Tá cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas don “nuálaíocht” atá ar bun i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta timpeall na tíre mar chuid d’obair an choiste nuair a fhillfeadh sé ar a chuid an tseachtain seo chugainn don téarma nua i dTeach Laighean.
Deir an Teachta Dála Shane Moynihan, a ceapadh ina chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag deireadh an téarma seo caite, go mbeidh súil á caitheamh ar na hábhair rialta a thagann os comhair an choiste, cúrsaí gaeloideachais, chearta teanga agus Gaeltachta ina measc, ach go bhfuil sé freisin ag iarraidh díriú orthu siúd atá ar thús cadhnaíochta agus atá ag baint úsáid as an nGaeilge.
“Tá trí rud atá ar intinn agamsa agus a bheas idir lámha ag an gcoiste. Ar an gcéad dul síos beimid ag coinneáil orainn ag déanamh scagadh agus anailíse ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an sprioc go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag 20% d’earcaígh chun na hearnála poiblí. Beimid ag labhairt le ranna rialtais an tseachtain seo chugainn ar an ábhar sin,” a deir Moynihan le Tuairisc.
“Ar an dara dul síos, tá sé i gceist agam díriú isteach ar an nuálaíocht atá ag baint leis an nGaeilge faoi láthair. Is iomaí tionscnamh agus togra atá ag tarlú timpeall na tíre agus tá sé ar intinn agamsa agus ag an gcomhchoiste solas a lonnú orthu siúd agus a thaispeáint go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh cúrsaí nuálaíochta sa Ghaeilge.
“An tríú rud ná plé a dhéanamh ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Tá dréachtráiteas pleanála foilsithe ag an Rialtas agus beidh muidne ag déanamh scagadh air sin agus ag labhairt i dtaobh cúrsaí áitiúil. Tá go leor rudaí maithe sa dréachtráis [pleanála] ach dréachtráiteas atá i gceist agus caithfimid dul i mbun comhairliúcháin le grúpaí ar nós an Conradh, le pobail sa Ghaeltacht agus sin a bheas idir lámha ag an gComhchoiste amach anseo.”
Bhí cúrsaí oideachais á bplé ag an gcoiste go minic sa téarma deireanach agus fillfear ar an ábhar sin agus go háirithe ar cheist an tsoláthair lán-Ghaeilge, a deir an Teachta de chuid Fhianna Fáil.
“Tá sé ráite ag an Taoiseach agus an Aire Calleary nach bhfuil sé i gceist acu siúd bac a chur ar an ghaeloideachas a fhás agus caithfimid ach go háirithe díriú isteach ar an meánoideachais [agus ar an mbealach] sin a dhéanamh. Caithfimid freisin smaoineamh ar bhealaí nuálaíocha conas na gaelcholáistí sin a bhunú,” ar sé.
“Más gá gaelcholáistí nua a bhunú, caithfimid féachaint ar sin ach caithfimid féachaint ar sholáthar meánscolaíochta Gaeilge a chruthú a bheas in ann freagairt ar an éileamh [atá ann]. Tá sonraithe bailithe againn táim ag súil le tuarascáil an tascfhórsa. Nuair atá an eolas sin ar fad againn, tabharfaidh sé sin treoir agus léarscáil dúinn ar cad é an bealach is fearr dúinn gníomhú.”
Dúirt duine de bhaill an tascfhórsa sin, atá bunaithe ag an Roinn Oideachais chun ceist an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge a phlé, an tseachtain seo go dtógfaidh an obair atá ar bun níos faide ná mar a bhí beartaithe. Tá sé i gceist go mbeadh obair an choiste curtha i gcrích faoi dheireadh mhí na Samhna ach dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas nach bhfuil seans ann go mbainfear an spriocdháta sin amach.
Tá an gaeloideachas ina thosaíocht ag roinnt de bhaill eile choiste Gaeilge an Oireachtais, na Teachtaí Shónagh Ní Raghallaigh agus Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin ina measc.
“Tá sé de cheart ag gach páiste oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge agus níl an ceart sin á bhaint amach againn. Caithfidh an rialtas nó mó infheistíochta a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt an Teachta Ní Raghallaigh.
Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil cur chuige na Roinne Oideachais i leith an ghaeloideachais “go hiomlán droim ar ais” agus go bhfuil an baol ann go ndéanfaí tuiilleadh “damáiste” don teanga sa gcóras.
Tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Roderic O’Gorman, freisin den tuairim gur chóir aghaidh a thabhairt ar an easpa soláthair don ghaeloideachas.
Tá an tAcht Teanga agus na caighdeáin teanga a chuirfidh dualgas ar an seirbhís phoiblí seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, ag déanamh imní don Teachta Ó Snodaigh chomh maith.
“Tá an tAcht rite anois ó 2021 agus fós níl na na caighdeáin teanga do na heagrais stáit ar fad foilsithe ag an Aire in ainneoin go leanann siad ar aghaidh ag rá go mbeidh siad foilsithe.”
Deir an Teachta Shane Moynihan go bhfuil tuarascáil faoin chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sa státseirbhís le réiteadh ag an gcoiste roimh an Nollaig
Luaigh Moynihan, Kyne agus an Teachta Dála ó Fhine Gael, Seán Kyne, chomh maith cúrsaí pleanála sa nGaeltacht már ábhar a bhfuil obair le déanamh air.
D’fhoilsigh an rialtas dréachtráiteas náisiúnta pleanála i rith an tsamhraidh ach tá polaiteoirí agus lucht feachtais ag iarraidh go ndéanfaí gnéithe áirithe de a shoiléiriú agus go ndéanfaí gnéithe eile níos láidre.
Deir Kyne go dtuigeann sí go bhfuil imní ann i gConamara mar shampla go ndéanfar cuid de na rialacha atá ann maidir le tithíocht sa nGaeltacht níos laige ach nach dtarlóidh sin agus go gcuirfear rialacha a d’oibrigh i nGaillimh i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta eile ar fud na tíre.
“Tá dréachráiteas pleanála foilsithe ag an rialtas agus beidh muidne ag déanamh scagadh ar sin agus ag labhairt leis na húdaráis áitiúla freisin i dtaobh cúrsaí infreastruchtúir agus bonneagair chomh maith,” a dúirt Shane Moynihan.
Fág freagra ar 'TEACH LAIGHEAN: Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais ag iarraidh díriú ar chúrsaí nuálaíochta sa teanga le linn théarma nua na Dála'