Cé a cheapfadh é. Ceisteanna faoi thromluí na nóchaidí ‘paráid oráisteach Dhroim Crí’ á gcur ar Phríomh-Aire na Breataine, Andy Burnham, ar a chéad chuairt go Tuaisceart Éireann ó tháinig sé i gcumhacht mí ó shin. Ceistíodh ceannaire an Lucht Oibre maidir le buiséad Stormont ar ndóigh chomh maith le reifreann faoi aontú na hÉireann. Bhí Sinn Féin ar buile nuair a chuir Burnham reifreann faoin teorainn as an áireamh; níorbh iontas é áfach, bhí an freagra céanna tugtha ag a Státrúnaí, Chris Bryant coicís roimhe.
Ba mhó an t-údar míshuaimhnis é Droim Crí a bheith faoi chaibidil arís. Ba í an pharáid Oráisteach ar an gcéad Domhnach de mhí Iúil an mháirseáil ba chonspóidí sa Tuaisceart ó lár na nóchaidí go dtí an mhílaois. Théadh an pharáid ó Phort an Dúnáin amach go Droim Crí ar bhealach neamhchonspóideach ach d’fhilleadh sí go dtín baile mór trí Bhóthar Gharbh Achaidh mar a raibh doicheall rompu ag na háitritheoirí náisiúnacha.
Bhí amanna i mblianta deiridh na nóchaidí nuair ba chosúil go n-imeodh an Tuaisceart ó smacht ar fad, go mbeadh sé do-rialaithe. Sna blianta nuair ba mheasa a bhí círéibeacha faoin bparáid, mharaigh dílseoirí ceathrar, d’ionsaigh náisiúnaithe fórsaí cosanta, gortaíodh na scórtha idir phóilíní agus sibhialtaigh agus scriosadh muinín san RUC a thionlaic an pharáid síos Bóthar Gharbh Achaidh fad is a bhí an pobal náisiúnach gaibhnithe ina dtithe ag póilíní agus saighdiúirí.
Bunaíodh Coimisiún na bParáidí i 1997 agus den chéad uair rialaigh sé i 1998 go gcaithfeadh an mháirseáil filleadh go Port an Dúnáin ar mhalairt slí agus fanacht glan ar Bhóthar Gharbh Achaidh. Mar agóid rinne dílseoirí ionsaí loiscneach ar theach i mBaile Monaidh agus mharaigh triúr gasúr. Mhaolaigh an foréigean i ndiaidh an uafáis sin.
Ó shin i leith rinne Oráistigh Phort an Dúnáin iarratas gach bliain chun a bparáid ar ais go Port an Dúnáin a chríochnú – sé sin cead a fháil a dhul síos Bóthar Gharbh Achaidh. Gach bliain thug an Coimisiún an freagra céanna – téigh ar mhalairt slí. Rinne an tOrd agóid shiombalach gach bliain, thug siad litir do phóilín ag cáineadh an chinnidh. Ghlac móramh leis go raibh an nimh bainte as an gceist agus go ligfí i ndearmad í feasta. Níor thacaigh aontachtaithe ná Oráistigh leis an gCoimisiún ariamh ach go praiticiúil ghlac siad leis.
Botún amaideach a rinne Coimisiún na bParáidí i mbliana faoi ndear an cheist a bheith athmhúscailte. Tháinig sé chun solais gur sháraigh an Coimisiún a chleachtais oifigiúla féin nuair a d’fhógair sé na srianta ar mháirseáil ar Bhóthar Gharbh Achaidh. Ní raibh an leagan oifigiúil den chinneadh faofa ag gach ball den Choimisiún mar is gá; cé go raibh na baill ar fad páirteach sa chinneadh ní raibh fáil ar bheirt chun téacs an rialaithe a fhaomhadh.
Chuaigh ball den Ord Oraisteach i bPort an Dúnáin chun na h Ardchúirte ag iarraidh athbhreithniú breithimh ar an rialú. Ina chinneadh chuir an Breitheamh McAlinden rialú an Choimisiúin ar ceal. Níor chuir sé fiacail ina léirmheas ar chleachtais an Choimisiúin; rinneadh earráidí, tógadh aicearra agus bhí coimisinéirí míchúramach. Ní fhéadfaí a bheith muiníneach as a rialú, ar sé.
Cén fáth a raibh an Coimisiún chomh ciotach sin? Iad éirithe réchúiseach nó mí-éifeachtach? Seans gur shíl siad go nglacfaí lena rialú gan cheist, iad bodhar nó ar nós cuma liom faoin gcaint shíoraí ó roinnt aontachtaithe agus dílseoirí maidir le cathanna cultúir a fhearadh.
Thapaigh na hOráistigh an deis a thug botún an Choimisiúin dóibh. Ba é a bhfreagra ar chinneadh na hArdchúirte gur cheart don gCoimisiún éirí as mar nach mbeadh a gcuid oibre iontaofa. Bhí siad sásta nuair a d’éirigh an Coimisinéir, Billy Gamble, as. Níor léir ar leor sin chun a léiriú don Státrúnaí, Chris Bryant go mbeidh an Coimisiún in ann muinín an phobail a chothú in athuair. Is é an Státrúnaí a cheapann baill an Choimisiúin. Ach an oiread le pobal Bhóthar Gharbh Achaidh is fadhb í an phraiseach seo don Státrúnaí atá fós ag foghlaim faoin Tuaisceart.
Bhí míshuaimhneas follasach i measc an phobail ar Bhóthar Gharbh Achaidh. Cén fáth a mbeadh éinne ag iarraidh filleadh ar na laethanta dorcha bagracha sin, a fiafraíodh. Thug Michelle O’Neill Leasuachtarán Shinn Féin cuairt ar mhuintir an bhóthair, í ag diúltú go neamhbhalbh do pharáid nua ansin.
Ba léir go ndéanfadh na hOráistigh iarratas nua agus go mbeadh an cinneadh conspóideach, aontachtaithe nó náisiúnaithe míshásta, nó an dá dhream b’fhéidir. D’fhéadfaí cainteanna idir an dá thaobh a mholadh; bhí feidhm leis sin in áiteanna eile; i bPort an Dúnáin, cá bhfios.
Níorbh ionann rialú na hArdchúirte agus cead máirseála ar Bhóthar Gharbh Achaidh. Mar sin féin thug sé uchtach agus fuinneamh do lucht tacaíochta na máirseála agus ba léir go mbeidh siad glórach agus gnóthach ina dhiaidh. Maidir leis an gCoimisiún chífimid céard a bheidh i ndán don bhallraíocht reatha – imeacht, briseadh nó feabhsú. Is lú go mór an tábhacht léi sin ná stádas agus saothar Choimisiún na bParáidí as féin. Rinne an Coimisiún obair den scoth le 29 bliain. Bhain sé an nimh as an gconspóid a shracadh an Tuaisceart as a chéile gach samhradh. Ba mhór an feall é an t-éacht sin a chur ar neamhní.
Fág freagra ar 'Droim Crí – ba mhór an feall é an dul chun cinn a ligean le sruth'