Tá Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, leis an fhéile i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí a oscailt go hoifigiúil Dé hAoine 25 Meán Fómhair
Beidh na doirne san aer arís i mbliana i nGaoth Dobhair agus i nDún Lúiche, agus tá cuma ar Fhéile Dorn San Aer 2026 go mbeidh sí ar cheann de na deirí seachtaine is bríomhaire sa cheantar, le féasta ceoil curtha ar fáil don phobal. Osclóidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an tríú féile go hoifigiúil Dé hAoine 25 Meán Fómhair ag 7 i.n. in Amharclann Ghaoth Dobhair — tús galánta, Gaelach agus tráthúil leis an cheiliúradh, ó bhí aithne phearsanta ag ár n-uachtarán ar Rónán Mac Aodha Bhuí.
Bunaíodh an fhéile in 2024 i gcuimhne ar an chraoltóir mór le rá Rónán Mac Aodha Bhuí, a d’éag an bhliain roimhe sin. Ba é Rónán an fear a chuir fuinneamh, gáire agus misneach i gcroíthe na sluaite lena ghlao cáiliúil: ‘Dorn san Aer do na Gaeil!’ Agus le linn na féile seo, beidh an meon sin le mothú go láidir ó thús deireadh.
Is iad KÍLA príomhbhanna na féile i mbliana, agus má tá aithne ar bith agat orthu, tá a fhios agat go mbeidh an fuinneamh agus an rithim beo bríomhar sin acu ar stáitse. Beidh suas le 20 grúpa eile le cluinstin thar an deireadh seachtaine, ina measc Grooveline agus Trá Pháidín, ar stáitsí éagsúla idir Ionad Cois Locha i nDún Lúiche, Amharclann Ghaoth Dobhair agus Teach Hiúdaí Beag ar an Bhun Bheag.
Cuirfear tús spleodrach leis an fhéile oíche Aoine ar stáitse na hAmharclainne; beidh Cór Thaobh a’ Léithid, Megan Nic Fhionnghaile, Burnchurch agus Trá Pháidín ag seinm ansin agus, ina dhiaidh sin, beidh an grúpa reggae BRÉAG as Béal Feirste ag cur an tslua ag damhsa i dTeach Hiúdaí Beag – agus ní dócha go mbeidh mórán ina suí go ciúin faoi dheireadh na hoíche!
Dé Sathairn is leis an aos óg an lá — ach beidh neart ann do dhaoine níos sine fosta. Ó mheán lae ar aghaidh, beidh cead réime ag na Doirníní san Aer: páistí beaga, páistí móra agus achan duine eatarthu. Beidh stainníní bia, péinteáil aghaidh, karaoke, aonach ceardaíochta, seó speisialta le Roberto Fanzini agus go leor eile ar siúl, chomh maith le dhá thuras speisialta amach ar bhád faoi scáth na hEaragaile leis na ceoltóirí breátha Connie Mhary Mhicí agus Diane Ní Chanainn. Suíomh níos fearr ní fhéadfá a fháil – agus imeacht nár cheart a chailleadh.
Spreag Rónán grúpaí úra ceoil i gcónaí, agus in ómós dó sin, beidh Cath na mBannaí ar siúl arís i mbliana in Ionad Cois Locha Dé Sathairn, le duaischiste €2,800 ann do na buaiteoirí. Beidh bannaí úra ó gach cearn den tír san iomaíocht ar an stáitse sin. Deis iontach an chéad bhanna mór eile i saol an cheoil a fheiceáil beo le do dhá shúil féin!
Nuair a thiteann an oíche ar Ghleann Nimhe Dé Sathairn, ní bheidh rudaí ach ag téamh suas tuilleadh. I measc na ngrúpaí a bheas ar stáitse in Ionad Cois Locha beidh Corr Mhóna, an grúpa miotail as Corcaigh a bheas ar a gcéad turas go Gaoth Dobhair; Ushmush as Contae an Chláir, a mheascann ceol na tíre seo le ceol na hAfraice agus na Cairibe lena stíl féin Reg-gael-ton a chruthú; The Shan Vans as Béal Feirste, a cheanglaíonn fuaim phunc-cheoil fhuinniúil le heilimintí traidisiúnta na hÉireann; an rapálaí Cúán de Búrca le Hhh, beirt bhaird bhradacha an cheoil; an rapálaí risque Torby; agus buaiteoirí Chath na mBannaí 2025, TART, an grúpa rac-cheoil Feirsteach don aois nualiobrálach atá ‘Ar an Drabhlás’ gan stad. Agus ansin, ceannródaithe an func agus an grúv, deisceabail an dioscó, Grooveline; sula gcríochnaítear an oíche chomh hard leis an Earagail í féin le KÍLA, ag sníomh rithimí an domhain le ceol rince nuachumtha na tíre seo. Oíche ar dóigh a bheas ann!
Dé Domhnaigh, cuirfear tús réidh machnamhach leis an lá, agus deis ag lucht na féile an clár teilifíse Rónán ar an Camino a fheiceáil san Amharclann — clár de chuid Waddell Media a lean Rónán Mac Aodha Bhuí ar a aistear féin ar Camino de Santiago i dtuaisceart na Spáinne in 2012. Beidh sé sin ina sheal speisialta machnaimh agus cuimhne ar fhear a d’fhág lorg domhain ar shaol na Gaeilge.
Ansin, cuirfear barr maise ar Dorn San Aer 2026 i dTeach Hiúdaí Beag tráthnóna, le Ceoltóirí as Toraigh ag Súp an Domhnaigh, áit a mbeidh fáilte roimh gach duine amhrán nó dhó a cheol ón Bhíobla ‘Abair Amhrán’, agus ansin suí siar le héisteacht le guth álainn Diane Ní Chanainn agus a cairde. Sin deireadh seachtaine a chríochnóidh go binn blasta, lán le ceol, comhluadar, cairde úra, craic agus croíthe lán.
Deir lucht eagraithe na féile go bhfuil fáilte chroíúil roimh gach duine — idir óg agus aosta, idir chainteoirí líofa, foghlaimeoirí agus chairde na Gaeilge — teacht le chéile leis an chuid is fearr de cheol úr Gaelach na tíre a cheiliúradh. Beidh sé ina fhéile lán fuinnimh, lán ceoil agus lán craic, ach thar aon rud eile, ina hócáid le hómós croíúil a thabhairt do Rónán Mac Aodha Bhuí, an laoch a spreag na mílte.
Tá ticéid agus gach eolas eile faoin fhéile ar fáil ag www.dornsanaer.ie. Mar sin, cuir an dáta sa dialann, tabhair leat do chairde, agus bí réidh: beidh Dorn San Aer 2026 ag ardú meanman, ag ardú gutha agus, gan amhras, ag ardú doirn.
Fág freagra ar 'Dorn San Aer 2026: – deireadh seachtaine mór ceoil agus craic i nGaoth Dobhair'