Bua don iriseoir Vincent Kearney agus buille do na púcaí in MI5 agus don PSNI ab ea an t-ordú don dá sheirbhís cúiteamh a íoc leis as an éagóir agus sárú cearta a rinne siad air.
Sé an ceart foinsí eolais a choinneáil faoi rún ceann de na prionsabail iriseoireachta is tábhachtaí ar fad. Conradh neamhscríofa is ea é idir iriseoir agus duine a thugann faisnéis nach sceithfeadh an t-iriseoir go deo cérbh é nó í an fhoinse. Tá práinn leis an gcinnteacht sin, go háirithe nuair is obair iniúchta atá i gceist agus seans go bhféadfadh an fhoinse a bheith i gcontúirt. Admhaíonn na húdaráis an ceart rúndachta de ghnáth ach ar na huaireanta annamha a dtugtar iriseoir chun cúirte ag iarraidh iallach a chur air an fhoinse a nochtadh bíonn iriseoirí sásta a dhul go príosún chun an fhoinse a chosaint, mar is ceart, sé dualgas agus ceart an iriseora an fhoinse a chosaint.
I gcás Vincent Kearney, eagarthóir RTE i dTuaisceart Éireann, ba nuair a bhí sé ina chomhfhreagraí slándála ag an BBC a rinne MI5, an PSNI agus tríothu sin an MET, póilíní Londan, faireachas air. Theastaigh uathu a fháil amach cá raibh sé ag fáil eolais faoi na póilíní agus seirbhísí slándála eile. Bhain siad leas as bealaí mídhleathacha ina gcuid spiaireachta. Is faoi dhlí a ritheadh chun déileáil le sceimhlitheoirí a rinneadh brathadóireacht ar Vincent Kearney.
Rialaigh Binse Fiosraithe, an IPT, a scrúdaíonn conas a fheidhmíonn seirbhísí faisnéise, gur bailíodh sonraí an iriseora go mídhleathach agus d’ordaigh do MI5 £10,000 a íoc leis agus tugadh an t-ordú céanna don PSNI; £20,000 ar fad. Cé nach ar mhaithe le cúiteamh airgid a thóg Kearney agus an BBC an cás, mheasadar gur chéim suntasach é go mb’éigean do MI5 admháil a dhéanamh agus cúiteamh a íoc den chéad uair ariamh.
Tháinig an bhrathadóireacht ar Kearney chun solais nuair a bhí cás Barry McCaffrey agus Trevor Birney faoi bhráid an Bhinse. Chuaigh siadsan chun na cúirte i ngeall ar an íde a d’fhulaing siad i dtaca leis an scannán ‘No Stone Unturned’ faoi fhaillí agus claonpháirteachas na bpóilíní i sléacht Loch an Oileáin i 1994. Chuala an Binse gur rith an PSNI nó MI5 seacht dtogra idir 2006 agus 2018 ag bailiú eolais faoi obair a bhí idir lámha ag Kearney. Ina theannta sin thiomsaigh an PSNI comhad iomlán de shonraí an iriseora ina raibh faisnéis, ní hamháin faoi fhéin ach faoina bhean chéile agus a máthair.
Dúirt Vincent Kearney gur tháinig an spiaireacht salach ar a chumas a chuid oibre a dhéanamh. Chinn foinsí nárbh fhéidir brath airsean, iad den bharúil gur sceith sé eolas fúthu, rud nach ndearna sé. Dúirt sé gurb é a aidhm ó chuaigh sé chuig an mBinse dhá bhliain ó shin, ceart cosanta foinsí a athdhearbhú agus féachaint chuige go gcaithfeadh áisíneachtaí slándála a bheith cuntasach as an dlí a bhriseadh.
Dúirt an BBC go raibh siad páirteach sa gcás mar gur chuid bhunúsach den daonlathas í saoirse iriseoireachta. Bhí iompar MI5 agus an PSNI mícheart, chuir sé sciath chosanta agus muinín san iriseoireacht i mbaol agus caithfear a chinntiú nach dtarlóidh sé arís, a dúradar.
Ba dheacair talamh slán a dhéanamh de nach dtarlóidh sé arís. Bhí roinnt faisnéise sna cáipéisí i gcás McCaffrey agus Birney faoi iriseoirí eile ar deineadh faireachas orthu. Níor deineadh aon ní fúthu sin, go bhfios dúinn. Éisteadh fianaise MI5 faoi rún agus tá go leor míshásta go ndéantar cuid mhór d’obair an Bhinse ‘in camera’. Ar géilleadh sa gcás seo ionas nach ndéanfaí fiosrú ar líomhaintí eile a nochtfadh scéal níos measa fós?
Tá ceardchumann na n-iriseoirí an NUJ ag éileamh fiosrú poiblí. Is deacair muinín a chur i ngeallúintí nuair is baolach go raibh an faireachas forleathan. Níl sna cinntí ón IPT faoi McCaffrey agus Birney agus anois Vincent Kearney ach tús. Tá gá le hiniúchadh níos leithne agus níos oscailte – os comhair an phobail – chun a thuilleadh dochair a sheachaint. Bua ab ea an rialú ach bhí sé teoranta.
Fág freagra ar 'Bua do Vincent Kearney agus don iriseoireacht, ach tuilleadh de dhíth'