuaigh sí duaiseanna idirnáisiúnta dá cuid iriseoireachta cén fáth nach ndeireann sé sin linn cén chinn? Muna bhfuil eolas aige gur bhuaigh sí iad cén fáth ar ardaigh sé a leithéid de cheist? Dá mbeadh sé fíor gur beireadh amach uirhi ag scaipeadh scéalta bréagacha cheana nach gcuireadh sé sin cruth difiúíl ar an scéal? Níl aon fhianaise agam gur beireadh dála an scéil ach is féidir amhras ar bith a scaipeadh gan fianaise ach é a chur i bhfoirm ceiste.
Cathal
Ní gá ach spléachadh a thabhairt ar an leathanach fúithi i vicipéid (muna bhfuil sé athraithe faoi seo). (Is féidir an t-ábhar atá ann a dhearbhú.) Dála an scéil scríobh an bhean chéanna go leor alt sa NYT a raibh an-ráchairt orthu – nílim ag maíomh, ná baol air, go bhfuil an méid a dúirt sí san agallamh i gceist cruinn, ach nach aisteach é fós féin an t-athrú thar oíche? Nach mbeadh sé spéisiúil an ghné sin a chíoradh – gan toradh réamhchinntithe?
Agus an saol mór ag cur thar maoil le bolscaireacht ó gach taobh, le roinnt blianta anuas ach go háirithe, is é an t-aon rud is cás liom ná go mbeadh – le hais na hiriseoireachta claonta (i ndiaidh gach ní, is cuid dhosheachanta de shaol an chine dhaonna an chlaontacht agus an treibheachas – agus dar ndóigh, an brú a chuirtear ar iriseoirí taobh istigh dá n-eagraíochtaí féin agus ón taobh amuigh) – go mbeadh ar a laghad cuid den iriseoireacht bunaithe ar fhíricí agus go bpléifí go hoibiachtúil na fíricí seo, cé gur léir gur deacair teacht orthu – in am géarchéime ach go háirithe – ach ba chóir taighde chuimsitheach ar líne a dhéanamh (agus má théitear i muinín meithle machnaimh, eagraíochta brústocaire agus a leithéid ba chóir súil ghéar a chaitheamh ar stair, ar mhisean, ar mhaoiniú agus ar fhoireann an dreama i gceist). Agus is fiú a lua – cé gur trua é – gur gné de shaol mallaithe an lae inniu go dtarlaíonn sé ar uaireabh nach mbíonn teacht ar fhíricí míchompordacha ach amháin i “bhfoinsí nimhithe”.
Seán De Bláca
Tá sé ioróinneach go bhfuil Cathal ag iarraidh go mbeadh cuid den iriseoiracht bunaithe ar fhíricí nuair a. nár sholáthar sé fhéin aonn fhíricí chun tacú leis na maíomhanna a rinne sé. b. nár bhréagnaigh sé fíric ar bith san alt thuas agus c. fós níl se ábalta duais iriseoireachta ar bith a bhuaigh Iulia Mendel a ainmiú tar éis dó a mhaíomh gur bhuaigh sí cinn. Níl an talt thuas nó iriseoireacht Uí Dhrisceoil nó colúnaithe eile i Tuairisc gan locht. Bíonn altanna Uí Drisceoil beagáinín fada uaireanta don pointe atá á dhéanamh aige dár liom, agus d’fhéadfaí beagáinín eagarthóireachta a dhéanamh orthu, ach bíonn fírící agus fianaise agus taighde le sonrú iontu.
Cathal
Tá sé le léamh i Vicipéid agus, mar shampla, ar an suíomh a bhainistíonn a hobair mar chainteoir. (Táim cinnte de go bhfuil bua na léite agus na cliceála ag cuairteoirí ar an suíomh seo. Agus arís eile, nílim ag maíomh, ná baol air, go bhfuil an méid a dúirt sí cruinn.)
Dúirt Patton tráth: má bhíonn gach duine ag smaoineamh mar a chéile, ní bhíonn aon duine ag smaoineamh.