Curaidh na hÉireann faoi bhrú i gCiarraí, foghlaim na Gaeilge leis an Máistir Tyers

Sa cholún seo, tá scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha againn ó shaol an spóirt

Curaidh na hÉireann faoi bhrú i gCiarraí, foghlaim na Gaeilge leis an Máistir Tyers

Curaidh na hÉireann faoi bhrú i gCiarraí

Níl muid ach ag tús mhí Mheán Fómhair ach tá an crú ar an tairne i gcraobhacha an chontae timpeall na tíre. Tá buaiteoir againn cheana féin i gcraobh shinsir iomána Phort Láirge agus an chreach tugtha leo ag Baile Gunnair den tríú huair déag an deireadh seachtaine seo caite.

Na Déisigh a bhuaigh craobh shinsir na hÉireann ag tús na bliana ach tá dream eile a thug leo craobh na hÉireann mí Eanáir seo caite faoi bhrú an deireadh seachtaine seo agus Cumann Caide na Gaeltachta ag imirt i mbabhtaí dícháilithe chraobh shinsir peile Chiarraí. Bhuaigh fir na Gaeltachta an chéad chluiche acu sa gcraobh nuair a sháraíodar Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge ach, agus gan ach trí fhoireann sa ngrúpa, d’fhág an bua cúig phointe a bhí ag Na Gaeil ar an nGaeltacht cúpla seachtain ó shin go bhfuil curaidh na hÉireann i mbaol an dícháilithe.

Níor mhair an Ghaeltacht ach bliain ag leibhéal na sinsear an uair dheireanach go rabhthar sa bpríomhghrád in 2018 agusis léir arís cé chomh crua is a bhíonn sé i measc na mboc mór sa Ríocht.

Beidh foireann Fhergal Uí Shé ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an Teampall Nua i gcluiche an tSathairn chun teacht slán i ngrád na sinsear ach, fiú má bhíonn an bua ag fir dheisceart Chiarraí, beidh seans eile ag an nGaeltacht agus cluiche ceannais dícháilithe i gcoinne an Spá le himirt ag an dream a chailleann an deireadh seachtaine seo.

I nDún na nGall, imreofar na cluichí deireanacha i mbabhtaí an ghrúpa agus áiteanna sna babhtaí ceathrú ceannais, réamhbhabhtaí ceathrú ceannais agus babhtaí dícháilithe le socrú.

Is é an cluiche idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh an ceann mór agus áit sna babhtaí ceathrú ceannais agus an scíth bhreise uathu. Tá deis go fóill ag Gaoth Dobhair ar cheann de na chéad cheithre háit sin ar an tábla agus Na Cealla Beaga rompu. Tá na Cealla Beaga gan bua théis trí bhabhta ach tá an iomaíocht chomh géar go bhfuil deis go fóill ag gach foireann na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

I gcontae na Mí, beidh Bhulf Tón agus Clann na nGael ag imirt an deireadh seachtaine seo sna craobhacha sinsir agus idirmheánach faoi seach ach táthar tríd cheana féin go dtí na chéad bhabhtaí eile. I Maigh Eo, caithfidh Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar Bhealach an Doirín má tá siad chun áit a fháil i gcluiche ceathrú ceannais ach fiú má dhéanann siad an beart, má bhuann An Cnoc Mór ar Bhréachmhaigh, beidh na trí fhoireann cothrom ar phointí agus dhéanfaí iad a scaradh ar dhifríocht na scór.

Foghlaim leis an Máistir Tyers

Ní minic go mbeadh díol spéise ag Is Mór an Spórt É i seoladh plean teanga ach bhí ábhar machnaimh dúinn sa mhéid a dúradh ag seoladh plean teanga i gcathair Chorcaí an tseachtain seo, nó bhí blúirín a líonfadh bearna ar a laghad ann.

Cuireadh Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí os comhair an phobail Déardaoin agus súil go spreagfaidh sé muintir na cathrach “dul i ngleic leis an teanga ar bhealaí nua agus taitneamhacha”.

I measc na maithe agus na móruaisle a bhí i láthair ag an seoladh bhí Seán Óg Ó hAilpín agus moladh spéisiúil a bhí aige, nach bhfuil luaite sa bplean, a tharraing ár n-aird.

Dúirt Ó hAilpín, a bhí mar chaptaen ar iománaithe Chorcaí a bhuaigh craobh na hÉireann in 2005, gur chóir do dhaoine úsáid a bhaint as an tráchtaireacht spóirt as Gaeilge mar bhealach spraíúil chun an teanga a fhoghlaim.

Dúirt Ó hAilpín go mbaineann sé úsáid as “an cúpla focal” go rialta agus é ag traenáil imreoirí óga a chumainn féin, Na Piarsaigh, i gcathair Chorcaí, ach go raibh an tráchtaireacht Ghaeilge ar chluichí spóirt ina “hacmhainn nach bhfuil á húsáid a dhóthain”.

Tá tráchtaireacht Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á húsáid cheana féin chun cuimhní geala a spreagadh i ndaoine a bhfuil néaltrú orthu. B’fhéidir go bhféadfaí déanamh amhlaidh lena thráchtaireacht i nGaeilge chun tacú le foghlaimeoirí, nó leas a bhaint as  tráchtaireachtaí daoine amhail Maidhc Sé agus Brian Tyers (Corcaíoch agus múinteoir Gaeilge!) le daoine a chur ag foghlaim.

“Is fada an turas é ó Fiji go Corcaigh agus ó Chorcaigh go Páirc an Chróchaigh,” a dúirt Ó hAilpín ar Ardán Uí Ógáin in 2005 ach b’fhéidir nach mbeadh Aistear Teanga™ an fhoghlaimeora chomh fada céanna dá n-éistfí leis.

Fág freagra ar 'Curaidh na hÉireann faoi bhrú i gCiarraí, foghlaim na Gaeilge leis an Máistir Tyers'