Tuairisc an tsamhraidh ar shaothar na ndaltaí i ‘scoil’ Shráid Chill Dara 

Dá mbeadh measúnú mar a scríobhann múinteoirí ag deireadh na scoilbhliana á dhéanamh ar cheannairí na bpáirtithe is mó sa Dáil cén breithiúnas a thuillfidís?

Tuairisc an tsamhraidh ar shaothar na ndaltaí i ‘scoil’ Shráid Chill Dara 

Caitheann gach grúpa páistí scoile a thugann cuairt ar Theach Laighean seal ina suí san áiléar poiblí nuair a bhíonn an Dáil i mbun díospóireachta.

Má bhíonn gnáthphlé ar reachtaíocht ar bun, ní mhaireann spéis na gcuairteoirí óga ar feadh i bhfad ach músclaíonn clampar a spéis i gcónaí. Ní cheileann cuid acu geit ná alltacht ar fheiceáil daoine fásta agus iad ag magadh agus ag fonóid faoina chéile ar dhóigh nach gceadófaí i rang scoile.

Ní hionann scoil agus Dáil ar ndóigh. Mar sin féin chuir cuimhneamh ar spéis agus ar iontas na mac léinn le linn ruaille buaille an scríbhneoir seo an machnamh.

Abair go raibh measúnú á dhéanamh ar shaothar agus ar iompar Teachtaí Dála mar a dhéanann múinteoirí scoile agus tuairisc chríoch na scoilbhliana á scríobh.

Cén cineál tuairisce a scríobhfaí mar shampla, ar a ndearna daltaí áirithe sa ‘scoil’ i Sráid Chill Dara ó thús na bliana? Cúig buille faoi thuairim a leanas:

Micheál Martin

D’oibrigh Micheál go dian agus go díograiseach ó thús na bliana. Is léir i gcónaí a obair bhaile a bheith déanta go cúramach aige agus é á cheistiú ag ceannairí eile sa Dáil. Teipeann ar a fhoighne uaireanta, go háirithe agus Mary Lou á cheistiú, ach ní air féin amháin a bhíonn an milleán.

Tá sé ar dhuine de na ceannairí is cliste sa Dáil ach ní dheimhníonn clisteacht ceannaireacht chiallmhar. Mar shampla, chuir míshásamh i Fianna Fáil le bille an rialtais a chuirfidh deireadh leis an nglas triarach ar sheoladh saighdiúirí thar lear iachall air an díospóireacht ar an mbille a chur siar go dtí an fómhar. Dúirt Willie O’Dea, agus an ceart aige, nár pléadh cealú an ghlais i gceart sular fógraíodh an cinneadh.

Bhí a chur chuige mar cheannaire ar a pháirtí lochtach freisin le linn bhlocáil na mbóithre i mí Aibreáin mar agóid in aghaidh phraghsanna breosla. Nuair a thoiligh an rialtas an dleacht ar bhreosla a laghdú, tugadh deis do pháirtí parlaiminteach Fhine Gael an laghdú a phlé sular fógraíodh é.

Níor tugadh an deis chéanna do chúlbhinseoirí Fhianna Fáil sular fógraíodh cinneadh an rialtais. eisíodh ráiteas an rialtais. Ní h-on iontas gur eisigh triúr – Albert Dolan, James O’Connor agus Ryan O’Meara – comhráiteas inar mhaígh siad nár tugadh aird ar ghearáin faoi chostais bhreosla go dtí gur blocáladh bóithre.

Cé go léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil níos mó daoine sásta le Micheál agus le Holly Cairns ná mar atá siad le ceannairí eile na bpáirtithe eile ní an scéal amhlaidh i gcás Fhianna Fáil.

Ba chúis imní don pháirtí torthaí na bhfothoghchán i mí na Bealtaine, i mBaile Átha Cliath Láir go háirithe. Níor ghnóthaigh iarrthóir lag Fhianna Fáil ach a ceathair faoin gcéad den vóta céad-rogha. Ní raibh sciar iarrthóir an pháirtí i nGaillimh Thiar den vóta céad rogha (8.8 faoin gcéad) thar mholadh beirte ach oiread.

Thug an Taoiseach “príomhdhúshlán na linne seo” ar an ngéarchéim thithíochta agus é ag labhairt ag ardfheis Fhianna Fáil i mí na Bealtaine. Is léir cheana féin áfach nach mbainfear amach sprioc tógála an rialtais (tógáil 300,000 teach faoi 2030) roimh an gcéad olltoghchán eile.

Ní deas an oidhreacht é le fágáil ag a chomharba, cibé uair a thabharfar deis dó dul i gceannas. Ach sin scéal eile.

Tuairim: Tá go leor oibre déanta ag Micheál i gcaitheamh na bliana ach is fuar an breithiúnas a thabharfar amach anseo ar a ré i gceannas, maidir le tithíocht agus cúrsaí aeráide go háirithe. Ní foláir dó a chaidreamh lena pháirtí féin a fheabhsú.

Marc 71/100

Simon Harris

Cuireann Simon spéis ina chuid oibre i gcónaí agus i mórán ábhar eile. Bíonn fonn cainte air i gcónaí agus is annamh a fhágtar ceist a chuirtear air gan freagra.

Bhain cuid mhór den obair a rinne sé le gairid le dhá thogra nach mbeidh faisnéis fúthu ar fáil go mí Dheireadh Fómhair: scéim infheistíochta do ghnáthdhaoine agus a chéad bhuiséad ina mbeidh sonraí na laghduithe ar cháin ioncaim atá geallta aige féin agus ag an Taoiseach.

Neosfaidh an buiséad a chumas dhá dhualgas a chomhlíonadh, mar aire airgeadais agus mar cheannaire ar a pháirtí a chomhlíonadh – gaisce, nó botún, nach ndearna fear ar bith (níor ceapadh bean fós mar aire airgeadais) ó bunaíodh an stát.

D’fhógair sé teorainn sé faoin gcéad ar chaiteachas breise in 2027 agus ráiteas eacnamaíochta an tsamhraidh á fhoilsiú Dé Céadaoin. Geallúint nár chuir an Chomhairle Fhioscach Chomhairleach ar a suaimhneas. Dar leo gur “dócha” go rachaidh caiteachas thar teorainn arís dá ainneoin.

An mbeidh sé ar a chumas caiteachas a choinneáil faoi smacht agus ‘Níl’ a rá sách minic le hairí a deir go bhfuil a thuilleadh airgid de dhíth orthu? Neosfaidh an aimsir.

Níl aire ó Fhine Gael freagrach as cúrsaí tithíochta ach ní foláir dó cuimhneamh go bhfuil dualgas air mar dhuine de chomh-cheannairí an rialtais dlús a chur le tógáil tithe.

D’fhógair Simon an mhí seo caite go bhfoilseodh Fine Gael treoirphlean d’aontú na tíre i mí na Samhna. Mhol Mary Lou McDonald a dhearcadh ar na cúrsaí seo go hard ach ní foláir an ceist a chur: cé chomh fiúntach a bheidh cáipéis a scríobhadh in achar chomh gairid?

Thug torthaí na bhfothoghchán údar misnigh dá pháirtí. Chuir Seán Kyne an tuairim nach mbíonn rath ar iarrthóirí ó pháirtí sa rialtas i bhfothoghcháin ar neamhní nuair a bhuaigh sé suíochán i nGaillimh Thiar.

I mBaile Átha Cliath Láir, tugadh 10.7 faoin gcéad de na vótaí céad-rogha do Ray McAdam agus dóchas dá bharr ag Fine Gael gur féidir an suíochán Dála a bhíodh ag Paschal Donohoe a fháil ar ais sa chéad olltoghchán eile.

Níor thuill Simon ach sciar den chreidiúint gur éirigh chomh maith lena pháirtí ach neartaigh na torthaí a stádas mar cheannaire.

Tuairim: Dhéanfadh Simon a leas féin agus leas a pháirtí dá bhfágfadh sé nochtadh tuairimí ar raon leathan ábhar faoi airí i bhFine Gael atá freagrach astu. 

Marc:69/100

Mary Lou McDonald

Is ríléir díograis agus géarchúis Mhary Lou agus í mbun cainte agus ceistiúcháin.

D’fhógair sí dhá athrú shuntasacha ar chur chuige Shinn Féin go gairid sular cuireadh an Dáil ar atráth.

Mhol sí leasú ar an dlí a chuir moill trí lá ar ghinmhilleadh. Ritheadh é le vótaí ón bhfreasúra, ón Taoiseach, ón Tánaiste agus ó scata beag Teachtaí eile i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael.

Is annamh a thagann móramh dá leithéid le chéile chun tacú le beartas a mholann an freasúra. Ritheadh é toisc gur mhol Mary Lou leasú a bhí níos teoranta ná mar a mhol na Daonlathaithe Sóisialta le gairid. Is fearr rith maith ná drochsheasamh, i nDáil Éireann go háirithe.

B’fhiú di cuid den ghoimh a bhaint as ceistiú an Taoisigh. Is mó an tairbhe a bhainfeadh sí as cíoradh agus cáineadh níos tomhaiste ná as síor-íde béil.

Tar éis di dearcadh Simon Harris ar athaontú na tíre a mholadh sa Dáil, bhí cruinniú ag an mbeirt Dé Máirt. Dúirt sí ina dhiaidh go raibh céim in éineacht tógtha acu i dtreo na reifreann lena n-aontófaí an tír ar bhonn eagraithe, daonlathach agus síochánta.

Neosfaidh an aimsir tábhacht an dá chás ach léirigh siad athrú straitéise agus meoin fiú más teoranta é.

Tugadh buille mór di nuair a toghadh an Daonlathaí Sóisialta Daniel Ennis sa bhfothoghchán ina dáilcheantar féin i mBaile Átha Cliath.

Tá lucht ceannais Shinn Féin ag cur leis an damáiste i nGaillimh Thiar áit ar laghdaigh a sciar den vóta i gcomparáid le holltoghchán 2024. Ní leigheasfaidh an fiosrú smachtaithe atá ar bun in aghaidh Mháirín Mhic Lochlainn, comhalta den pháirtí a cháin roghnú iarrthóra gan Ghaeilge, an chneá inmheánach.

Léirigh an agóidíocht in aghaidh phraghsanna breosla bearna shuntasach idir Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre agus na Ghlasaigh. D’áitigh siad go léir ar an rialtas labhairt leis an lucht agóide.

Dhiúltaigh Mary Lou a rá, mar a dúirt na páirtithe eile, gur chóir éirí as blocáil bóithre – diúltú a léirigh meatacht nó mífhreagracht, nó an dá thréith b’fhéidir.

Tuairim: Níl spéis an phobail in athaontú baileach chomh láidir agus an spéis a chuireann Mary Lou agus a páirtí ann. Níl fadhb mhór – cailliúint vótaí ar an eite dheas agus ar an eite chlé – fuascailte aici fós.

Marc: 65/100 

Holly Cairns

Déanann Holly Cairns a hobair bhaile go dúthrachtach, mar is léir agus í mbun ceistiúcháin.

Is é bua iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, Daniel Ellis, sa bhfothoghchán i mBaile Átha Cliath Láir an dul chun cinn is soiléire a rinne a páirtí i mbliana. Thug an bua suíochán Dála sa bhreis ar an Lucht Oibre don pháirtí.

Ní léir aon difríocht mhór eatarthu ó thaobh polasaí de, cé nach bhfuil aontas á phlé.

B’fhéidir gurb í an bhearna aoise idir Holly Cairns (36 bliain) agus Ivana Bacik (58) an difríocht is follasaí eatarthu.

Tugann gach pobalbhreith le fios go bhfuil céatadán tacaíochta an pháirtí – a dó dhéag faoin gcéad ar an meán – beagán le cois dhá uair níos mó ná an céatadán (4.8 faoin gcéad) a ghnóthaigh siad san olltoghchán in 2024.

Tá cuid mhór den chreidiúint tuillte ag Holly Cairns agus léiríonn pobalbhreitheanna méadú ar shásamh an phobail léi mar cheannaire. Go deimhin tá a céatadán ag teannadh le figiúr sásaimh an Taoisigh le tamall agus an bheirt acu go maith chun cinn ar cheannairí eile.

Tuairim: Léiríodh feabhas eile i mbliana ar chumas Holly an Taoiseach a cheistiú go géar sa Dáil. Neartófar brí agus éifeacht a ceisteanna nuair a bheidh sí ábalta a script réamhscríofa a chur i leataobh.

Marc: 68/100 

Ivana Bacik

Bíonn díograis Ivana agus a spéis ina cuid oibre follasach gach a labhraíonn sí.

Ní uirthi atá an milleán gur doiligh smaoineamh ar dhifríocht shuntasach polasaí idir an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta. Ní léir an chúis ach oiread go bhfuil tacaíocht a páirtí féin sna pobalbhreitheanna (3-4 faoin gcéad) chomh mór chun deiridh ar mheántacaíocht na nDaonlathaithe (a dó dhéag faoin gcéad).
Thug toradh an fhothoghcháin i nGaillimh Thiar ábhar dóchais nach beag don pháirtí go mbeidh an comhairleoir Helen Ogbu ábalta suíochán Dála a fháil ar ball. Ní hamháin mar gheall ar a sciar den vóta céad-rogha (11.4 faoin gcéad) ach toisc í a bheith sa rás go dtí gur thug a haistriúcháin an buaiteoir Seán Kyne ó Fhine Gael abhaile slán ar an gcomhaireamh deireanach.

Ní hionann agus Holly Cairns, thug Ivana Bacik le fios ar bhealaí éagsúla nach mbreathnaíonn sí ar Shinn Féin mar chuid den eite chlé. Is amach anseo a bheidh ar an mbeirt aghaidh a thabhairt ar an easaontas straitéise eatarthu.

Mura ndéanann an Lucht Oibre (agus na Daonlathaithe) a rogha roimh an olltoghchán beidh an cheist chéanna faoi chomhrialtas á síorchur ar an mbeirt go mbeidh an vótáil thart agus ina dhiaidh.

Tuairim: D’oibrigh Ivana agus a páirtí go dian ó thús na bliana ach is déine an strus gan cúis mhaith a chuireann an iomaíocht leis na Daonlathaithe orthu go léir.

Marc: 68/100

Fág freagra ar 'Tuairisc an tsamhraidh ar shaothar na ndaltaí i ‘scoil’ Shráid Chill Dara '