Tá Scoil Náisiúnta Ghort an Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall a hathainmniú Scoil Naomh Carlo Acutis, Gort a’ Choirce.
Tá aithne mhór ar Naomh Carlo Acutis mar naomhphátrún an idirlín agus as a chreideamh Caitliceach a scaipeadh ar fud na cruinne ar líne.
Rinneadh Naomh de i mí Mheán Fómhair anuraidh agus bhí sé ar an chéad duine a ainmníodh mar Naomh san Eaglais Chaitliceach ó chasadh na mílaoise.
Dúirt Príomhoide na scoile, Patricia Uí hArlaigh gur “lá mór é” don scoil agus don pharóiste é an Domhnach beag seo agus nár tharla an cinneadh a bhain le hainm na scoile a athrú “thar oíche”.
Dúirt sí gur thug an scoil cuireadh do Antoinette Moynahan ó ‘Children of the Eucharist’ teacht isteach roinnt blianta ó shin, agus gur iarr sí ar phobal na scoile guí ar son Carlos Acutis agus guí go ndéanfaí Naomh de.
“Tá muid ag guí sa scoil go dtarlóidh sé seo le 10 mbliana anuas,” a dúirt sí.
“Nuair a rinneadh Naomh de Carlo Acutis anuraidh, rinne muid cinneadh mar scoil, ainm Naomh Carlo Acutis a chur le hainm na scoile mar gur dóigh deas a bheadh ann onóir a thabhairt dár gcéad Naomh ó chasadh na mílaoise,” a dúirt sí le Tuairisc
Dúirt sí gur “eiseamláir” an naomh do pháistí óga agus gur maith an rud é iarracht a dhéanamh an Eaglais a thabhairt isteach sa “ré nua seo”.
Dúirt sí nár chuir sé as d’aon duine go mbeadh ainm Iodáilise ar an scoil Ghaeltachta.
“Bhí muidne ar cheann de na chéad scoileanna sa Ghaeltacht a fuair aitheantas mar scoil Ghaeltachta, tá muid paiseanta faoinár dteanga dhúchais agus ní bhíonn focal Béarla le cluinstin sa scoil ag am ar bith,” a thug sí le fios.
Déanfar ainm Scoil Náisiúnta Ghort a’ Choirce, mar a thugtaí uirthi le beagnach céad bliain anuas, a athrú go hoifigiúil ag Aifreann Scoil Naomh Carlo Acutis, an Domhnach beag seo i nGort an Choirce.
Beidh an tAifreann á léamh ag an Easpag Niall Ó Colla i dTeach Pobail Chríst Rí, Gort an Choirce.
Beidh taisí Naomh Carlo Acutis ag an aifreann agus beidh an Moinsíneoir Figueiredo i láthair chomh maith as paróiste Assisi, san Iodáil áit a bhfuil tuama Carlo Acutis.
Fág freagra ar 'Ainm an Naomh Carlo Acutis á chur ar Scoil Ghaeltachta'