Troy Parrott agus Don Patricio – Baile Átha Cliathaigh Real Betis

Déanfaidh Troy Parrott go maith sa Spáinn má sháraíonn sé an cháil atá ar Éireannach eile ina measc siúd i Sevilla a thugann a ndílseacht do chlub na cosmhuintire

Troy Parrott agus Don Patricio – Baile Átha Cliathaigh Real Betis

Is beag duine sa tír nach seolfadh a bheannacht chuig Troy Parrott agus fear Bhleá Cliath ag tabhairt faoi thréimhse nua ina shaol leis an bhfoireann Real Betis i Sevilla i bhfíordheisceart na Spáinne.

Ní call a fhiafraí cén fáth.

Trí ráithe ó shin agus misneach lucht leanta sacair in Éirinn níos laige ná a bhí ariamh, tháinig foireann na Portaingéile chun na tíre seo agus an chuma ar an scéal nach raibh le déanamh acu ach rith amach ar Pháirc an Aviva le háit a bhaint amach i mbabhtaí ceannais an Domhain 2026.

Ní mba thairngreacht gan bhunús a bhí inti.

Ba sa chúigiú háit ar liosta fiúntais na cruinne a bhí na cuairteoirí, an fhoireann bhaile os cionn 50 áit faoina bhun sin. Ceann amháin de na 6 cinn de chluichí a bhí imeartha acu go dtí sin anuraidh a bhí buaite acu, ceann gágach eile freisin in 2024 agus ba ar Ghiobráltar amháin a fuair foireann seo na hÉireann an bua sna hocht gcluiche cáilithe i gCraobh na hEorpa a d’imir siad in 2023.

Ní raibh aon slánú i ndán dóibh ba chosúil – bhí bua ag teastáil in aghaidh na Portaingéile agus sna sála ar sin an éadáil chéanna a dhéanamh leis an Ungáir i mBúdapeist.

Sula raibh leath ama sroichte san Aviva, bhí dhá chúl scóráilte ag Parrott. Trí lá dár gcionn sa Puskás Aréna fuair sé cúl as cic éirice luath san imirt, ach bhí a fhoireann chun deiridh (1-2) agus 80 nóiméad caite. Ní hamháin gur aimsigh sé an comhscór, ach scóráil sé cúl an bhua sular séideadh an fheadóg dheireanach

Sa gcluiche cáilithe cinniúnach in aghaidh na Seice ag deireadh an Mhárta seo caite ba é Troy a chuir Éire chun cinn agus nuair a tháinig ciceanna éirice i gceist faoi dheireadh agus na foirne ar comhscór, ba é ba thúisce a chroith an eangach.

Faraor ina dhiaidh sin, chinn ar Finn Azaz agus ar Alan Browne sin a dhéanamh agus séanadh áit i mbabhtaí ceannais an chomórtais sna Státaí ar Éirinn.

Is féidir a rá nach ba as féin a thug Parrott ar ais an aeraíl agus an giodamas nár facthas ó aimsir Jack Charlton agus Olé, Olé. Sin ráite is cinnte nach mbeadh a leithéid tarlaithe dá uireasa. Dá bharr beidh áit faoi leith aige i stair sacair na tíre seo go deo.

An séasúr seo caite scóráil Parrott 30 cúl do AZ Alkmaar na hÍsiltíre agus b’in an fáth ar cheannaigh Real Betis é. Beidh i bhfad níos mó airgid á shaothrú aige leosan, ach is léir nach mba í sin an chloch ba mhó ar a phaidrín nuair a shínigh sé conradh cúig bliana leo.

Dá mba ea, ba é geansaí West Ham a bheadh sé a chaitheamh na laethanta seo. Bhí siadsan freisin ar a thóir agus pá 50% níos mó aige dá nglacfadh sé lena dtairiscint siúd.

Agus é ag déanamh a chríonnachta, is cinnte gur chuir Parrott san áireamh go bhfuil stádas an Premiership caillte anois ag West Ham. Muna ndéanfaidh siad a mbealach ar ais ansiúd go scafánta, tiocfaidh titim ollmhór ar a gcuid ioncaim.

As cearta craolta agus airgead eile a théann leis, faigheann foirne an Premiership idir £109 milliún agus £198 milliún sa mbliain, ag brath ar an áit ina mbíonn siad ar an tábla ag deireadh an tséasúir.

Dá fhad agus a fhanann leithéidí West Ham lasmuigh den ghrád is airde, laghdóidh a dteacht isteach – mura mbeidh siad fillte faoi 2029 cuir i gcás, beidh siad taobh le tuairim £20 milliún.

Ní theastaíonn aon teastas ó Scoil Ghnó Harvard lena mbeidh i gceist leis sin a thomhas.

Ar an dara dul síos tá taithí ag Parrott ar na blianta a chaith sé i Londain le Tottenham agus le Millwall. Tharlódh gur shocraigh sé go mb’fhearr leis áit éicint eile.

Sa mullach ar an méid sin ar fad, beidh Real Betis i Sraith na Seaimpíní an séasúr seo, rud nach mbeidh West Ham. De réir mar socraíodh arú inné beidh na Spáinnigh in aon ghrúpa le Arsenal, Bayern München, Porto agus Feyenoord.

Agus é ag leagan amach a bhfuil roimhe sa tslí bheatha atá roghnaithe aige cén peileadóir óg, géarchúiseach a thabharfadh tús áite do chluichí sa Carabao Cup nó in aghaidh Lincoln City sa Championship ar dheis imeartha in aghaidh phlúr imreoirí na hEorpa?

Is beag deis seadaithe atá faighte ag Parrott ó shínigh sé a chonradh. Chuaigh sé i mbun traenála láithreach. Ba é a gcluiche in aghaidh Levante in Valencia Dé Máirt an tríú cluiche ag Betis i La Liga an séasúr seo.

Níor imir Troy sa gceann ba thúisce in aghaidh Real Sociedad, a bhuaigh siad 1-0, ach san oíche Dé Máirt seo caite bhí lámh aige sa gcúl a thug an bua dóibh in aghaidh Valencia. Gheobhaidh sé blaiseadh de cheann de chomhraic mhóra La Liga Dé hAoine seo ag teacht nuair a thiocfaidh Real Madrid go Betis.

Cheana féin feicim ardú 300% ar eitiltí as Éirinn go Sevilla an deireadh seachtaine sin.

Go hiondúil is idir €30 agus €90 a chosnaíonn cead isteach ag na cluichí a imríonn Betis ag baile, ach nuair is ‘Cluiche ar Ardéileamh’ a bhíonn i gceist mar a bheas Dé hAoine, bí ag súil leis an gcineál ardú praghas céanna agus atá ar na heitiltí.

Orthu sin freisin beidh na cluichí in aghaidh Barcelona, Atlético Madrid, Bilbao agus, ar ndóigh, san El Gran Derbi i gcoinne a ndeargnamhad Sevilla, lena mbídís i bpáirt go dtáinig 1917.

Ar ámharaí an tsaoil déanfaidh Troy Parrott go maith má sháraíonn sé an cháil atá ar Éireannach eile ina measc siúd i Sevilla a thugann a ndílseacht do chlub na cosmhuintire.

Viva el Betis manque piedra (‘Saol fada ag Betis, bídís buacach nó caillteach’) an mana atá acu agus ní gan údar sin roghnaithe. Ó 1971 i leith leis féin, tá siad gaibhte in airde naoi n-uaire agus tite i ngrád seacht n-uaire.

Aon uair amháin ariamh a bhuaigh siad La Liga. Ba i 1935 a tharla sin agus an gcreidfeá gur i bhfoisceacht 20 nóiméád siúil don áit a tógadh Parrott i Sráid Buckingham, faoi scáth Pháirc an Chrócaigh, a tógadh freisin an fear a bhí ina bhainisteoir orthu an uair sin.

Patrick O’Connell an t-ainm a bhí air agus ba níos gaire fós do cheannáras CLG a tógadh é siúd, in Ascaill Fitzroy, ceann de na lánaí beaga sin ar chúl Ardán Uí Ógáin a thugann amach ar Bhóthar Mhic Sheoin tú.

‘Don Patricio’ a bhaist na Spáinnigh air agus is beag duine i stair sacair na tíre sin gur mó í a cháil. Tá mé ag dul amú nó bhí trácht air cheana ar an suíomh seo.

Sa mbliain 1877 a saolaíodh é. D’imir sé d’Éirinn agus ba é an chéad duine as an tír sin a bhí ina chaptaen ar Manchester United.

Ba le foireann iomráiteach Belfast Celtic a chuir sé tús lena chuid imeartha (1905) agus tá múrphictiúr dó ar Bhóthar na Carraige Báine in iarthar na cathrach sin. Déantar é a chomóradh chuile bhliain le linn Fhéile an Phobail.

Ach ba as a ndearna sé i mbun bainistíochta nuair a chuaigh sé chun na Spáinne atá clú agus cáil ansiúd air.

Ní bréag a rá gur shábháil sé FC Barcelona ón mbás freisin.

A ghaiscí le Betis a d’fhág gur thairg siadsan post dó mar bhainisteoir i 1936, ach ní mba fada ina bhun sin é nuair a thosaigh Cogadh Carthartha na Spáinne. Chealaigh réimeas Franco cuntais bhainc an chlub, dhúnmharaigh lucht a leanta a n-uachtarán agus bhíodar nach mór scriosta.

Tairgeadh do Mhac Uí Chonaill go bhféadfadh sé filleadh ar Bhleá Cliath, rud a dhiúltaigh sé. Ina áit sin d’eagraigh sé turais foirne go Meicsiceo agus chun na Stát Aontaithe agus thuill oiread airgid astu agus a choinnigh ag imeacht iad go raibh an cogadh thart. I ngan fhios seoladh an t-airgead chuig cuntais rúnda i bPáras.

Ina dhiaidh sin arís d’fhill El Patricio ar Andalucia, an uair seo mar bhainisteoir ar Sevilla.

Fágadh beo bocht é i Sasana i ndeireadh a shaoil agus ar bhás dó i 1959, ba in uaigh na mbocht a cuireadh é.

Timpeall 10 mbliana ó shin chuir Barcelona tús le feachtas a mba é a chuspóir an t-ómós agus an urraim a bhí tuillte aige a thaispeáint do Patrick O’Connell. Tá dealbh anois in airde dó sa gclub agus leacht ar a uaigh.

Fág freagra ar 'Troy Parrott agus Don Patricio – Baile Átha Cliathaigh Real Betis'