Leabhar a fuaireas i skip a thug ar thuras mé ón Daingean go dtí Oklahoma

Pé tréith í sin a bhaineann linne i gCorca Dhuibhne, is deacair dúinn éalú ónár ndúchas agus ónár n-oidhreacht agus, i ndáiríre, ní mian le scata againn a leithéid a dhéanamh ar aon nós. Pé máchail atá orainn, is breá linn a bheith ag insint scéalta fúinn féin dúinn féin agus don ndomhan mór. Tá […]

Leabhar a fuaireas i skip a thug ar thuras mé ón Daingean go dtí Oklahoma

Pé tréith í sin a bhaineann linne i gCorca Dhuibhne, is deacair dúinn éalú ónár ndúchas agus ónár n-oidhreacht agus, i ndáiríre, ní mian le scata againn a leithéid a dhéanamh ar aon nós. Pé máchail atá orainn, is breá linn a bheith ag insint scéalta fúinn féin dúinn féin agus don ndomhan mór.

Tá breis is an ceathrú céid tugtha agam ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus taibhsíodh dom gur beag a bhí le foghlaim agam faoi mo phobal féin ag an bpointe seo. Táim siúlach le breis is cúig bliana fichead ar Ghaeltacht na Mumhan idir Ciarraí, Corcaigh is Port Láirge agus is mó scéal atá inste agus cloiste agam fé ghníomhartha gaile is gaisce atá déanta ag daoine, b’fhéidir, ná beadh puinn aithne orthu lasmuigh dá bpaiste féin sa Ghaeltacht.

Mar fhear caide, bhíos meallta isteach as m’óige ag an ainm Paddy Foley. Bhí Paddy Foley nó PF, ar dhuine de na húdair chaide ab fhearr agus ba cháiliúla lena linn agus dob é, leis, a scrígh Kerry’s Football Story i 1945. Tá cóip den leabhar céanna aige baile agam agus ba gheall le bíobla tamall é ag an té a thug dom é.

Ach cérbh é an Patrick M. Foley seo go raibh a ainm chun tosaigh ar leabhar eile a d’aimsíos agus mé ag póirseáil trí bhailiúchán i seana-thigh tréigthe in 2022? History of the County Kerry – Corkaguiny ainm an leabhair agus é scríte i 1907- tamall roimis ré PF leis an Kerryman.

Ag léamh an leabhair ar saoire dom go gairid tar éis dom é a aimsiú agus a shábháil ón skip, tuigeadh go paiteanta dom gur Patrick Foley eile ar fad a bhí i gceist anseo, go raibh stíl aoibhinn scríbhneoireachta aige agus níos tábhachtaí fós, go raibh grinnchuntas á thabhairt aige sa leabhar ar mo cheantar dúchais féin i gCorca Dhuibhne.

Bhí ana-éachtaint le fáil sa leabhar ar Chnoc Bréanainn agus na bailte fearainn ar a shleasa thuaidh, thoir, thiar agus theas agus bhí éachtaintí, leis, ar stairsheanchas agus seandálaíocht na leithinse trí chéile. Bhí cur síos ar achrann creidimh, ar shuaitheadh polaitiúil agus ar an síorchruatan a bhí i ndán don nGael fé réimeas an tSasanaigh. Níos mó ná babhta amháin, mhothófá go raibh tuairimí polaitiúla agus dearcadh ar leith i leith na heaglaise agus na n-údarás á nochtadh ag an údar.

Le breis póirseála agus breis paidhceála tuigeadh dom gur fear ar leith é an Patrick M. Foley seo, pearsa thábhachtach roimh, le linn agus tar éis achrainn mhóra pholaitiúla na linne. Achrann é seo a d’fhág go mbeadh slán á fhágaint aige leis an bhfód dúchais agus é ag tabhairt fé Mheiriceá siar dhá bhliain tar éis an leabhar ar Chorca Dhuibhne a scríobh.

Bhí an áirithe sin ar eolas agam agus mé ag tabhairt faoin scannánaíocht do Rian na Fola agus leis an gcur chuige a bhí ag an bhfoireann léirithe, bhí iontaisí eile á gceilt orm d’fhonn is go mbeadh glacadh nádúrtha agam leis an bhfianaise a bhí á cur ar fáil beagán ar bheagán. Tuigeadh dom luath go maith go gcuireadh deireadh anabaí agus brúidiúil le saol Patrick M. Foley agus gur tháinig droch-chríoch air i mbaile beag tuaithe ar thaobh cnoic i gceartlár Náisiún Cherokee in Oklahoma i 1930. Bhí fonn orm iniúchadh a dhéanamh ar fh ios fátha a bháis agus ar scéal a bheatha d’fhonn rianú agus iomlánú a dhéanamh ar a scéal agus chun go bhféadfaí an t-aitheantas ba dhual agus ba dhlite a thabhairt don saol a bhí caite ag an nDuibhneach seo ar deoraíocht.

Bhí de sheans linn go gcuireamar aithne ar ghariníon Patrick Foley, Mary McGillick agus sinn ag leanúint a chosáin. Iníon í Mary le hiníon Foley, Mary eile, bean nár chuir aon aithne cheart riamh ar a hathair agus é dulta go Meiriceá in aois aon bhliain amháin di féin. Bhí cáipéisí agus bailiúchán leabhar agus leabhrán de chuid Foley i seilbh Mhary ina tigh i Loch Garman agus táid siúd le tabhairt ar láimh an tseachtain seo don Leabharlann Náisiúnta.

Toradh fónta eile ar shaothar chriú Rian na Fola. Bhí luach ar leith ag baint leis na cáipéisí is na dialanna céanna dúinne agus iad ag tagairt do thurasanna agus sciuirdeanna a bhí tugtha ag Foley fuaid faid, Mheiriceá Thuaidh – áiteanna ar nós Stát na Mormannach, laistiar de na Rockies, California, Niagara, Boston, Fort Worth Texas, Cúba agus Meicsiceo féin mar a gcaith sé Lá le Pádraig 1913.

Dá mhéid a fuaireas amach ar m’aistear i Meiriceá, bhí níos mó agus níos mó ceisteanna ag eascairt as cosán an tsaoil chorraithigh shuaite a lean Foley. Ní fhéadfainn a rá go diongbháilte go bhfuil freagraí aimsithe againn ar chuid de na ceisteanna céanna agus bhí gnéithe áirithe den bhfianaise a bhí ag teacht chun solais ná féadfainn ciall ná meabhair a bhaint astu.

Tuigeadh dom luath go maith, áfach, gurb é an rud ba thábhachtaí ná an solas san a chaitheamh orthu agus fiú mura mbeadh réiteach ná fuascailt ná foilsiú daingean le fáil, bheadh ar a laghad soilsiú déanta ar phóirsí dorcha ina mbíodh púcaí siúlach tráth.

Beidh Rian na Fola á chraoladh ar RTÉ 1 ar a 6.30pm tráthnóna Dé Luain, an 4 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Leabhar a fuaireas i skip a thug ar thuras mé ón Daingean go dtí Oklahoma'