IMEACHTAÍ: 38 imeacht éagsúil ar siúl ar Oíche Chultúir 2026 sa Ghaeltacht

Tá an chuid is mó acu feiliúnach do gach aoisghrúpa agus iad ar fad saor in aisce agus á reáchtáil trí Ghaeilge

IMEACHTAÍ: 38 imeacht éagsúil ar siúl ar Oíche Chultúir 2026 sa Ghaeltacht

Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, beidh Oíche Chultúir á ceiliúradh ag pobail Ghaeltachta na hÉireann tráthnóna inniu, an 18 Meán Fómhair 2026. Tá 38 imeacht éagsúil ar siúl i rith Oíche Chultúir 2026 sa Ghaeltacht, agus tá an chuid is mó acu feiliúnach do gach aoisghrúpa. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus á reáchtáil trí Ghaeilge.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i nGaeltacht Thír Chonaill, beidh amhráin agus ceol ó bhaill óga de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le linn oíche shóisialta le Diane Ní Chanainn i Halla na Paróiste i nGort a’ Choirce.

Cuirfear oíche cheoil ar bun sa gCrannóg sna Doirí Beaga, agus ceoltóirí agus amhránaithe ar stáitse ó scoil cheoil na Crannóige ag  tosú ag a 7pm.

Beidh An Crann Óg agus ceoltóirí eile ag cur ceolchoirme ar bun in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an oíche ag tosú ag a 7pm.

Dóibh siúd atá níos óige fós, beidh seisiúin scéalaíochta agus ceardlanna ealaíne cré teaghlaigh ar siúl i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair ag tosú ag 6pm..

Sna himeachtaí a bheidh ar bun i gCúige Mumhan, beidh ceoltóirí óga Chorca Dhuibhne ag seinm sa Díseart, áit a mbeidh dráma gairid Na Cailíní le feiceáil ag 4pm, agus réamhléiriú ar cheoldráma nua le Louise Fox.

I measc na n-imeachtaí eile i gCúige Mumhan beidh ceoltóirí óga Chraobh Lachtain Naofa i gCill na Martra ag déanamh ceiliúradh ar an gceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta i Reilig Ghobnatán i mBaile Bhuirne ag tosú ag 7pm.

Agus beidh Aisteoirí Óga Bhréanainn ar an ardán sa mBádchlós i nDaingean Uí Chúis, ag tosú ag a 7pm freisin.

I gCúige Connacht, beidh ceardlann cócaireachta agus amhránaíochta do dhaoine óga ar bun i bPota Café i mBaile na hAbhann – Ciseog Mhór Fataí – ag tosú ag 4.30pm.

I measc na n-imeachtaí eile, beidh tráthnóna bothántaíochta ar Inis Meáin le Aedín Ní Thiarnaigh, Máirín Mhic Lochlainn agus daoine eile. Cuirfear tús leis an oíche i dTeach Synge ar Inis Meáin  8pm.

Cuirfear oíche airneáin ar bun in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) in Indreabhán. Oíche amhránaíochta ar an sean-nós é Ó Bhéal go Béal ina mbeidh amhránaithe agus ceoltóirí óga an cheantair páirteach faoi stiúir an amhránaí agus ceoltóra Síle Denvir, ag tosú ag 8pm.

Beidh neart ceoil le cloisteáil freisin in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Indreabháin, i Halla an Acadaimh ar an gCeathrú Rua agus in Ionad Pobail Chill Chiaráin.

I gCo. Mhaigh Eo beidh an t-amhránaí John Spillane ar stáitse agus ceoltóirí óga an cheantair ag canadh leis in Áras Inse Gluaire i mBéal an Mhuirthead.

Tá liosta iomláin na n-imeachtaí Gaeltachta le fáil anseo.

 

 

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: 38 imeacht éagsúil ar siúl ar Oíche Chultúir 2026 sa Ghaeltacht'