“Lá stairiúil” do Bhaile Bhuirne agus do Ghaeltacht Mhúscraí a bhí ann inné agus Campas Íosagáin á oscailt go hoifigiúil.
An Taoiseach Micheál Martin a d’oscail an mol digiteach nua atá suite ar shuíomh Choláiste Íosagáin ar an mbaile.
Tá infheistíocht beagnach €10 milliún déanta chun an seancholáiste oiliúna, atá dúnta ó 1989, a athfhorbairt mar ionad tacaíochta gnó.
Dúirt an Taoiseach go raibh cuimhní aige cluichí peile a imirt i gcoinne Choláiste Íosagáin nuair a bhí sé ina scoláire i gColáiste Chríost Rí i gcathair Chorcaí agus gur cúis áthais dó a bheith ar ais chun an fhorbairt nua a oscailt.
Dúirt sé go dtabharfadh an mol nua “tacaíocht láidir don chruthaitheacht, don chumarsáid agus don fhorbairt pobail sa Ghaeltacht agus i réigiún an iardheiscirt i gcoitinne”.
Mhol an Taoiseach an “t-abhcóideacht agus gníomh áitiúil láidir” a rinneadh chun an togra a thabhairt chun críche.
Dúirt sé go dtabharfaidh sé níos mó deiseanna do dhaoine a bheith ag obair i nGaeltacht Mhúscraí agus go raibh an fhorbairt mar eiseamláir ar an infheistíocht atá an rialtas ag iarraidh a dhéanamh sna ceantair thuaithe.
“Ina ainneoin na héiginnteachta geilleagraí ar leibhéal idirnáisiúnta, caithfimid na deiseanna atá ar fáil dúinn anseo sa bhaile a thapú. Is i dtograí agus tionscadail den chineál seo atá á lainseáil inniu atá bunchlocha na heacnamaíochta agus forbairtí ar fhiontair dhúchasacha bunaithe,” a dúirt sé.

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go raibh an togra tar éis “beocht nua” a chur “i bhfoirgneamh folamh tréigthe”.
Dúirt sé go raibh súil aige go mheallfadh Campas Íosagáin daoine agus infheistíocht i dtreo Bhaile Bhuirne agus go dtacódh sé freisin leis an bpróiseas pleanála teanga i Múscraí.
Dúirt Údarás na Gaeltachta, a bhí i gceannas ar an athfhorbairt, go raibh an togra ar cheann de na tionscadail forbartha tuaithe is suntasaí in Éirinn le blianta beaga anuas.
Dúradh go gcruthófar 200 post nua san ionad, “rud a thabharfaidh spreagadh mór don gheilleagar áitiúil”. Meastar go mbeidh suas le 320 post á gcur ar fáil nuair a bheidh an campas faoi lán seoil.
“Is lá stairiúil é seo don cheantar agus do Ghaeltacht Mhúscraí ar fad,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis. “Cuirfidh Campas Íosagáin dlús le cúrsaí taighde agus forbartha, ag tógáil ar bhuanna an réigiúin, i mBaile Bhuirne agus i gCorcaigh trí chéile. Beidh sé mar ardán don ré dhigiteach sa cheantar ag mealladh daoine le hardchaighdeán chun na Gaeltachta agus mar áis oiliúna eiseamláireach do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.”
Deir an tÚdarás go bhfuil an teicneolaíocht is nua-aimseartha ar fáil san ionad agus gur cuireadh an-bhéim ar chúrsaí aeráide agus fuinnimh mar chuid den athfhorbairt.
Beidh gineadóir cúltaca ar fáil i gcás briste cumhachta, agus trí chóras leathanbhanda neamhspleácha (satailít, raidió agus snáth optaice) san fhoirgneamh, chun muinín “a thabhairt do chomhlachtaí atá ag smaoineamh ar lonnú faoin tuath”.
Eoin Ó Riain
Deja vu?