DIALANN TUAIRISC: Gaeilge na bhfealltóirí, ‘spicebag’, le do thoil agus Catherine Connnolly i measc a muintire

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Gaeilge na bhfealltóirí, ‘spicebag’, le do thoil agus Catherine Connnolly i measc a muintire

Uachtarán na nOileán

Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a sheol Féile Ainm Cleite i dTír an Fhia i gCeantar na nOileán an deireadh seachtaine seo caite.

As Inis Bearachain d’athair an uachtaráin agus dúirt sí go mbraitheann sí ag baile i gcónaí nuair a thagann sí anoir ‘an droichead’.

Bhain sí gáire agus bualadh bos mór as an slua nuair a dúirt sí gur bhreá léi fanacht timpeall níos faide, ach go gcaithfeadh sí filleadh ar Bhaile Átha Cliath mar go raibh sí ag bualadh le “duine eile” ar maidin ansin.

Níor luaigh sí ainm uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá ach ba léir gurb é an Trumpach bhí i gceist.

Bhain Uachtarán na hÉireann gáire agus bualadh bos mór eile as an slua ansin nuair a dúirt sí go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go ndéanfadh sí a “cúram mar uachtarán go gairmiúil”.

Rinne an tUachtarán a cúram go slachtmhar an lá dár gcionn ach is ar éigean go raibh sí chomh mór sin ar a suaimhneas is a bhí i measc a muintire an oíche roimhe sin.

Gaeilge na bhfealltóirí is na saoránach

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go mbeidh scrúdú teanga san áireamh sna rialacha nua a bheidh á gcur i bhfeidhm ag an Rialtas i gcás daoine atá ag lorg saoránacht na hÉireann.

De réir na chéad tuairiscí atá cloiste maidir leis an dréachtreachtaíocht a bhaineann le cúrsaí saoránachta, beidh scrúdú i gceist ar inniúlacht i gceann de theangacha oifigiúla an stáit, Gaeilge, Béarla, nó i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann.

An gearr uainn anois é go mbeidh buneolas ar Traitors Ireland ag teastáil freisin ó dhaoine a bheidh ag cur isteach ar shaoránacht Éireannach?

Bhreathnaigh suas le 14% de dhaonra na tíre ar an séasúr nua ó thosaigh sé le coicís anuas. Más le teann FOMO (faitíos roimh chailleadh amach) é nó ag iarraidh éalú ó chúrsaí an tsaoil é, bhreathnaigh suas le 756,000 duine ar gach eagrán den séasúr nua go dtí seo.

Bhí a scrúdú Gaeilge féin ag banríon na bhfealladóirí, Siobhán McSweeney in eagrán a cúig nuair a thug sí liosta focal agus nathanna cainte i nGaeilge do na hiomaitheoirí agus d’iarr sí orthu an t-aistriúchán ceart i mBéarla a phiocadh as liosta roghanna.

Rinne siad go maith ar na ceisteanna, mar gheall ar fhear amháin Pauric O, ceoltóir agus Gaeilgeoir líofa. An raibh na daoine eile ag cóipeáil a chuid obair bhaile? Is críonna an té a déarfadh.

Dá mbeinn ann, bheinn leagtha ag an dara ceist. D’fhiafraigh Siobhan díobh, ‘What does this mean? – Bíonn cluasa ar na ballaí’. Bheinn seolta abhaile acu.

***

‘An féidir liom spicebag a fháil le do thoil?’

Bhí blagálaí bia as Baile Átha Cliath i mbun dúshláin le déanaí agus é ag iarraidh a fháil amach cé chomh héasca is atá sé bia sciobtha a ordú trí Ghaeilge ar an bhfón. Chuir @Nasti_2k tús leis an dúshlán roinnt seachtainí ó shin agus é ag iarraidh leithéidí ‘spicebag’, ‘burgar’ agus ‘vaiféal agus uachtar reoite’ a ordú trí Ghaeilge.

As Baile Átha Cliath é Jonathan Finlay, a dtugtar ‘Nasti’ air ar na hardáin shóisialta, is bíonn sé ag blagáil faoi bhia sciobtha, sacar agus cúrsaí cultúir. Sular thosaigh sé ar an dúshlán is deireanaí leis, bhí cáil air cheana féin as na físeáin spraíúla, ghlóracha faoi bhia sciobtha agus meascáin aisteacha bia a dhéanann sé.

Thosaigh sé ag deireadh mhí Lúnasa ag cur glaonna ar bhialanna gasta áitiúla ag iarraidh bia a ordú trí Ghaeilge agus é ag iarraidh a fháil amach an éireodh leis ordú a chur isteach. Is gearr gur scaipeadh na físeáin go forleathan agus ghnóthaigh an chéad sé fhíseán sa tsraith os cionn 11 milliún amharc ar na meáin shóisialta.

An aidhm atá aige ná glaoch a chur ar bhialanna gasta difriúla gach lá go dtí go dtagann sé ar cheann a ghlacfaidh lena ordú trí Ghaeilge. Tá 21 lá déanta aige agus níor éirigh leis bialann a fháil fós ina dtuigeann an fhoireann Gaeilge. Dúirt dream amháin leis, ‘we speak French here’ agus Finlay ag míniú dóibh gur Gaeilge a bhí á labhairt aige.

Ní thugann sé ainmneacha na mbialann sna físeáin, deir sé nach bhfuil sé ag iarraidh aon droch-cháil a tharraingt orthu.

Is cosúil gur mhol daoine dó sna tráchtanna a ghabháil go Gaillimh agus ordú a dhéanamh i mbialann gasta i nGaillimh. Ach deir Finlay nach é sin atá uaidh, tá sé ag iarraidh a fheiceáil an bhfuil sé in ann an t-ordú a dhéanamh trí Ghaeilge san áit ina bhfuil cónaí air.

Tá na horduithe atá déanta aige go dtí seo ag tarraingt ar na clasaicí sa bhiachlár gasta, leithéidí an ‘spicebag’ (nach bhfuil aon aistriúchán déanta aige air sna físeáin), burgar, agus iasc agus sceallóga. Seo sampla amháin ó na glaonna atá déanta aige.

Bialann: Excuse me?

Blagálaí: An féidir liom spicebag a fháil le do thoil?

Bialann: Listen, I’m not in the mood for jokes today!

An bhfuil aon bhaol ann go gcuirfear ‘spicebag’ isteach sa bhfoclóir Gaeilge mar fhocal iasachta na bliana 2026? Tá leagan néata Gaeilge ann cheana féin, mála spíosraí, dá mbeadh sé ag iarraidh é a chur lena dhúshlán.

Níor éirigh rómhaith leis an bhfear bocht fós, caithfidh go bhfuil sé caillte leis an ocras faoin am seo.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Gaeilge na bhfealltóirí, ‘spicebag’, le do thoil agus Catherine Connnolly i measc a muintire'