IS MÓR AN SPÓRT É: Comórtas Sacair na Gaeltachta, ambasadóir nua, ón Daingean go Brisbane go dtí an Teampall Mór

Sa cholún seo, tá scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha againn ó shaol an spóirt

IS MÓR AN SPÓRT É: Comórtas Sacair na Gaeltachta, ambasadóir nua, ón Daingean go Brisbane go dtí an Teampall Mór

Cathal O’Neill. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Comórtas Sacair na Gaeltachta

Déantar ceiliúradh mór gach samhradh ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ar an gcaoi go dtugtar le chéile muintir na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre don fhéile bhliantúil pheile. Tá súil ann anois a mhacasamhail a chruthú do chúrsaí sacair agus tús á chur le comórtas nua an deireadh seachtaine seo.

Baileoidh na scórtha buachaillí óga ó chósta thiar na hÉireann i gCois Fharraige amárach agus Comórtas Sacair na Gaeltachta le reáchtáil den chéad uair. Glacfaidh sé fhoireann faoi 12 ó Chonamara agus ó Ghaeltacht Mhaigh Eo páirt sa gcomórtas i mbliana.

Is iad Bearna-Na Forbacha Aontaithe, Cois Fharraige, cumann Mhic Dara ón gCeathrú Rua agus West Coast United ó iarthuaisceart Chonamara na foirne as Gaillimh a bheidh ag imirt agus beidh Ruagairí Acla agus Iorras Aontaithe ag teacht anuas thar teorainn ó Mhaigh Eo chun páirt a ghlacadh ann.

Is as síol beag a d’fhás an Comórtas Peile agus deir lucht an Chomórtais Sacair go bhfuil súil acu forbairt a dhéanamh air de réir a chéile agus go mbeidh tuilleadh foirne as contaetha eile ag glacadh páirt. Tá pleananna ar bun cheana féin comórtas do chailíní a reáchtáil an bhliain seo chugainn agus tá sé i gceist go mbeadh an comórtas ag bogadh timpeall gach bliain, mar a bhíonn an ceann peile.

Is i Spórtlann na bhForbacha a chuirfear tús leis an aicsean ag meán lae amárach.

Ambasadóir nua

Agus tairiscintí an CAO fógartha, seachtain mhór a bhí inti dóibh siúd a bheidh ag triall ar an gcoláiste den chéad uair an fómhar seo, ach seachtain mhór a bhí inti chomh maith do chuid díobh siúd a bhí ag cur deireadh lena laethanta ag an tríú leibhéal. Bronnadh a gcuid céimeanna ar 3,000 mac léinn ó Ollscoil Luimnigh an tseachtain seo, an fear a roghnaíodh mar laoch na himeartha i gcluiche ceannais iomána na hÉireann ina measc.

Bronnadh a chéim sa gcorpoideachas agus sa nGaeilge ar Chathal O’Neill, a scóráil 1-4 i gcoinne na Gaillimhe sa gcluiche ceannais agus atá ag tosú ag múineadh i gColáiste Chiaráin i gCromadh sa bhfómhar.

Deir O’Neill gur fear eile a d’imir do Luimneach, Stephen Lavin, a spreag a shuim sa nGaeilge. Bhí Lavin, a d’imir peil agus iomáint don chontae, mar phríomhoide ag O’Neill i Scoil Naomh Iósaf in Áth Dara.

“Spreagadh an-suim sa nGaeilge ionam ag an mbunscoil. Bhí tionchar ar leith ag Stephen Lavin orm maidir leis an nGaeilge agus an múineadh,” a deir O’Neill.

“Mhéadaigh an grá sin don teanga tuilleadh nuair a d’fhreastail mé ar an iarbhunscoil in Ardscoil Rís agus bhí múinteoirí iontacha agam ansin.”

Tá imreoirí ann arbh fhearr leo a gcumas inár dteanga dúchais a choinneáil faoi cheilt ar fhaitíos go mbeadh siad céasta ag lucht na micreafón ó TG4 agus RnaG. Deirtear go mbíonn muintir Chuala ag spochadh as Con O’Callaghan mar go mbíonn sé faoi agallamh ar TG4 chomh minic sin, ach sceith duine de chomrádaithe O’Neill an rún agus a ghaisce i gcluiche ceannais na míosa seo caite á cheiliúradh.

Nuair a iarradh O’Neill chun stáitse ag an ócáid cheiliúrtha chun glacadh le gradam laoch na himeartha, bhéic Gearóid Hegarty aníos air ag iarraidh go ndéanfadh sé an t-agallamh i nGaeilge. Chuir an láithreoir Joanne Cantwell an cheist ar O’Neill an raibh sé ag iarraidh iompú ar an nGaeilge ach níor ghéill sé don bhrú ó Hegarty agus chinn sé leanúint ar aghaidh as Béarla.

Tá an rún scaoilte anois, áfach, agus bí cinnte go bhfuil cuireadh chun glacadh leis an ról mar Ambasadóir na Gaeilge CLG 2027 anois le seoladh chuig O’Neill agus go mbeidh na meáin Ghaeilge, An Pod Spórt ar Tuairisc san áireamh, ina dhiaidh as seo amach.

Ón Daingean go Brisbane go dtí an Teampall Mór

Beidh a fhios ag léitheoirí rialta Tuairisc go mbíonn deacrachtaí ag An Garda Síochána dóthain Gardaí le Gaeilge a earcú ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh ar a laghad Gaeilgeoir amháin eile mar chuid den fhórsa sula i bhfad.

D’fhoilsigh Coláiste na nGardaí físeán ar na meáin shóisialta an tseachtain seo agus fear an Daingin, Deividas Uosis, faoi agallamh. Bheadh aithne acu siúd a leanann cúrsaí spóirt in Éirinn ar Deividas agus gaiscí déanta aige i réimse an spóirt.

Bhuaigh sé boinn uile-Éireann le Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus le mionúir Chiarraí agus é ina chúl báire ar fhoireann na Ríochta a thug an chraobh leo in 2017. Is ag imirt don Phobalscoil a bhí Deividas nuair a tharraing sé aird foirne AFL agus lean sé gaiscíoch óg eile ón Daingean, Mark O’Connor, anonn agus dhá bhliain caite aige leis na Brisbane Lions.

Tá sé fillte ar Éirinn na laethanta seo áfach agus súil anois aige a bheith ina Gharda. Deir Deividas go bhfuil an-tacaíocht faighte aige óna theaghlach agus go bhfuil uncail leis sna póilíní sa Liotuáin agus gur póilín a bhí ina athair freisin sula raibh air éirí as de bharr gortaithe.

Cé gur ar ais in Éirinn atá Deividas, níl deireadh leis an taisteal. Is ag imirt peile le Clann na Bann i gcontae an Dúin atá sé faoi láthair agus é tugtha isteach ar phainéal an chontae don chraobh.

Fág freagra ar 'IS MÓR AN SPÓRT É: Comórtas Sacair na Gaeltachta, ambasadóir nua, ón Daingean go Brisbane go dtí an Teampall Mór'