Údar spreagtha ó na comharsana ag Paul Geaney agus fir an Daingin

Má éiríonn le Paul Geaney greim a fháil ar Chorn Mhig Uidhir Dé Domhnaigh, beidh sé ar an gcaptaen is sine ag Ciarraí a d’ardaigh an corn, agus tógadh é cúpla céad slat ón bhfear ab óige a rinne an gaisce

Údar spreagtha ó na comharsana ag Paul Geaney agus fir an Daingin

Tá cleachtadh maith faighte ag Paul Geaney le bliain anuas ar chéimeanna a dhreapadh agus coirn a ardú.

D’fhág bliain bhisiúil an Daingin gur chroch Geaney leis Corn an Easpaig Uí Mhuineacháin (Craobh an Chontae), Corn Uí Chonchúir (Craobh na Mumhan) agus Corn Uí Mhuireagáin (Craobh na hÉireann) roimh dheireadh mhí Eanáir agus an corn atá anois ainmnithe in ómós dá athair céile, Corn Pháidí Uí Shé, tugtha leis aige agus Craobh na Mumhan buaite ag Ciarraí mí Bealtaine.

Beidh Geaney, muintir an Daingin agus muintir na Ríochta ag súil go bhfuil dreapadh amháin eile le déanamh aige agus óráid amháin eile le tabhairt uaidh aige agus cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo rompu an Domhnach beag seo.

Ní bhíonn ort i bhfad a chaitheamh i gcomhluadar na gCiarraíoch sula gcloisfidh tú caint ar stair agus ar thraidisiún na caide sa Ríocht ach tá léargas le fáil i gcluiche ceannais an Domhnaigh ar an gceangal a bhíonn ann go minic idir na seanlaochra agus imreoirí an lae inniu agus an chaoi go mbíonn an stair shaibhir sin fite fuaite le gaiscí na linne seo.

Tá Geaney, atá ag imirt le foireann shinsir Chiarraí ó 2013, ag iarraidh a cheathrú bonn uile-Éireann a bhuachan leis an gcontae agus más é a bheidh ag glacadh le Corn Mhig Uidhir ar an nDomhnach, beidh sé ar an bhfear is sine a ardóidh Chorn Mhig Uidhir mar chaptaen ar Chiarraí agus é 35 bliain d’aois.

Suimiúil go leor, rugadh an captaen ab óige a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann le Ciarraí cúpla céad slat suas an bóthar ó thigh Geaney i lár bhaile an Daingin, sin é Tom ‘Gega’ O’Connor, a saolaíodh an mhí chéanna le Geaney ach 72 bliain roimhe, Samhain 1918.

Ní raibh Gega ach 20 bliain d’aois nuair a bhuaigh Ciarraí ar chontae na Mí i gcluiche ceannais 1939. Ní raibh Gega in ainm a bheith ina chaptaen an lá úd agus an onóir tugtha d’fhear eile ón Daingean, Seán Brosnan. Buaileadh an Brosnachánach tinn roimh an gcluiche ceannais áfach agus ba é Gega a d’ardaigh Sam.

Foireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 1939. Tá Tom ‘Gega’ O’Connor chun tosaigh uile. Tá Bill Dillon ar leathghlúin taobh thiar dó, an tríú duine ó chlé. Pictiúr: CLG Dhaingean Uí Chúis

Mar a bheidh i gceist do chluiche ceannais na bliana seo, bhí geansaithe ar mhalairt dathanna ag teastáil ó cheann de na foirne i 1939. Mar a d’inis Joe Ó Muircheartaigh in alt san Irish Examiner in 2019, bhí bord an chontae ag iarraidh go gcaithfeadh Ciarraí geansaithe gorma na Mumhan ach dúradh nach n-imreodh imreoirí an Daingin mura mbeadh dathanna an chumainn, curaidh an chontae ag an am, á gcaitheamh. Ba chuma leo, is léir, gur do Chorcaigh a rinneadh na geansaithe sin ar dtús.

Ghéill bord an chontae agus ba i ngeansaithe dearg agus bán an Daingin a bhí Gega nuair a d’ardaigh sé craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, mar a bhí Paul féin ag tús na bliana seo nuair a bhuaigh an cumann craobh shinsir na gclubanna.

Seanuncail le col ceathrair Paul, Mikey, is ea Gega. Beidh col ceathrair eile le Paul ag imirt Dé Domhnaigh, Dylan Geaney. Tá gaol ag Dylan féin le captaen buacach eile a bhí ag Ciarraí mar is é Thady O’Gorman ó Thrá Lí, a bhí ina chaptaen ar an gcéad fhoireann ón Ríocht a bhuaigh Chraobh Shinsir Peile na hÉireann thiar i 1903, a shin-sin-seanathair.

Dhá bhliain tar éis do Gega Corn Mhig Uidhir a ardú, fear eile ón Daingean, Bill Dillon, a bhí ina chaptaen agus an tríú craobh as a chéile buaite ag Ciarraí i 1941 ach tá muintir an bhaile ag fanacht ó shin go n-ardódh duine dá gcuid féin an corn. D’fhéadfadh go mbeadh deireadh leis an bhfanacht Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Údar spreagtha ó na comharsana ag Paul Geaney agus fir an Daingin'