Na glórtha ó chochall an chócaireáin sa chistin a mheabhraigh  dom go bhfuil an t-ádh liom

Chuir gleo aisteach ina árasán nua i gcuimhne dár gcolúnaí go bhfuil an t-ádh leis go bhfuil áit chónaithe shocair shuaimhneach aige ar chor ar bith

Na glórtha ó chochall an chócaireáin sa chistin a mheabhraigh  dom go bhfuil an t-ádh liom

Tá glórtha ag teacht ó chochall an chócaireáin i m’árasán nua.

Na tógálaithe atá ag obair i gceann de na hárasáin os cionn árasán s’agamsa atá ann, tá an méid sin oibrithe amach agam. Cuireann macalla miotalach a gcaint as a riocht, ach Ísiltíris a labhraíonn siad agus chuala mé focail ar nós ‘scoradán ciorcaid’ agus ‘iarta ionduchtúcháin’.

Seanteach atá nach mór 300 bliain d’aois an foirgneamh ina bhfuil m’árasán agus go dtí le gairid bhí sé in úsáid mar ionad cónaithe ag eagraíocht sciath-thithíochta. Cuireadh isteach duchtanna aerála tríd an bhfoirgneamh ar fad mar bheart sábháilteachta ar eagla nach n-osclódh na cónaitheoirí a gcuid fuinneog, agus is léir go gceanglaíonn na duchtanna sin na hárasáin – sé cinn san iomlán – lena chéile mar a cheanglódh córas cumarsáide ó na cianaoiseanna, sular ceapadh an teileafón.

Ar ámharaí an tsaoil níl an gleo ró-ard agus ceapaim go bhfuil an rud ar fad saghas greannmhar, ach d’éirigh mé machnamhach i ndiaidh dom an scéal a insint do chol cúigir de mo chuid a thug lámh chúnta dom leis an obair phéinteála.

‘Bhí cliant agam roinnt blianta ó shin a chloiseadh glórtha ó chochall an chócaireáin,’ a dúirt mo chol cúigir, ar síciteiripeoir í.

‘Teifeach a bhí ann ó thír éigin san Áise, bhí sé ag dul as a mheabhair sa lóistín a tugadh dó tar éis dó tearmann a fháil. Neamhord struis iarthrámaigh.

Ó chochall an chócaireáin amháin a chloiseadh sé na glórtha ar dtús ach ina dhiaidh sin chloiseadh sé iad ó na soicéid freisin, agus b’éigean dúinn idirghabháil a dhéanamh nuair a bhí na sreanga leictreacha sractha amach as an mballa aige, rud a chuir a bheatha féin i mbaol. Ba é an chaoi go raibh na glórtha ag bagairt air go gcuirfeadh siad den saol é.’

Bhí ballaí le péinteáil againn agus léim an comhrá ar aghaidh ó ghlórtha go greanpháipéar agus scuaba, ach is minic ó shin a chuimhnigh mé ar an scéal a d’inis mo chol cúigir dom an lá sin.

Tá nach mór fiche bliain ann ó leag mé cos in Middelburg, ach tá mé ag dul ag cónaí ann

Ní chuireann na glórtha ó chochall an chócaireáin in árasán s’agamsa isteach orm mórán, agus ar a laghad ar bith is fíorghlórtha iad.

Ní hionann agus go leor daoine – sa tSudáin, san Úcráin, i nGaza agus in áiteanna eile nach iad, lena n-áirím campaí teifeach agus ionaid d’iarrthóirí tearmainn – tá áit chónaithe shocair, shuaimhneach, shábháilte agam agus is beag an baol go gcloisfidh mé glórtha samhlaíocha a thabharfaidh orm na sreanga leictreacha a shracadh amach as na ballaí.

Fág freagra ar 'Na glórtha ó chochall an chócaireáin sa chistin a mheabhraigh  dom go bhfuil an t-ádh liom'