Tá nach mór fiche bliain ann ó leag mé cos in Middelburg, ach tá mé ag dul ag cónaí ann

Agus árasán á chuardach ag ár gcolúnaí, mothaíonn sé gur pribhléid é nach bhfuil ceangail chlainne, ghrá nó oibre air

Tá nach mór fiche bliain ann ó leag mé cos in Middelburg, ach tá mé ag dul ag cónaí ann

Tá árasán á cheannach agam – in áit nár shamhlaigh mé go deo go mbeadh cónaí orm.

Nuair a chuaigh mo mháthair ar shlí na fírinne leathbhliain ó shin, ba mhaith a thuig mé go raibh caibidil amháin de mo shaol á dúnadh agus go mbeadh orm tús a chur le caibidil nua. Bhí teach mo mhuintire, ina raibh cónaí orm le dhá bhliain anuas, le díol – agus bhí orm baile nua a aimsiú dom féin.

Ach gheall mé dom féin, nuair a shuaimhnigh rudaí tar éis na sochraide, nach ndéanfainn aon rud faoi dheifir.

Shocraigh mé a oibriú amach i dtús báire cén chuid den domhan a gcuardóinn árasán ann.

Tharla go raibh cónaí orm in Éirinn ar feadh 12 bhliain agus sa Bhrasaíl ar feadh 16 bliain ina dhiaidh sin, ach cé gur chuimhnigh mé ar fhilleadh ar an dá áit rith sé liom agus mo mhachnamh á dhéanamh agam gur ‘caibidlí’ iad sin i leabhar mo shaoil atá ‘léite’ agam cheana féin.

Thug mé sciuird sciobtha ar an bPortaingéil féachaint an comhréiteach a bheadh sa tír sin idir iarthuaisceart fuar fliuch na hEorpa agus teas Mheiriceá Theas, ach thuig mé agus sráideanna Liospóin á siúl agam nach comhréiteach sásúil i gcónaí áit leath bealaigh. Nuair a bhíodh cónaí orm sa Bhrasaíl mhothaínn uaim Éire agus an Ísiltír agus ó d’fhág mé an Bhrasaíl mothaím uaim an tír sin; dá mbogfainn go dtí an Phortaingéil mhothóinn uaim trí thír, seachas péire.

Ach rith rud dearfach liom chomh maith agus sráideanna Liospóin á siúl agam. Pribhléid atá ann, dáiríre, a bheith in ann rogha saoil den chineál seo a dhéanamh agus mé leathchéad bliain d’aois. Tá ceangail chlainne, ghrá agus oibre ar fhormhór mór mo chuid comhaoiseach.

Go deimhin d’fhéadfainn cónaí in áit ar bith ar domhan a mbeadh wifi ann. Ach nuair a d’fhill mé ón bPortaingéil ba éard a theastaigh uaim dáiríre, tar éis dom a bheith chomh siúlach scéalach sa chéad leathchéad bliain de mo shaol, ná socrú síos i mo bhaile dúchais – gar do ghaolta agus cairde, idir sheanchairde agus chairde nua.

Ach bhí praghsanna na dtithe i bhfad ró-ard; tá an baile inar rugadh agus inar tógadh mé, Heemskerk, an-ghar do chathair Amsterdam. Ba bheag nach ndeachaigh mé le báiní tar éis dom cuairt a thabhairt ar shlám árasán dearóil a bhí i bhfad ródhaor, ach ansin thosaigh torthaí ag teacht aníos i mo chuid cuardaigh ar líne a bhí níos faide ó bhaile, árasáin ar phraghas réasúnta i gceantair lasmuigh d’iarthar plúchta na hÍsiltíre. Chliceáil mé ar chúpla ceann le haghaidh an chraic – Drachten, Geleen, Veendam – agus rinne gáire dóite. Áiteanna iad sin nach n-iarrfá ar mhadra cónaí iontu, ní gruaim go dtí iad.

Ach ansin, gan choinne, tháinig árasán aníos in Middelburg, príomhchathairín ársa na Séalainne, i bhfíor-iardheisceart na hÍsiltíre, an chuid sin den tír ina bhfuil níos mó uisce ná talamh; ceantar atá chomh scoite amach sin ón gcuid eile den tír nach gcuimhneofá air, fiú amháin, agus na ceantair atá scoite amach ón gcuid eile den tír á n-áireamh agat.

Middelburg, a shíl mé liom féin, cén fáth nár chuimhnigh mé féin air sin? Is iomaí saoire scoile a chaithinn sa chathair sin agus mé óg toisc gurbh ann a bhí cónaí ar mo leathdheirfiúr agus ar mo leathdheartháir, agus ar bheirt aintíní liom. Bhí nach mór fiche bliain ann ó leag mé cos in Middelburg go deireanach ach nuair a thosaigh mé ag cuardach árasáin ann dáiríre mhothaigh mé sa bhaile ar an bpointe boise.

Mí amháin a thóg sé orm teacht ar an áit cheart: árasán dhá sheomra ar urlár na talún agus íoslach fairsing faoi, i gcroílár na cathrach, i bhfoirgneamh a tógadh sa bhliain 1730 – agus é €100,000 níos saoire ná mar a chosnódh árasán dearóil i mo bhaile dúchais.

Is ea, tá turas traenach trí huaire an chloig idir Middelburg agus an chuid eile den domhan agus ó bhog mo leathdheirfiúr agus mo leathdheartháir agus ó d’éag an bheirt aintíní sin níl aithne agam ar dhuine ná deoraí sa chathair sin, ach saol úrnua a thosú in áit úrnua … rinne mé sin cheana.

Fág freagra ar 'Tá nach mór fiche bliain ann ó leag mé cos in Middelburg, ach tá mé ag dul ag cónaí ann'

  • Màire Blundell

    Tàimse ag súil go mór do chuid scéalta eile ón Middleburg.
    Go n-éiri an bhothar leat, Alex.

  • Pádraig

    Agus conair bhreá rothaíochta ó dheas uait ar feadh an chósta fad a ritheann. Bhí ceangal láidir idir áiteanna ar an gcósta sin agus manaigh na hÉireann anallód.
    Tóg ‘Knokke’, mar shampla, (‘Cnoc’ i bhfoghraíocht na háite!) mar a mbíonn féile gach samhradh in ómós don manach a hÉirinn (Déiseach) a bhunaigh an baile céanna.
    (Ní cuimhin liom a ainm anois.)
    Beidh tú in áit mhaith!

  • Pádraig

    Ainm an mhanaigh úd a bhunaigh ‘Cnoc’ (Knokke) ná Guthagonius (8ú céad).
    Manach agus díthreabhach de chuid na Déise a aithnítear mar naomh sa cheantar sin.