Cosaint agus slándáil – ní leor ‘Á, beimid ceart go leor ar an oíche’

Ar chóir go mbeimis níos airdeallaí, níos mó ar an eolas faoi na contúirtí ar fad atá thart orainn anois?

Cosaint agus slándáil – ní leor ‘Á, beimid ceart go leor ar an oíche’

Táimid croite fós tar éis an méid a tharla in Washington an lá cheana. An cheist is mó atá á cur ag chuile dhuine ná ‘cén chaoi ar tharla sé sin arís?’

Tá sé dochreidte go bhféadfadh duine le gunnaí, raidhfil agus sceana a dhul chomh fada le doras gar don seomra ina raibh an tUachtarán agus na daoine ba thábhachtaí sa rialtas i Meiriceá, an Leas-Uachtarán agus an Ceann Comhairle, bailithe le chéile. Ach sin é a tharla agus chonaiceamar lenár súile féin é – agus an t-ionsaitheoir ag rith thar an ngarda cosanta – gan mórán stró – agus é ag scaoileadh lena ghunna.

Nach cuimhin linn féin go maith na híomhánna nuair a bhí an tír seo ag réiteach do chuairt Uachtarán Mheiriceá? Na fir ó Sheirbhís Rúnda Mheiriceá ag cuardach i ngach coirnéal roimh ré, agus cuid díobh ag oscailt na ndraenacha le go bhféadfaidís iad a scrúdú i gceart. Bhíodh sé ina ábhar magaidh an chaoi a mbíodh fir i ngach áit ag caint isteach ina gcuid muinchillí – agus seo laethanta maithe sular tháinig an tUachtarán go dtí an tír ar chor ar bith. Thugadar sciúradh ceart don chathair roimh an gcuairt.

Tá sé dochreidte sa lá inniu go bhféadfadh caighdeáin slándála a bheith chomh sleaiceáilte sin is go mbeadh fear gunna i bhfoisceacht scread asail don Uachtarán agus dá Chomh-Aireacht in Washington féin.

Bhí mé ag smaoineamh ar an ábhar seo, an tslándáil, i rith na seachtaine agus mé ar cuairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, scaitheamh sular tharla an t-ionsaí thall.

Sheas mé féin agus cara liom os comhair na seomraí is tábhachtaí sa Chaisleán agus leath na súile orainn. Bhí canbhás, scafall, fir oibre, péint is plástar i ngach cúinne amach romhainn.

Agus uachtaránacht an Chomhphobail Eorpaigh ag drannadh linn, bhí ionadh orm go raibh muid fós i mbun athchóirithe ar an bhfoirgneamh is lárnaí don stádas sin. Stádas a sheasfaidh go ceann sé mhí ó lár na bliana.

Tá 13 bliain ann ó bhí an Uachtaránacht sin inár seilbh cheana. Nach sílfeá go mbeadh dalladh ama againn le foireann péintéirí agus pláistéirí a híreáil chun dul i mbun oibre breá luath?

Bhí mo chara i bhfad ní ba thuisceanaí ná mé féin faoin riocht ina raibh an caisleán. ‘Beidh gach rud i gceart faoin am a dtosóidh an Uachtaránacht, fan go bhfeice tú,’ a dúirt sise liom. ‘Ná bíodh aon imní ort.’

Gach seans go mbeidh. Ach nach shin í an fhealsúnacht a bhí againn ariamh – ‘Beidh gach rud i gceart ar an oíche.’

Ar chóir go mbeimis níos airdeallaí, níos mó ar an eolas faoi na contúirtí ar fad atá thart orainn anois?

Chonaic mé rud eile a chuir ag smaoineamh ar na contúirtí mé, roinnt seachtainí ó shin.

Bhí slua daoine i láthair ag seoladh leabhair agus ba é an Taoiseach féin, Micheál Martin a bhí ann chun an leabhar a sheoladh.

I dtús na hoíche, bhí mé ag rá liom féin nach deas an rud é go bhféadfadh Taoiseach na tíre a bheith i láthair ag ócáid nach raibh aon fhoirmeáltacht rómhór ag baint léi. Ní fhaca mé aon gharda in éide na ngardaí cé gur ghlac mé leis go raibh a bhuíon slándála féin in éindí leis. Ach ní raibh siad an-fheiceálach sa seomra.

Bhí an doras tosaigh ar oscailt agus cé go raibh sé coiscthe ar éinne teacht isteach gan ticéad, ní fhaca mé aon duine ag seiceáil a leithéide. B’ócáid fhíordheas a bhí inti agus deis ag daoine pictiúir agus féiníní a ghlacadh gan stró.

Ach cé go mbeadh coicís eile ann sula dtarlódh an eachtra in Washington, fós féin, bhí mé ag breathnú thart agus ag rá liom féin nach dtógann muid na contúirtí a bhaineann lena leithéid d’ócáid phoiblí i ndáiríre ar chor ar bith.

D’fhiafraigh duine de na haíonna an oíche sin díom an raibh a fhios agam cén áit a gcuirfeadh sí a cóta. Thaispeáin mé an ráille cótaí di. Bhí gach sórt cóta, seaicéid agus málaí droma freisin caite suas ar an ráille. I bhfoisceacht cúpla méadar don Taoiseach.

Níos deireanaí inniu (Dé hAoine) cuirfear tús le cruinniú mór faoin tslándáil agus na contúirtí sceimhlitheoireachta a bhíonn ag bagairt sa lá inniu. An Garda Síochána atá á eagrú. ‘Póilíniú frithsceimhlitheoireachta, Radacachas agus Slándáil Phoiblí’ is teideal don chomhdháil agus tá liosta an-suimiúil cainteoirí le bheith ann – daoine ón FBI agus daoine ó Phóilíní Chathair Londan ina measc.

Seans go mbeidh aird ar leith ag an dream a bheas ag freastal air ar an méid a déarfas an FBI faoi chúrsaí slándála san Washington Hilton.

Níl ann ach cúpla lá ó d’fhoilsigh an Breitheamh George Bermingham tuarascáil faoi na contúirtí is mó sceimhlitheoireachta atá ann anois. Bhí an bhagairt a bhaineann le dreamanna antoisceach Ioslamach ar bharr an liosta.

Agus céard a tharla lá nó dhó ina dhiaidh sin? Nár leagadh buama gan choinne taobh amuigh de stáisiún na bpóilíní i nDún Muirígh, i dtuaisceart Éireann? Níorbh aon antoisceach Ioslamach a rinne é sin, ach an IRA ‘Nua,’ ceaptar.

Dá mba chosaint iad na tuarascálacha agus na comhdhálacha, bheadh muid thar a bheith slán, sábháilte. Ach an mbeidh éinne sásta na moltaí sna tuarascálacha a chur i bhfeidhm tar éis a bhfuil tarlaithe le coicís anuas?

Nó an mbeidh gach duine ag rá ‘Á, beimid ceart go leor ar an oíche.’

Fág freagra ar 'Cosaint agus slándáil – ní leor ‘Á, beimid ceart go leor ar an oíche’'