‘Ó, beidh ort carr a cheannach anois,’ a dúirt cairde agus gaolta nuair a d’inis mé dóibh go raibh mé ag bogadh go Middelburg, sa tSéalainn, an chuid is faide siar ó dheas den Ísiltír.
D’fhéadfá a rá gurb í an tSéalainn Ciarraí na hÍsiltíre. Go leor oileán agus leithinsí. Tránna, tithe saoire. Mórchuid fámairí, gannchuid cónaitheoirí buana. I bhfad ó na cathracha móra agus gan sa chontae uilig ach an t-aon líne thraenach amháin.
‘Tá a fhios agat an chaoi a bhfuil cúrsaí iompair phoiblí faoin tuath,’ a dúirt na cairde agus na gaolta. ‘Agus tuigeann tú nach trí thaisme gur sa tSéalainn a eagraítear An Comórtas Náisiúnta Rothaíochta in Aghaidh na Gaoithe gach bliain, nach dtuigeann?’
Go deimhin, ach oiread leis an iomaí ceantar tuaithe eile ar fud na hEorpa, ní bhíodh cúrsaí iompair phoiblí sa tSéalainn thar mholadh beirte: bealach bus nó dhó agus go leor ama idir na busanna.
Ach bhí comhairle contae agus comhairlí cathrach na Séalainne réidh dó, agus le bliain anuas, tá comharthaí uaine leis an bhfocal Hub orthu ag dul in airde ar fud na Séalainne.
Ag ceann ar bith de na comharthaí Hub, tá tú in ann mionbhus Flex a fháil ach é a iarraidh rud beag roimh ré ar aip nó glaoch gutháin a chur ar an lárionad. Mar a bheadh Uber á fháil agat – ach gan de chostas ar an turas ach an táille a d’íocfá ar bhus.
Níl línte buana ag na mionbhusanna Flex. Cuireann an lárionad na haistir a dhéanfaidh na mionbhusanna Flex i dtoll a chéile de réir mar a thagann iarratais isteach ó na húsáideoirí, rud a fhágann an córas solúbtha.
An dúshlán a chuir an tSéalainn roimpi féin ná a chinntiú go mbeadh comhartha Hub laistigh de 500 méadar de chuile theach sa chontae, agus go mbeadh duine ar bith sa chontae in ann taisteal ó Hub go Hub idir a 6 ar maidin agus a 11 san oíche agus gan a íoc ar an aistear ach táille bus.
Agus na comharthaí Hub á gcur suas ar fud an chontae de réir a chéile tá fás 50 úsáideoir nua ar an gcóras gach seachtain, agus tá scór 4.9 (as 5) faighte ag an gcóras ar aipeanna rátála. Amach anseo, cuirfear comharscéim rothar ar fáil ag na comharthaí Hub freisin.
Agus mé gafa le hualach DIY ó bhog mé go dtí an tSéalainn ní raibh deis agam féin úsáid a bhaint as an gcóras go fóill, ach lá ar bith feasta rachaidh mé chomh fada le comhartha Hub, cuirfidh mé fios ar mhionbhus Flex, agus rachaidh mé chuig an áit is scoite amach sa chontae – díreach toisc gur féidir.
Fág freagra ar 'Réiteach nuálach ar an easpa iompair phoiblí faoin tuath san Ísiltír'