Bialann nua oscailte i sráidbhaile an Spidéil

Sé an cócaire Joe Flaherty, as Rinn Mhaoile ó dhúchas, atá i mbun an ghnó nua

Bialann nua oscailte i sráidbhaile an Spidéil

Tá bialann nua – Sáile – oscailte i sráidbhaile an Spidéil.

Sé an cócaire Joe Flaherty, as Rinn Mhaoile ó dhúchas, atá i mbun an ghnó nua atá lonnaithe sa bhfoirgneamh céanna ina mbíodh na bialanna Bláth Fiáin agus Tigh Ghiblin tráth.

Chaith Joe Flaherty na blianta ina phríomhchócaire sa Brasserie on the Corner & Blake’s Pub ar Shráid Eglinton i nGaillimh. Le linn dó a bheith ansin, bhain an bhialann úd amach trí cinn de ghradaim náisiúnta Yes Chef  in 2024, an gradam do Bhialann na Bliana ar cheann acu.

Roimhe sin, d’oibrigh Joe mar chócaire i  mbialanna go leor i gcathair na dtreabh – Ard Bia, Vina Mara agus John Keogh’s Gastropub ina measc.

Tá lón agus dinnéar á gcur ar fáil ag Sáile agus ar an mbiachlár tá leithéidí seabhdar, cloicheáin, uaineoil, sicín, stéig,  colmóir, iasc agus sceallóga, chomh maith  le burgar déanta le mairteoil ó bhúistéirí McGeoughs in Uachtar Ard.

Ba in Óstán Theach Rinn Mhaoile, ag obair leis an gcócaire cáiliúil Tim O’Sullivan, a fuair Joe Flaherty taithí den chéad uair in earnáil na lónadóireachta agus é fós ina dhéagóir.

Agus bhain sé cáilíocht amach ó Choláiste Cócaireachta na gCeall Beag (atá anois ina chuid d’Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh).

Dúirt Joe go ndeachaigh an bealach inar bhain Tim O’Sullivan úsáid as bia áitiúil séasúrach ina chuid chócaireachta i  bhfeidhm go mór air. Agus déanann sé iarracht sin a dhéanamh ina chócaireacht féin.

Baineann stair fhada sa lónadóireacht agus sa bhfáilteachas leis an áit ina bhfuil an bhialann nua Sáile lonnaithe.

Ba ann a tógadh bialann an Bholuisce as an nua ag deireadh na 1970idí,  ar an suíomh ina mbíodh teach ósta ag Ben agus Máire Harvey agus ag muintir Loideáin rompu.

Le tamall anuas tá an Spidéal buailte go dona agus gnóthaí éagsúla ag dúnadh. Mí Eanáir seo caite dhún an teach ósta Cois Cuain tar éis trí bliana go leith ar an bhfód. Roimh an Nollaig, dúnadh siopa an gheallghlacadóra Boyle Sports. Tá an dá ionad sin fós folamh agus díomhaoin.

Is dea-scéala é go bhfuil bialann nua oscailte ar an mbaile agus tá go leor suime léirithe ann ar na meáin shóisialta le cúpla seachtain anuas.

Fág freagra ar 'Bialann nua oscailte i sráidbhaile an Spidéil'